Corpus of Electronic Texts Edition
'Sí mo ghrádh (Author: unknown)
p.25
- 1] 'Sí mo ghrádh,
2] an bhean is mó bhíos dom chrádh;
3] annsa í óm dhéanamh tinn
4] ná an bhean do-ghéanadh sinn slán.
- 5] 'Sí mo shearc
6] bean nár fhágaibh ionnam neart,
7] bean nách léigfeadh im dhiaidh och,
8] bean nách cuirfeadh cloch im leacht.
p.26
- 9] 'Sí mo stór
10] bean an ruisg uaine mar phór,
11] bean nách cuirfeadh lámh fám chionn,
12] bean nách luighfeadh liom ar ór.
- 13] 'Sí mo rún
14] bean nách innseann éinní dhún,
15] bean nách cloiseann ní fán ngréin,
16] bean nách déin (orm) silleadh súl.
- 17] Mór mo chás,
18] iongna a fhad go bhfaghaim bás;
19] an bhean nách tiubhradh taobh liom,
20] dar mo mhionn, isí mo ghrádh.