Corpus of Electronic Texts Edition
Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh (Author: Unknown)
p.159
- 1] Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh,
2] atú anocht go neamhfhaoiligh:
3] am aonarán a ccionn cháigh,
4] 's ionn gan aobharán d'fagháil.
- 5] Ní thuig mé an lucht so ag labhra,
6] gá dtá ar tteanga mháthardha:
7] ar n-aos aithnigh ní léir linn.
8] mh'aithghin féin ó nach faicim.
- 9] Ionann liom gach longphort lán
10] is uaigneas d'éis mo chompán:
11] mar sin budh daoinighe dhamh,
12] aoinfhile as tigh dhá tteagmhadh.
- 13] Teóra ceardcha 'nar chleacht sinn
14] áineas d'fagháil dom intinn,
15] nach taighlim na trí ceardcha,
16] do shní fhaighlinn mh'aigeanta.
- 17] Teach meabhraighthe ar mac soirbhidh,
18] rob áit oiris d'ógbhuidhnibh,
19] grís deargtha agus sí solas,
20] rob í ar gceardcha céadamhas.
p.160
- 21] Teach luighe ar lochta samhla,
22] uinivers na healadhna,
23] dánbhoth ór dhoichealgtha sinn,
24] roicheardcha ar n-ánroth innill.
- 25] Teach breithibh gach gréasa gloin
26] an treas tech dar ttrí cceardchoibh,
27] ór lia snáth féithleannta fis,
28] 'nar ghnáth éincheardcha an oiris.
- 29] Trí rómha a ngabhmaois grádha,
30] trí ceardchadha congmhála
31] do dhreamuibh dile re dán,
32] tighe ceanguil na gcompán.
- 33] Beannocht leó a los a saoire,
34] dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe,
35] an coimhthionál dar chóir searc,
36] doircheadhán dóibh nír dhoircheacht.
- 37] Ba haithghearr eatorra sin
38] lá earraigh, aghaidh gheimhrigh:
39] an lucht téarnó do-ní a-nois
40] mí don éanló 'na n-éagmhois.
- 41] Ionnsa an t-anshaothar orra,
42] nach fuighid fir fhoghloma
43] gréas snáthsholas na suadh nglan,
44] dar dhual fáthfhoras focal.
- 45] Dursan an taobh dhá dtáinig
46] a mhoille thrá thionáilid;
47] fatha sgaoilidh na sgoile
48] Gaoidhil Macha ag moghsoine.