Corpus of Electronic Texts Edition
Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais (Author: Unknown)
- 1] Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais,
2] ionnsuigh Fódla na bhfonn sídh:
3] dod dearc úaine ní tráth tathaimh,
4] a shnáth úaime Achaidh Úr.
- 5] Cian le hÉirinn an fheóir mhilis,
6] a mheic Aonghuis adhnas goil,
7] fad do chadail a gCeann Tíre
8] eang abaigh fán míne moir.
- 9] Gabh do bhrosdadh, ná bí ad chodladh,
10] cabhair Óle, a earla nocht,
11] tabhair thíarain do Thoigh Fhéilim
12] iarraidh soir ag Éirinn ort.
- 13] Ná déna thoir tathamh súaimhneach,
14] ar sén tturais tríall a le:
15] d'úaim na ríghi gabh do ghormlainn,
16] sgar re hÓle ttonnmhoill dte.
- 17] Mosgail th'aigneadh, eirg ad lúireach,
18] ná léig codladh, a chruth fial,
19] do ríoghraidh choirmthinn chláir Óle;
20] cáir oirchill na ríghi ríamh.
- 21] Beir ar chraoisigh na gcáor neimhe,
22] nocht do bhrataigh 'na biasd sróill:
23] menic sein a bfeidhm dá féghain
24] beir ar fheilm an énaigh óir.
p.163
- 25] Toir ar deaghuair, a dhreach áilghin,
26] eirg san Iobhraigh nár airg chill:
27] cuir ar an dtuinn an mbáirc mbréidghil
28] do dhruim an tráicht éignigh fhinn.
- 29] Cuir an siothbháirc ar sén úaire,
30] a ua Colla chorcras thír,
31] ó chalaidh, a hucht an Athar,
32] tabhair ucht ar Achadh Úr.
- 33] Bí ar do choimhéad ar chath nDanar;
34] do dháil chuice, a chíabh na ndrong,
35] do-chualaidh críoch fhionnchorr Éirionn:
36] bíoth ad thiomchall léibhionn long.
- 37] Aithnidh d'Éirinn, giodh iúl fada
38] Fionn mac Cumhaill do chan súd
39] do bheith tar sál ar thí teachta;
40] Clár Dá Thí ar an eachtra úd.
- 41] Ar do leithéid, lór dod mhaoidheamh,
42] mac Cumhaill na gcraoisioch ndonn,
43] feacht n-aon do labhair a Laighnibh,
44] craobh tharaidh do thairrngir tonn.
- 45] Laithi a nAlmhain na n-eas ttirmgheal
46] do thairrngir Fionn, fíor an sdair,
47] go ngébdais Danair Clár Criomhthain;
48] glár falaigh ní hionchuir air.
- 49] 'Beid Gaoidhil a nglasaibh Danar,'
50] adubhairt Fionn, folt na gcorn;
51] 'líonfuid Saxain ar fheadh nÉireann,
52] gasruidh mear na ngéibhionn ngorm.'
- 53] 'An bhfuil choidhche', do chan Oisín,
54] 'ar fhóir nDanar, día do ghúais,
55] fortacht a ndán d'inis Eachaidh,
56] clár milis go gceathaibh cnúais?'
p.164
- 57] Do ráidh Fionn ag freagra dh'Oisín,
58] 'D'furtacht Gaoidheal na ngleó mear
59] tiocfa cabhlach tar sál sreabhruadh
60] go Clár n-abhlach mbeannbhúan mBreagh.
- 61] 'Fóirfidh Fódla', ar Fionnmhac Cumhaill,
62] 'ar chathuibh cniocht chleachtus gúais,
63] maicne bhus orra re héachtuibh,
64] aicme Cholla éachtaigh Uais.'
- 65] 'Cia dá gcreidfid', do chan Oisín,
66] 'an ealta churadh cholg sídh,
67] anoirin a ttráigh mar thríallfuid
68] do shoighin Chláir íathbhuig Úr?'
- 69] Gég díobh féin', ar Fionnmhac Cumhaill,
70] 'creidfid dó, ní damhna bróin:
71] as fáoi chláonfas Fine Féilim,
72] bile sháorfas Éirinn óigh.'
- 73] Ar Fionn, 'D'furtacht Innsi Banbha
74] bíaidh íar n-uair, nochan iúl claon,
75] rí dhíbh féine ar chloinn na gColla,
76] croinn réidhe nach orra áor.
- 77] Fionn mac Cumhaill nár char máoine,
78] a mheic Aonghuis fhuilngios frais,
79] do chlú níor úaisligh gan adhbhar;
80] tú an úairsin do labhradh lais.
- 81] Cuir a gcrích ar chan an fáidhsin,
82] fóil ar Bhanbha na mbrogh bfionn,
83] ná dearg a ghruaidh um Ghort Éibhir
84] ort do lúaidh an féinnidh Fionn.
- 85] A Shémais, a shúil le flaithios,
86] fóir a hAlbain na n-eas mbinn
87] ar Bhóinn ttrédghlain na dtrágh sídhe;
88] ná brégnaigh glár fíre Finn.
p.165
- 89] Ná brégnaidh briathra na ndeighfhear,
90] ar do dhearc bhós ná bíoth sgís;
91] nél ríogh ós do chionn do-cíthear;
92] do-chíodh Fionn as Fítheal fís.
- 93] Ná brégnaigh Flaithrí fúair creideamh,
94] ná Cathbhaidh dár chreidsiod rígh:
95] ná héiligh Flann Fíona an file,
96] a chrann díona Thighi an Trír.
- 97] A Shémais, a sheabhaic Bóinne
98] ná brégnaigh choidhche, cúis tnúidh,
99] díoghrais glóir Chormaic ná Chiothruaidh
100] fá Bhóinn n-orrdhraic n-iothbhuain n-úir.
- 101] Deacair thrá, gé tám dod bhrosdadh,
102] dod bhais leabhair lingios chrích,
103] a mhúr clíachdha Chláir Logha,
104] briathra cáigh do chora a gcrích.
- 105] Deacair duit trá tabhairt th'aire
106] d'Éirinn uile, a earla nocht:
107] ó's dá rádh lé frosMhagh bFiachaidh
108] cosnamh dhá chlár d'fiachaibh ort.
- 109] Deacair duitsi a ndídion uile,
110] imle Banna ar bhaidhreadh cáigh,
111] is ceann Tíre is dlúthghort Doire,
112] Úle is úrphort Mhoighi Máil.
- 113] Críoch Bhanbha na mbuinne líggeal,
114] is leath Alban, ní hiúl clé,
115] do chairt ag labhra ar áon ortha,
116] a chráobh abhla Tholcha Té.
- 117] Deacair duitsi dol dá maithiomh,
118] 's as mór ndochar dod dhreich mhín
119] an dá íath d'ionnramh ré roile
120] a sgiath biodhbhadh Thoighe an Trír.
p.166
- 121] A Shémuis, a shearc na n-áoigheadh,
122] a eó Duibhlinni, a dhearc mhall,
123] a mhír cruadha dár fháomh Úle,
124] a cháor bhúadha an tíre thall.
- 125] A chéim romhat, a rinn ghábhaidh,
126] a ghrádh einigh, a fhúath séad,
127] a dhortadh cru, a omhain áoigheadh,
128] a chnú thoraidh Ghaoidheal nGrég.
- 129] A bhláth cumhra Chloinne Domhnaill,
130] a dhamh dealbhach Innsi Fáil,
131] a láogh na hoighi ó íadh Muile,
132] a ghrian sgoile Mhuighe Máil.
- 133] AShémuis mheardha mheic Aonghuis
134] fhóirfios Banbha, bean Dá Thí,
135] Ar Bhóinn ghrianaigh na bfeadh bfionnghlan
136] ag iarraidh cean bhiodhbhadh bí. Bí.