Corpus of Electronic Texts Edition
Anocht sgaoilid na sgola (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)

p.147

Tadhg Óg Ó Huiginn cct.
  1. 1] Anocht sgaoilid na sgola,
    2] leabtha uadha a n-aontomha:
    3] do-ghéna lucht gach leabtha
    4] déra re hucht n-imtheachta.
  2. 5] Iomdha ag loighe, lór do sgís,
    6] aréir san bhaile a mbímís:
    7] gion gur goire um nóin anocht
    8] loighe dhóibh iná dúsacht.
  3. 9] Glóir an bhaile 'na mbíodh sinn_
    10] a hionnamhail ní fhaicim,
    11] a Dhé, do neamhghlóir aniogh;
    12] seanmóir don té do thuigfeadh.
  4. 13] Ionadh coinne ar chionn tSamhna
    14] do bhíodh 'gun aos ealadhna:
    15] aoinfhear amháin dá maradh,
    16] níor sgaoileadh dháibh dealaghadh.

  5. p.148

  6. 17] A lucht do bhí 'na bhaile,
    18] lér mian ceard is comhnaidhe,
    19] do bhí adhbhar far fhuath libh
    20] labhradh na gcuach do chluinsin.
  7. 21] Do-chuaidh ar sgaoileadh don sgoil
    22] gach fear dána 'na dhúthoigh:
    23] ní thiaghair a toigh athar
    24] ó shoin d'iarraidh ealathan.
  8. 25] Fada liom sgaoileadh don sgoil
    26] do-chonnarc re cois Fhearghoil:
    27] foide iná an sgol do sgaoileadh
    28] gan m'oide ag cor chomaoineadh.
  9. 29] Oide d'iarraidh 'na ionadh,
    30] rob usa dhóibh deilioghadh:
    31] breath bhroide, a Dhé, dá dhalta,
    32] dá mbé ag oide iasachta.
  10. 33] Mar táinig sgaoileadh na sgol
    34] a gcrích nÉireann tré Fhearghol,
    35] tig sgaoileadh sgoile Banbha
    36] roimhe d'aoinfhear ealadhna.
  11. 37] Tuigid féin, fa fáth cumhadh,
    38] gur éigean dóibh dealughadh,
    39] sgol Dalláin ina dheaghaidh,
    40] d'andáigh as na hoideadhaibh.
  12. 41] Do buaidhreadh do thuirse thruim
    42] an dámhsain Dalláin Fhorguill:
    43] níor anmhain dáibh níor dheadhail,
    44] amhlaidh don dáimh déidheanaigh.
  13. 45] Sgola uaisle innse Fáil,
    46] a gcédchumha um cheann Dalláin:
    47] do ló sgarthana na sgol
    48] is mó a n-athchumha um Fhearghol.
  14. 49] Moidhidh don bhrón bhíos fam thuinn
    50] ag aithne m'aosa cumuinn:
    51] a ndiaidh sgaoilte na sgoile
    52] biaidh m'fhaoilte 'na heólchoire.
  15. 53] Mé a dhearbhráthair 's a dhalta,
    54] gearr dá éis budh ionanta:
    55] deithbhir mar oide ní fhuil,
    56] foide beithir gan bráthair.
  16. 57] Dá dtugtha ré dheise dhamh,
    58] nó ní budh shia do shaoghal,
    59] bíodh mo shlán bheith mar do bhá,
    60] ar leith atám ó theasda.
  17. 61] Tríocha bliadhan do bhí mé,
    62] nó ní as fhoide, dom fhínné,
    63] lán dom anáil ón uabhar,
    64] crádh d'fhagháil gurbh ionnfhuaradh.
  18. 65] Do díoghladh do dheochaibh bróin
    66] mo threise 'na thigh chomhóil:
    67] má dho-rinne mé macnas,
    68] is tinne, a Dhé, an díoghaltas.
  19. 69] Dom ullmhughadh níor áil lais
    70] mo bheith adhaigh 'na égmais:
    71] gur léig sé ar an énlaith inn,
    72] mé a n-énbhoith re hO nUiginn.
  20. 73] Guth oram budh aimhleas damh
    74] ós íseal ris an ollamh,
    75] beag dtaraidh don té adéradh,
    76] dé am aghaidh ní fhuiléngadh.
  21. 77] Ó aois leinbh do léigeadh rinn
    78] (Dia dhá íoc re hÓ nUiginn!)
    79] gach rún frithir dá bhfaghadh,
    80] gur mhithidh dún dealaghadh.
  22. 81] An oideacht do-ním aniogh
    82] dá dhaltaibh d'éis an fhileadh,
    83] Fearghal Ruadh do-roighne soin,
    84] truagh, a Choimdhe, nach cosmhoil.
  23. 85] Rinn onóra agus aoibhe
    86] dhamh re cois a chomaoine,
    87] liom a gcartaigh croidhe thinn
    88] tar dhaltaibh oile Í Uiginn.

  24. p.149

  25. 89] Ni shaoilim go bhfuighe an fear,
    90] dá mbeinn choidhche dá chaoineadh,
    91] d'éis an tsaothair fuair Fearghal,
    92] uaim a dhaothain doimheanman.
  26. 93] An chumha go dtuga a treas,
    94] dénamh seice isé ar n-aimhleas:
    95] is é chráidheas an croidhe,
    96] mé ag áineas tar m'eólchoire.
  27. 97] D'éis m'oide dhá ndeachadh dhíom
    98] do shealad éigin m'imshníomh,
    99] gearr bhíos an chumha so ag clódh,
    100] gríos is urusa dh'fhadódh.
  28. 101] Gul ós aird ó nach áil linn
    102] a ndiaidh Fhearghoil Í Uiginn,
    103] truagh mo chuidse don chumhaidh
    104] a tuigse uam d'osnadhaigh.
  29. 105] Feadh mo ré ní dulta dhamh
    106] don bhaile a bhfaca Fearghal:
    107] ní mharad na botha a mbeinn,
    108] gotha carad ní chluinfeinn.
  30. 109] An leaba a mbíodh araon rinn
    110] dá bhfaicinn d'éis Í Uiginn,
    111] a dtéid thoram dom thuirse,
    112] léig oram go n-íocfainnse.
  31. 113] Ionmhain both dhiamhair dhána
    114] aithnim d'éis a theasdála:
    115] a bhoth fholamhsa ar mh'aghaidh,
    116] comharsa níor chleachtabhair.
  32. 117] Gan mharthain do mhac Áine,
    118] rug don éigse a hamháille:
    119] mar théid clár a taoibh thunna,
    120] do sgaoil fál na foghluma.

    Anocht.