Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg adeir olc ris na mnáibh (Author: Earl Gerard Fitzgerald)
p.4
- 1] Mairg adeir olc ris na mnáibh!
2] bheith dá n-éagnach ní dáil chruinn,
3] a bhfuaradar do ghuth riamh
4] dom aithne ní hiad do thuill.
- 5] Binn a mbriathra, gasta a nglór,
6] aicme rerab mór mo bháidh;
7] a gcáineadh is mairg nár loc;
8] mairg adeir olc ris na mnáibh.
- 9] Ní dhéanaid fionghal ná feall,
10] ná ní ar a mbeith grainc ná gráin;
11] ní sháraighid cill ná clog;
12] mairg adeir olc ris na mnáibh.
- 13] Ní tháinig riamh acht ó mhnaoi
14] easbag ná rí (dearbhtha an dáil),
15] ná priomhfháidh ar nách biadh locht;
16] mairg adeir olc ris na mnáibh.
- 17] Agá gcroidhe bhíos a ngeall;
18] ionmhain leó duine seang slán,
19] fada go ngeabhdaois a chol;
20] mairg adeir olc ris na mnáibh.
- 21] Duine arsaidh leathan liath
22] ní hé a mian dul 'na dháil;
23] annsa leó an buinneán óg bocht;
24] mairg adeir olc ris na mnáibh!