Corpus of Electronic Texts Edition
Tuirseach sin, a mhacaoimh mná (Author: Laoiseach Mac an Bhaird)
p.14
- 1] Tuirseach sin, a mhacaoimh mná!
2] do bheith dubhach níor ghnáth leat;
3] a los h'innmhe i measg do ghaoil,
4] 's iongnadh liom do mhaoith, a bhean.
- 5] Gibé heile is damhna dhuit,
6] ní mheasaim go bhfuil ar h'óidh
7] éinneach romhad dá bhfuair bás;
8] nocha dtuigim fáth do bhróin.
- 9] H'osna luath, do labhairt mhall,
10] is cosmhail ribhse, a bharr síodh,
11] gur imthigh ní éigin ort,
12] ag sin do chruth ar ndol díot.
p.15
- 13] Do-chím gur chlaochló a niamh,
14] an ghruaidh thibhreach, an chiabh thiogh,
15] an troigh réidh, an bhrágha bhán;
16] cosmhail go dtugais grádh d'fhior.
- 17] Fear ar talmhain dár char tú
18] ná ceil orm, a chúl na sreabh;
19] ná fulaing níos foide i bpéin,
20] dá madh mise féin an fear.
- 21] Cead suirghe do-gheabhthá uam,
22] a bhéal tana ar snuadh na subh:
23] do thuigfinn do bheith i bpéin,
24] do bhí mise féin id chruth.
- 25] An grádh baoth-sin tugais damh
26] dá bhfeasainn ort, a bhas shlim,
27] san mbruid sin ní léigfinn tú;
28] truagh nár léigis do rún rinn.
- 29] Má tá go dtugais grádh dhamh,
30] fá a chur chugam ná gabh sgáth;
31] beag dhligheas an náire dhíot;
32] aithne dhamh mar bhíos an grádh.
- 33] Caith oram, a urla fiar,
34] badh leat gach ní i mbia do chuid;
35] mo bhréagadh red bhruinne bhán
36] ca fios nách bhfuil i ndán duit?
- 37] Tar ghuidhe mná is docair dul;
38] bí dom aslach, a chruth fial,
39] gan fios nách dtiucfadh an uair
40] ina bhfuightheá uaim do mhian.
p.16
- 41] Ní beag dhuit ar léigis thort,
42] tréig h'aithmhéala, nocht do rún,
43] druid anall, ná bí mar soin,
44] féach an cruth-soin i bhfoil tú!