Corpus of Electronic Texts Edition
Féach orm, a inghean Eóghain (Author: Ó Géaráin)
p.20
- 1] Féach orm, a inghean Eóghain;
2] mé ón éag-sa aithbheódhaigh,
3] cidh ní is doidhéanta dhíbh sin,
4] a roiréalta shídh shoilbhir.
- 5] Ná bí mar chách im choinne,
6] féach dár-íribh orainne,
7] (ní hé gurb infhéachta ar ndreach)
8] a bhé chinéalta chráibhtheach.
- 9] Is fada an tréimhse a-tú sonn,
10] gan aire ag aonmhnaoi oram;
11] a mhian slóigh bhastana Bhreagh
12] fóir mh'easbadha is mh'éigean.
- 13] Muna bhfóirthear led dhreich nduinn
14] gach anbhuain dá bhfuil orainn,
15] dul fá chriaidh is críoch dom cheas;
16] ní fríoth ó liaigh mo leigheas.
p.21
- 17] Córaide leigheas mo luit,
18] do thréigeas gach ógh ordhraic
19] ort, gér bh'fhoiréadmhar le cách,
20] a fholt foighéagach fionnbhláth.
- 21] Díbhse bhós, a bhriathar nár,
22] do radas toil is tromghrádh,
23] gér chúis anbhuaine a dháil duit,
24] a bhanGhuaire Chláir Chormaic.
- 25] Coimhéad mo chroidhe le a chois
26] tug mé dhuitse le díoghrais;
27] 's an uair do b'fhéidir a dháil,
28] uaibh níor bh'fhéidir a fhagháil.
- 29] Is mar sin fós, tar gach fear,
30] (ní hiongnadh mé dá mhaoidheamh)
31] ag cur do chlú tar sál soir
32] a-tú, is fá Chlár Chobhthaigh.
- 33] Do léigeamar a-rís ruibh
34] tar ógmhnáibh Inse Tuathail
35] rún nár nochtamar do neach,
36] a chúl foltramhar fáinneach.
- 37] A los ina ndearna dhuid
38] fóirthear ribh tráth mo threabhlaid;
39] 's í uair an éigeantais so,
40] a stuaigh ghéiggealtais ghrianda.
- 41] Cuir arís le tromghrádh te
42] do lámha i gcoinne a chéile,
43] a chraobh fhionn-sa ara gnáth gean,
44] 'na bhfonnsa tráth im thimcheal.
p.22
- 45] Le póig badh milse ná mil
46] sín chugam i n-áit uaignigh,
47] a chiabh fhionnfholtach éan gcruinn,
48] an béal bionnfhoclach balsaim.
- 49] Tabhair arís led bhais bháin
50] fásgadh docht ar mo dheasláimh;
51] fág rian do ghlainmheóir im ghlaic
52] dom aimhdheóin, a fhial ordhraic.
- 53] Do rosg chomh réidh re gluine
54] tógaibh gan fhios d'aonduine,
55] a chúl réidh tioghchladhach trom,
56] 's féagh go friochnamhach oram.
- 57] Do bheith mar sin badh bádhach,
58] is bheith soilbhir soghrádhach,
59] fán toirmisgthe tráth ar ndoigh;
60] soibhriste snáth ar saoghail.
- 61] Ós bás do-gheabhad go grod,
62] so amháin a n-iarraim orad,
63] (tú féin ag an éag badh crádh)
64] ná féag do sgéimh id sgáthán.
- 65] Sul mhealla sé sinn ar-aon,
66] ná féach ar an bhfolt bhfionnchlaon:
67] lugha sgéal duine ná dís,
68] a ghluine mar néimh nuaighrís.
- 69] Mar sin fós, is cian ro clos,
70] sgéal neamhghnáth ar Narcissus,
71] an fear ba sgiamhaighe sgéimh,
72] fiadhaidhe na bhfeadh bhfoiltréidh.
p.23
- 73] Ar ngabháil dó (dia do bhail)
74] lá éigin le taobh tobair,
75] do dhearc san tsruth nár shearbh sreabh
76] a chruth, a dhealbh, 's a dhéineamh.
- 77] Tug sé grádh fíochmhar folaigh
78] go baothchroidheach banamhail
79] dá ghnúis fhinnmhíolla féin,
80] gur chúis dimbríogha doiséin.
- 81] A sgáth féin do mhill an mac;
82] do bhí bhós agá iomlat,
83] go dtug bás dó, mar deirthear;
84] gá mó cás dá gcuimhnighthear?
- 85] Ná mealltar sibhse mar sin,
86] ort féin go fírghlic foiligh,
87] a fhionnfholtach is séimh socht,
88] do sgéimh iongantach éadrocht.
- 89] Do dhá chích comhbhán re laogh,
90] foiligh iad, a bhas bharrchaol,
91] 's an dearc úr mharbhrosgach mhall,
92] 's an cúl gaibhleasgach géagcham.
- 93] Foiligh fós an béal mar shuibh,
94] 's an dá ghruaidh mar ghréin tsamhraidh,
95] barr na gcraobh bhfíthe bhfeactha,
96] 's an taobh síthe soineanta.
- 97] Choidhche arís ná féach orra,
98] glaca míne méarchorra,
99] troigh ghealmhálla is trácht buinn,
100] sál is seangmhálla séaghainn.
p.24
- 101] Muna dtí dot áilleacht féin
102] do bhuaidhreadh, a gheal ghnúisréidh,
103] do chách ní sobhuainte ruibh,
104] dobhuailte gach áth oraibh.
- 105] Dá mealltá re silleadh súl
106] fir Éireann, a chiabh chladhúr,
107] mo-nuar! ní soimheallta sibh,
108] a stuagh shoineanta shoilbhir.
- 109] Usaide dhíbh, a dhreach nár,
110] goid mo chroidhe óm cheartlár,
111] ón ngoid cidh gearrshaoghlach mé,
112] neambaoghlach doid a ndlighe.
- 113] A-tá an tuath go léir ruibh;
114] 's dá mbeadh aonduine it aghaidh,
115] ní duit nách compánach cill,
116] a chruit tiompánach théidbhinn.
- 117] Tug uait aiseag mo chridhe,
118] a ghnúis álainn ainglidhe,
119] a ré fhíornár ghorm mar ghloin,
120] is orm re fíorghrádh féachaidh!