Corpus of Electronic Texts Edition
Ní mhairenn oighre Murchaidh (Author: Unknown)
- 1] Ní mhairenn oighre Murchaidh
2] mór cumthair dona brégaibh
3] dá maradh ní bheith choidhche
4] lá go n-oidhche inar n-égmais.
- 5] Ag techt chugainn as uainne
6] do bhíoth daoine uaisle oile;
7] ag techt chugainn is chugainn
8] do bhíoth m'fher cumainn croidhe.
- 9] Créd dhénuid muinnter Dhálaigh
10] ón mbás-soin dá ttí an cogadh?
11] fa meinic laodh mo chroidhe
12] ós cenn m'fhine dá cosnamh.
- 13] Fa dhó sa ló dar bféghuin,
14] an té fa ndénuim osnadh,
15] do thigedh sé go bádhach
16] ó Áoibh Rátha go Brosnuigh.
- 17] Do-chuaidh Diarmuid, mo thruaighe,
18] fúinne a bhfuaire nár bhrethnuigh:
19] ní thig sé chugainn choidhche
20] acht ocht n-oidhche sa tsechtmhuin.
p.192
- 21] Diarmuid tar éis a éuga,
22] a fhir dhénta na huaidhe,
23] ná bí dá chur a dtalmhuin,
24] ní gar dhó anmhuin uainne. Ní.