Corpus of Electronic Texts Edition
Aoibhinn duit, a dhuine dhoill (Author: unknown)
p.36
- 1] Aoibhinn duit, a dhuine dhoill!
2] saoth liom gan t'aineamh orainn;
3] do b'fhearr tocht fám radharc ruinn;
4] socht óm amharc ní fhaghaim.
- 5] Dá n-iarrainn, níor-bh'fheirrde dhamh,
6] bheith slán dá héis ní iarrabh;
7] mairg dár cinneadh, a Dhé dhil,
8] silleadh an té rom-theimhligh.
- 9] Tárfás damh, ní dheachaidh leam,
10] inghean ro b'iongnadh inneall;
11] troigh sheangfhaobhrach do mhear mé,
12] gearrshaoghlach fear a feithmhe!
- 13] Ní i ndóigh nách muirfeadh mé,
14] truagh nách tig aoinfheacht oile
15] (ní do tharbha dhí ná dhamh)
16] ón adhbha i mbí do bhunadh.
- 17] Ruisg nách mairbhe meise féin,
18] glór meirbh nách mairbhe iaidséin,
19] na hiolfhaobhair ler mharbh mé,
20] arm ionaonaigh, dom aithne.
p.37
- 21] Aithreach damh (ní doiligh linn!),
22] meisde mh'óidh agus mh'inntinn,
23] ar dtonn bháite, ar n-adhart olc,
24] an radharc cráite ad-chonnarc.
- 25] Mairg don mharbhthóir do mharbh mé,
26] leis nách truagh mar tú tríthe
27] im throich bhí a haithle mh'anma;
28] ro shní mh'aithne is mh'urlabhra.