Corpus of Electronic Texts Edition
Eiderchomhrádh sunn ag Donnchad mac Briain
et Mac Coisi (Author: Unknown)
p.187
Eiderchomhrádh Sunn Ag Donnchad Mac Briain
Et Mac Coisi
- 1] Freccair meisi, a Meic Coisi
2] Cia as eolcha anáid anoisi?
3] innis, a Ioraird nach uis,
4] cia rí as fhírferr dá n-úarais.
- 5] Coiscc díom, a gille, a meic Briain.
6] ná cuir mesi so móirghliaidh
7] ní bhér breth dá ccuire im chenn
8] eidir ardfhlathaibh Érend.
- 9] Do fhiarfaigh díomsa an flaith féin
10] mar do fhiarfaighis, a fhir fhéil,
11] ca hédáil, ca maith as mó
12] dá bfuair ollamh i n-énló.
- 13] As edh do ráidhesa ris,
14] re Maíl Sechlainn Sléibhe Mis,
15] gurb í édáil Torna thiar
16] ó Chorc mac Luigdech láimhfhial.
- 17] Tucc míle bó dona búaibh,
18] is an céd each as fherr fhuair,
19] is cúicc tríocha céd dá ccrodh,
20] eidir fhér ocus arbhor.
- 21] Do-radadh dó trian Temhra
22] ó bile láomdha Lemhna;
23] do-rad dó, 's nír chomha cert,
24] cisde a athar i n-éinfhecht.
- 25] Ná háirimh ar Chorc na ccliar,
26] gé do-bheradh toir is tiar,
27] giodh hí Banba na broide
28] no dháiledh dá dheghoide.
- 29] Gen gur tú rom thóccaib féin,
30] a Meic Coisi, a ollaimh fhél,
31] ag súd Banbha re bliadhain
32] duit, ar ó Néill Noíghiallaigh.
- 33] Éiricch co Temhraigh na ttréd,
34] mar a tá mo shelbadh sét:
35] caith bliadhain ón oidhche anocht
36] i ccennus Érenn na n-ardphort.
- 37] Tair chuccam i ccend bliadhna
38] co hÁth Cliath, do réir riaghla,
39] co n-órdaigher, ní lescc lem,
40] duit th'ollamhnacht is t'ferann.
- 41] Ní hé sin do-rindes ris,
42] re Maoil Sechlainn Slébhe Mis:
43] tuccus cath, gér chláon céille,
44] do fhlaith Temhra táoibhréidhe.
- 45] Tarla mé aghaid i n-acchaid
46] isin cath is flaith Feabhail:
47] sáithim sleigh, is nír chiall chruind,
48] i Máol sográdhach Sechluinn.
- 49] Do impó an áitheheis nár mín,
50] is tumais a herluinn rem tháoibh
51] rob é sin, gan chor 'na chend,
52] féicce heinicch na hÉirenn.
- 53] Acc sin, a Donnchad meic Briain
54] an sccél do chuir mé i moirchiaigh
55] oinech mar sin tall it toigh
56] má tá agatt féin, freccoir.Freccair.