Corpus of Electronic Texts Edition
Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas (Author: Unknown)
p.170
- 1] Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas,
2] agad atá teach an ríogh:
3] as tú fréamha is bláth an bhile,
4] adéara cách dlighi a dhíol.
- 5] Agad do fhágaibh a láithreach,
6] leat gach lúireach leat gach séad,
7] a áit a luirg 's a chloidhmhe corra
8] dhuit 's a fhoirne donna déad.
- 9] Leat slabhraidh cáola con t'athar,
10] gach arg cumhdaigh ar do chuid,
11] a thoighi 's a cháin gan chomhroinn,
12] táin is groighe Dhomhnuill duid.
p.171
- 13] Agad do fhágaibh gá thiomna
14] gach teach ó Mhuile go Maoil;
15] leat a longa uadh, a Aonghais,
16] a stuagh Droma craobhghlais Chaoin.
- 17] Leat a oiriocht 's a eich lúatha,
18] leat a bhíataigh gan bhúain díot:
19] as tú an mac as ceann dar gcathuibh,
20] as lat ar gheall h'athair d'íoc.
- 21] Adaimh go ndlighi díol mh'éicsi,
22] a onchú Banna, a bharr nocht:
23] gabh sgél eile mona admha,
24] do-bhér th'eire d'agra ort.
- 25] Tnúth leamsa édáil na n-ollamh
26] úait, a leómhain Locha Cé:
27] gá fios an tnúth cáir, a chara,
28] do mhúch gráin an mhara mé.
- 29] Coire dhá Ruadh, a rí Túama,
30] atá eadroinn, eagail linn,
31] Coire Bhreacán blagh dar gconair,
32] do ghabh creatán omhain inn.
- 33] Ní lugha as cás Coire Bhreacáin
34] do bheith romhainn, a rí Ceóil:
35] a úabhar an tann as teasbhach
36] ag sdúaghadh crann seasmhach seóil.
- 37] Canaim ar omhan an anfaidh,
38] a fhir Chola charuid mná,
39] tar an gcúan go hÁonghas Íle
40] trúagh nach áonfhras tíre atá.
- 41] An dara cos 'gá cur romhum,
42] a rí Leódhais, isin luing,
43] an dara troigh thíar ré taca,
44] ag tríall soir, a dhata dhuinn.
p.172
- 45] Dobadh olc meisi ar mhuir ngáibhthigh
46] do ghabháil ráimhe, a rosg gorm
47] bím ar abhainn chiúin ar creathaibh,
48] mar ghabhuim sdiúir eathair orm.
- 49] Gá córughadh budh cóir orum
50] ní fhedar ré ttocht tar tuinn:
51] ní fheadar an budh fhearr suidhe,
52] eagal leam luighi san luing.
- 53] As é mo ghreim ghabhuim chugum
54] chongmhas an loing, a fhlaith Fáil:
55] go nach brisi tolg na tuinne,
56] misi is bord na luingi um láimh.
- 57] Fiarfaighthior 'nar fearann dúthaigh
58] dénamh na loingi, a fhlaith Gall:
59] ní mór as léir as don fhairrgi
60] don thsléibh chas as airde ann.
- 61] Dámadh tír go turgbháil gréini,
62] gáibhthighi leam dar do láimh,
63] a bhfuil, a Áonghais, go hAlbain
64] do mhuir bhráonghlais bhalgaigh bháin.
- 65] Targuidh h'athair, áobhdha an brégadh,
66] mo bhreith um luighi 'na luing:
67] peall fúinn ó Albain go hÉirinn
68] targuidh dúinn ó céibhfinn Cuinn.
- 69] Mo ghoid as gan a fhios agum
70] do fhóbair rí na rosg ngorm
71] cealg ro cogradh 'gon mhór mhíolla
72] codladh íar n-ól fhíona orm.
p.173
- 73] Miosguis leam na láoidheng seólta,
74] slat do luingi nochar lúb:
75] a mheic Domhnaill a Céis Cairrgi,
76] do ghéis tonndruim fairrgi fúd.
- 77] Bualadh cladaidh, creacha minca,
78] mían libhsi ar an luchtsa thall:
79] meinic ón linnsi lán fala
80] lámh re hInnsi glana Gall.
- 81] Tánaguis a ttimchiol Éirionn;
82] uathadh tráigh nach ttugais bhú:
83] seoltar lat longbhárca leabhra,
84] dobhránta, a shlat Teamhra, thú.
- 85] Do Loch Fheabhail, d'Iorras Domhnann,
86] dírioch úaibh a hInnsibh Gall:
87] caladh Iorruis, is fúar fíre,
88] do fhionnais slúagh Íle ann.
- 89] Sluagh Íle leat láimh lé hÁroinn,
90] d'fios a lámhaigh go Loch Con:
91] bearar 'gon tslúagh fhinnsin Íle
92] búar a hInnsibh míne Modh.
- 93] Corcum-rúadh ráinig bhur gcobhlach
94] Corca Baisginn ar a brú:
95] Ó Bhun Gaillmhi go Cúil gCnámha
96] maighre súir gach trágha thú.
- 97] [Oighre] Manannain mac Domhnaill
98] fá Dhun Balair do bhí a throid:
99] [ó] ttánuic, a shlat gheal Ghabhra,
100] an mac do bhean Banbha a broid.
p.174
- 101] As úaibh táinig Colum Cille
102] afar gcabhair thairis fo thrí:
103] fir Éirionn do dhíol an dúainsi,
104] léighionn do shíol úaibhsi í.
- 105] Bhar seanathair síol gColla
106] Coirbre Lifiochair, laoch Mis:
107] do bhás uí Chuinn catha Gabhra
108] druim ratha Banbha do bhris.
- 109] Turcuill, Íomhair, agus Amhláoimh
110] iomad, a láoich Locha Ríach,
111] tonn bhrátha an talmhan ar troimnimh,
112] damhradh Atha coillghil Clíath.
- 113] Clanna Somhuirle, síol nGofraidh,
114] ór ghin tú, nár thaisigh bhú,
115] a lubhghort cuir, a chráobh abhla,
116] sáor gach fuil ó a ttarla thú.
- 117] Síol gCeallaigh iomad a hÉirinn,
118] Oirghiallaigh a hInnsibh Líag,
119] na cráobha caibhniosa ad-chluine,
120] do thaidhliossa uile íad.
- 121] Ní fhuil a nÉrinn ná a nAlbain
122] Aonghas mar thusa, a tháobh seang:
123] Aonghais fháid bhráonghlais an Bhrogha,
124] láid, a Aonghais, comha ad cheann.