Corpus of Electronic Texts Edition
Neimhthinn an galar é an grádh (Author: Cúchonnacht Ó Cléirigh)
p.10
- 1] Neimhthinn an galar é an grádh,
2] bréag a ráidhid cách dá thaoibh;
3] éinneach riamh ní raibhe slán
4] ag nách raibhe grádh do mhnaoi.
- 5] Grádh mná 'gá bhfuilim i láimh,
6] ní bhiam tríd ag dáil na ndeór;
7] is fada ó do-ghéabhainn bás,
8] acht an grádh dom chongbháil beó.
- 9] Do chongaibh mé m'fheóil is m'fhuil
10] do ghrádh ainnre an chuirp mar ghéis;
11] ithim mórán, do-ním suan,
12] in gach ceól is buan mo spéis.
- 13] Moille mé ná crann re sruth;
14] atá mo ghuth ar mo bhreith;
15] dá mbeidís bruit Leithe Cuinn
16] fá mo dhruim, do bheith sé te.
- 17] Is teó an teine ná mo chneas,
18] dá mbeinn fá eas do bheinn fuar;
19] dá ndeacha duine seang slán,
20] do-ghéabha mé bás go luath.
- 21] Toramsa do thiocfadh téad,
22] is fliche mo bhéal ná an sponc,
23] dar fia! ní íobhainn an loch,
24] is cruaidhe cloch ná mo bholg.
p.11
- 25] Aithnim nách oidhche an lá,
26] aithnim an bád tar an luing,
27] aithnim an dubh tar an mbán,
28] tar a bhfuil do ghrádh fám thuinn.
- 29] Aithnim nách capall an fiadh,
30] aithnim nách é an sliabh an mhuir,
31] aithnim an beag tar an mór,
32] aithnim nách é an rón an chuil.
- 33] Cuid do dheireadh báid ós tuinn
34] is seacht gcuill ar nách bíd cna,
35] an t-ainm fá bhfuilim i mbroid;
36] is aon do sgoil bheanfas as.
- 37] Aoinbhean is annsa fán ghréin,
38] ní bhia mé níos sia dá cheilt
39] ní rug a grádh uaim mo chonn;
40] dar an Rígh, ní holl mo neimh!