Corpus of Electronic Texts Edition
Ná bí dom buaidhreadh, a bhean (Author: unknown)

p.24

  1. 1] Ná bí dom buaidhreadh, a bhean,
    2] cuiream d'aontaoibh ar n-aigneadh,
    3] tú mo chéile i gClár na bhFionn,
    4] lámh tar a chéile cuiream.

  2. p.25

  3. 5] Cuir an béal ar snuadh na subh
    6] rem béal, a chneas mar chubhar;
    7] sín an ghéag chneasaolta chorr
    8] tar mhéad th'easaonta oram.
  4. 9] Ná bí níos foide, a shéimh sheang,
    10] gan bheith tairise im thimcheall;
    11] leig id chuilt, a mhínsheang, mé,
    12] síneam ar gcuirp re chéile.
  5. 13] Mar do thréigeas, a thaobh slim,
    14] ortsa gach aoinbhean d'Éirinn,
    15] a dhéineamh más éidir ann,
    16] tréigidh gach éinfhear oram.
  6. 17] Mar do dháileas dod dhéad gheal
    18] an toil nách éidir d'áireamh,
    19] cóir a dháil damhsa mar so,
    20] bhar n-annsa, sa cháil chéadna.