Corpus of Electronic Texts Edition
Do-bhéaram seal re saobhnós (Author: Laoiseach Mac an Bhaird)

p.7

  1. 1] Do-bhéaram seal re saobhnós,
    2] ní bhiam re baothghlór banda;
    3] na mná dhíobh ba díol tola
    4] ní hiad a-nosa is annsa.
  2. 5] Acht gidh iad na mná sgiamhdha
    6] is mó iarrthar le fearaibh,
    7] isí an bhean díobh badh Gráinne
    8] badh sáimhe liom im leabaidh.
  3. 9] Agam dá mbeadh an bhantracht,
    10] mná Alban is mná Sagsan,
    11] do b'fhearr liom beagán páirte
    12] ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca.
  4. 13] Bheith gan choirce gan chruithneacht
    14] beag do thuigeas gur bh'easbhaidh;
    15] ní ionnta do bhí ar gcáisne,
    16] acht bheith gan Ghráinne is eagail.
  5. 17] Níor cheist oram dá ndéineadh
    18] goid nó éigean ó dtiocfainn;
    19] mo mhallacht ar m'fhear páirte
    20] nár fhágaibh Gráinne im iothlainn.

  6. p.8

  7. 21] Bean is Gráinne don bhantracht,
    22] bheith 'na hannsa ni shéanfam;
    23] tug sí mo chiall ar claochlódh, —
    24] seal re saobhnós do-bhéaram!