Corpus of Electronic Texts Edition
Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle (Author: Unknown)
- 1] Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle,
2] imthigh go grod, ná gabh sgís
3] gan dol d'fhéaghain chinn ar ccoimhghe:
4] fill ré sgéulaibh oirne arís.
- 5] Beir leat úaim go hoighre Domhnaill
6] díoghrais bríathar a mbía brígh:
7] tabhair aghaidh a ttáoibh thola
8] ar chráoibh taraidh fhola hÚr.
- 9] Aithin meisi do Mhac Carthaigh,
10] ná ceil air a n-abair mé:
11] mo bheith mar tám cuir 'na chlúasoibh,
12] as nár dá fhuil úasail é.
- 13] Ba ná capuill, ór ná airgiod,
14] ní fhuil agam, innis só:
15] labhair agus déana deinmne,
16] tabhair sgéula deimhne dhó.
p.201
- 17] Crúacha as muca d'easbaidh oram,
18] ní hé amháin do ísligh m'úaill:
19] ceachtar dhíbh ní fhoil ar m'fhagháil,
20] mar soin do shín m'anáir úaim.
- 21] Mé táoibh rém ealadhuin d'ionnmhus,
22] aithnidh damh nach drud ré sdór:
23] gé beag ag cách í fan úairsi,
24] do bhí tráth nárbh úaisle an t-ór.
- 25] Duit budh béim mo bheith ar éattráigh,
26] a úa Carthaigh nár chláon cairt;
27] beir oirne má táoi rém thógbháil,
28] a oighre chráoi fhódbháin Airt.
- 29] Cuir a suim nách mé do mharcach,
30] a mheic Domhnaill nár dhiúlt cléir:
31] mé tar chách do-chóidh amugha,
32] is tráth ó chóir dá chura a ccéill.
- 33] Tabhairt éra ar áoinneach eile
34] ní heól úaibh gá hairde nós?
35] béim ar do bhronnadh ní foghar,
36] acht th'ollamh féin folamh fós.
- 37] Tríall ar éigsibh na ccóig ccóigeadh
38] ad cheann, a chodhnaigh Chúain Dor;
39] lór ar fhéaghadh é mar iongna
40] mé um éanar fa dhiomdha ag dol.
- 41] An galar tromsa ina dtarla,
42] tráth a leighis ná léig thort;
43] a chnúas géag Oilill as Fhíachaidh,
44] féag an bfoilim d'fhíachaibh ort.
- 45] A reacaire, foillsigh feasda
46] fada an rún do-rinneas ríamh:
47] druid romham go ceann ó cCairbre,
48] as romhall leam thairge tríall. Tríall.