Corpus of Electronic Texts Edition
A bhean fuair an falachán (Author: Unknown)

p.17

  1. 1] A bhean fuair an falachán,
    2] do-chiú ar fud do chiabh snáithmhín
    3] ní as a bhfuighthear achmhasán
    4] d'fholt Absolóin mhic Dháivídh.
  2. 5] Atá ar do chéibh chleachtsholais
    6] ealta chuach i gceas naoidhean;
    7] ní labhraid an ealta-soin,
    8] 's do bhuaidhir sí gach aoinfhear.
  3. 9] Do bharr fáinneach fionnfhada
    10] roichidh fád rosgaibh áille,
    11] na ruisg corra criostalta
    12] go mbíd 'na gclochaibh fáinne.
  4. 13] Maise nua do thógbhais-se,
    14] gibé tír as a dtáinig, —
    15] do lámh gan idh órdaighthe
    16] is céad fáinne fád bhráighid.
  5. 17] Do chas an cúl tláthbhuidhe
    18] timcheall an mhuinéil dírigh:
    19] iomdha idh fón mbrághaid-sin, —
    20] is brágha í dá-ríribh!