Corpus of Electronic Texts Edition
I mbrat an bhrollaigh ghil-se (Author: Fearchar Ó Maoilchiaráin)
p.18
- 1] I mbrat an bhrollaigh ghil-se
2] ní bhiadh an dealg droighin-se,
3] dá mbeith, a Mhór bhéildearg bhinn,
4] an éindealg d'ór i nÉirinn.
- 5] San mbrat-sa níor chóir do chur
6] acht dealg d'fhionndruine uasal,
7] nó dealg iongantach d'ór cheard,
8] a Mhór bhionnfhoclach bhéildearg.
- 9] A fholt lag ar lí an ómra,
10] a chur id bhrat bhreacórdha,
11] a stuaigh chobhsaidh nár chealg fear,
12] níor chosmhail dealg don droighean.
- 13] Níor churtha, a chnú mo chroidhe,
14] id bhrat eangach iolbhuidhe,
15] a ghruaidh dhearg do-ghéabhadh geall,
16] acht dealg do-ghéanadh Gaibhneann.
- 17] A ghruadh chorcra do char mé,
18] gan dealg óir acht an uair-se
19] ar feadh na huaire, a ghlac ghlan,
20] do bhrat uaine do b'annamh.