Corpus of Electronic Texts Edition
Cara agus cascara in fhearg (Author: Unknown)

p.167

  1. 1] Cara agus eascara in fhearg,
    2] maith is saith dúsgadh díbhearg:
    3] ga hobar dhíbh nach doiligh?
    4] sídh is cogadh cumhdoighidh.
  2. 5] Gnáth ar ttosach ag teacht di
    6] fuaradh carad fa chéili.
    7] a bruth go ttabhuir a theas,
    8] guth 'na haghuidh ní háineas.
  3. 9] Gidh eadh, ní turnamh toile
    10] fearg an aosa hionmhoine:
    11] 'na dheaghuidh as daingne a ngrádh,
    12] deadhuil chaingne na ccumpán.
  4. 13] Ar bfearg anois dá nós sin
    14] re Máire inghean Még Uidhir:
    15] créd sin acht snadhmadh andsa?
    16] mo chin d'adhnadh m'iodhlannsa.
  5. 17] Do báidheadh grís ar ngoimhe,
    18] táinig teas ar n-ionmhoine:
    19] d'éis ar ndíbheirge is teó ar ttoil,
    20] breó ar bhfírfheirge ros fuaraigh.
  6. 21] Ar bhfearg mhór ní mór a suim,
    22] mairg do loitfeadh láimh eadruinn:
    23] budh roidheithnios gráidh ar ngoimh,
    24] táir ar gcoimheighthios cogoidh.
  7. 25] Comhrádh leanb ar luaidheadh thrín,
    26] cluiche is gáire ar nglór eissídh,
    27] focal coirmdhighe thrá ar ttreas,
    28] ar lá oirbhire is áineas.
  8. 29] Ní bheanfa aimhleas no olc
    30] ormsa inghean Con Connocht,
    31] gnúis charthonach gan chailg n-aor,
    32] ón marthonach mairg macaomh.
  9. 33] A gnúis bhláith go mbriocht toile,
    34] cáruid cholpthadh sneachtoidhe,
    35] tuar maithmhighe a silleadh so,
    36] filleadh ainchridhe ionnto.
  10. 37] Banfhlaith shíl gColla dá Chrích,
    38] turnadh cáich re hucht n-eisíth,
    39] dreach édána is uille bladh,
    40] buime ar n-égcára d'iomchar.

    Cara agus eascara.