Corpus of Electronic Texts Edition
Aghaidh gach droichsgéil a-mach (Author: Unknown)

p.11

  1. 1] Aghaidh gach droichsgéil a-mach!
    2] ní chuala mé cath ba mó
    3] ná a bhfuil ag éag leis an ngrádh;
    4] is iongnadh dhúinn mar tám beó.
  2. 5] Taom grádha do mhnaoi fán ngréin
    6] ní thugas féin, feirrde liom,
    7] 's nocha dtiubhar go dtí an bás;
    8] ní beag leam cách ina ghioll.

  3. p.12

  4. 9] Na fir-se ag dul d'éag don ghrádh
    10] fúigfid siad na mná dá n-éis;
    11] eadamair éistfidhear rinn
    12] muna bhé beó acht sinn féin.
  5. 13] Na fir shuairce-se théid d'éag,
    14] mé an t-aon do chéad gan dul leó;
    15] a Chríost, créad fá bhfaghainn bás
    16] 's go bhfaghthar mná is anmhain beó?
  6. 17] An lucht so atá uaibh i bpéin,
    18] más fíor dóibh féin, i riocht mhairbh,
    19] léigid míle cnead is uch,
    20] a Dhé, go dtí an guth fón ngairm.
  7. 21] Na daoithe nár pheacaigh riamh,
    22] (uch, a Mhuire!) a chiabh na gclann,
    23] is mairg duitse atá dá mbreódh,
    24] bíodh gur cuma a mbeó nó a marbh.

  8. p.11

  9. 25] A Mhic Muire, nách ait dúinn
    26] iad ag seargadh súil re bás?
    27] mo thruaighe daoithe na nduadh,
    28] 's nách aithnid dóibh fuath ná grádh.
  10. 29] Daoine ag magadh fútha féin,
    30] dá rádh go mbíd i bpéin bháis,
    31] dá bhagar go rachaid d'éag, —
    32] iongnadh an gléas meallta ar mhnáibh.
  11. 33] Créad fá gcreidfinn duine féin
    34] dá rádha riom go dtéid d'éag,
    35] 's nách tig claochlódh ar a chruth?
    36] Fear, a Chríost, ar lucht na mbréag!