Corpus of Electronic Texts Edition
Ceist! cia do cheinneóchadh dán? (Author: Mathghamhain Ó Hifearnáin)
p.145
Mathghamhain Ó Hifearnáin cct.
- 1] Ceist! cia do cheinneóchadh dán?
2] a chiall is ceirteólas suadh:
3] an ngéabhadh, nó an áil le haon,
4] dán saor do-bhéaradh go buan?
- 5] Gé dán sin go snadhmadh bhfis,
6] gach margadh ó chrois go crois
7] do shiobhail mé an Mhumhain leis
8] ní breis é a-nuraidh ná a-nois.
- 9] D'éirneist gémadh beag an bonn,
10] níor chuir fear ná éinbhean ann,
11] níor luaidh aoinfhear créad dá chionn,
12] níor fhéagh liom Gaoidheal ná Gall.
p.146
- 13] Ceard mar so ní sochar dhún,
14] gé dochar a dol fa lár:
15] uaisle dul re déiniomh cíor
16] ga bríogh d'éinfhior dul re dán?
- 17] Ní mhair Corc Chaisil ná Cian,
18] nár chaigil a gcrodh ná a luagh,
19] na réidhfhir ag díol na ndámh
20] slán lé síol Éibhir mon-uar.
- 21] Geall bronnta níor beanadh dhíobh,
22] Cobhthach go teasda agus Tál:
23] iomdha drong diongbhaim dá luadh,
24] uaim anonn dá ndiongnainn dán.
- 25] Mé im luing cheannaigh ar gcaill laist
26] d'éis Chlann nGearailt do thuill teist:
27] ní chluinimis cás rom loisg:
28] fás an toisg fá gcuirim ceist.