Corpus of Electronic Texts Edition
Ar bhás Eochaidh Hí Eóghusa aliis cecinit (Author: Unknown)

  1. 1] Fogus orchra don éigsi:

    2] gá ttás cur ré coiméidsi?

    3] do bhean sí céill do chabhuir;

    4] ní réidh í ó orchradhaibh.

  2. 5] Ar n-éigsi as neimhní annosa,

    6] dá ttí tásg Hí Eódhusa;

    7] sgeing na haithmhéile dí is dloigh,

    8] fá bainchéile í d'Eochaidh.

  3. 9] An cádhus do chleacht idir

    10] ionnsa a dhul a ndímhigin:

    11] gar léan a dínsighthi dhi,

    12] nél a híslighthi uaisdi.

  4. 13] Do-rad dó tar gach nduine

    14] sgaith a heóil 'sa hionmhuine,

    15] nó gur léigsi agus lúdh ann

    16] glún na héigse dá altram.

  5. p.184


  6. 17] Léir ar ghnaoi a ghréasa annosa

    18] seinmhéin doilbhthe an dánasa

    19] ann 'na breólasair gur bhruinn,

    20] tall don eólasoin urruinn.

  7. 21] Do-chuaidh tré screaptraibh na sgol,

    22] fuair fréamha eóil na n-ughdor:

    23] dual mórthuireadh uainn don fhior,

    24] fuair an órthuidhean fhileadh.

  8. 25] Cnú na ccollsa ó bhfaghthaoi fios

    26] fá dhlaoi do-fhuair an t-éigios;

    27] ó ros boing ceas dona cnaibh,

    28] na croinn lé meas ag meabhsain.

  9. 29] Coimhdheas chumus an file

    30] bucca an bhéarla theibidhe,

    31] 'sna fuighle dorcha 'na dhán,

    32] a chuimhne ortha is iomshlán.

  10. 33] Tig 'na cheann, ní cungnamh slim,

    34] óradh ughdar an léighinn,

    35] 'na dhán as-teach go ttabhair;

    36] dál na mbeach a bharamhail.

  11. 37] Na beich ó bhruach gach oirir

    38] teaguid leó dá lóntoighibh

    39] sugh na sgoth mbreachtnoighthe mbog

    40] 's bleachttoirthe na gcloch gcadott.

  12. 41] Maca samhla dár seise,

    42] níor fháguibh don éigsesi

    43] (breith a ghill uaidh ní homhan)

    44] tim ná cruaidh gan chuartoghadh.

  13. p.185


  14. 45] Na hoideadha as ollmha a bhfios

    46] as é éirnios a n-ainchios;

    47] earr ár ttagraine asé sin,

    48] a-dlé abdhuine uaisdibh.

  15. 49] Uathadh do chách ar nach cuir

    50] an teidhmsi ag tinnmhe an olluimh:

    51] créad acht goin chló tré chroidhe,

    52] doigh as mó lé millfidhe?

  16. 53] Mo chumhasa fá a chruth nár

    54] as imneadh bó fá a baothán:

    55] brón go séis síreachta soin—

    56] am dhílleachta d'éis Eochaidh.

  17. 57] An éigse do-chuaidh dá cuing,

    58] munab slán mac Maoil Sheachluinn:

    59] neach dá léim níor saoileadh so,

    60] aoinfhear don chléir ní charfo.
  18. Fogus.