Corpus of Electronic Texts Edition
Beag linn ar mbeannacht don mbás (Author: Unknown)
p.13
- 1] Beag linn ar mbeannacht don mbás;
2] ní diomdhach dhe mar chách mé;
3] fada go mbeinn-se ar a gcor,
4] an drong chaoineas fod a ré.
- 5] Más fíor nách maireann acht sinn,
6] is tuirseach damhsa linn féin;
7] mór an mhaidhm-se tug an grádh;
8] duine ar n-imtheacht a hár mé!
- 9] Forgla a bhfaicim-se do chách
10] isé a marthain is cás leó;
11] ní duine eatarra sein
12] gibé do thairgfeadh bheith beó.
- 13] Cuid dá maoidheann bheith re bás
14] aithne dhamhsa mar tád sin;
15] ar ghrádh Chríost ná habraid é,
16] is mairg ina méinn is-tigh.
- 17] Duine beó dá rádh nách mair,
18] (och, a Mhuire!) is ait an sgeól;
19] do-chluinim daoine ag dul d'éag
20] 's badh bheag an sgéal a mbeith beó.
- 21] Níor hadhlacadh a leath sin,
22] an mhéad dá dtugadh ris bás;
23] truagh a gcuirthear air do bhréig;
24] atá flaitheas Dé ag an ngrádh.
p.14
- 25] Go gcead dá gcluanaireacht féin,
26] na fir sin théid d'éag don ghrádh,
27] fiarfaigh dhíobh an deimhin leó
28] nách bhfuigheadh duine beó mná.
- 29] Gach peannaid bhréige 'na mbíd
30] gach iomlat leamh do-ní siad,
31] a bhean bhog, do mheallfadh súd
32] go madh measa thú ná Dia.
- 33] An mhéad ghoireas ar an mbás
34] (gion gurb é a n-olc ar gcás tinn),
35] dá dtige fó ghairm na bhfear,
36] ar mbeannacht leó ní beag linn.