Corpus of Electronic Texts Edition
A sgríbhionn luigheas tar lear (Author: Giolla Brighde Ó Heoghusa)

p.139

Giolla Brighde Ó Heoghusa cct.
  1. 1] A sgríbhionn luigheas tar lear
    2] ar amus innsi Gáoidheal,
    3] déna mar aderam ruibh
    4] ar senfhonn frémha Fíachaidh.
  2. 5] Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann
    6] ar amus Uilliam Nuinnseann:
    7] triall ar céilidhe 'na cheann,
    8] ar ccéiline d'íath Éireann.
  3. 9] Innis uaimsi dá ucht slim
    10] an ceó tuirrsi atá ar m'inntinn:
    11] nocht cúis m'imnidh dá aithle
    12] dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe.
  4. 13] Doighthe cuartaighthe croidhe
    14] mo lucht gáoil, m'aos ionmhuine:
    15] na caraid dár threisi ar dtoil,
    16] ní mharuid 's meisi ar marthuin.

  5. p.140

  6. 17] Barr ar gach teidhm mar tá sinn
    18] d'éis meanman Uilliam Nuinnsinn:
    19] am beó ar sgarthain ré a ghné ghil—
    20] ní marthain é, ní hoighidh.
  7. 21] Dursan damhsa a dheaghuil ruinn,
    22] fuighioll áir m'áosa cumuinn,
    23] grian m'inntleachta úair oile,
    24] clúain inghealta m'ionmhuine.
  8. 25] Áineas gan imdheargadh n-áoin,
    26] féile ghnáth gan ghlóir ndíomháoin,
    27] searc pobal, freagra go bfos,
    28] tobar eagna gan fhorus.
  9. 29] Fuarusa re hais an fhir
    30] seal dob áoibhne dárbh fhéidir
    31] fan ráith ccuirr um bhráoinlios mBreagh,
    32] 's gan áoibhneas an fhuinn d'áireamh.
  10. 33] Ní bhínn fiú an énláoi ré a ais
    34] gan ghabhlán n-úaigneach n-eólais:
    35] ar cceileabhradh dhúin is dó
    36] neimhiongnadh m'úidh ar íarghnó.
  11. 37] Atú re treimhsi ndubhuigh
    38] mar ésga a n-am urdhubhuidh:
    39] dortadh flatha Dealbhna dhamh
    40] fatha meanma do mhúchadh.
  12. 41] Do tsholus gnáth gun ghealaigh
    42] ní bhí, as bladh dá hairdheanuibh,
    43] acht an tan dearlaicthior dhi
    44] bladh do ghealruithniodh gréine.
  13. 45] Gibé tráth a tteagoimh soin
    46] don dara taoibh don talmhuin,
    47] ní reich mong gréine 'na gar
    48] tar méidhe trom na talmhan.

  14. p.141

  15. 49] Tig cláochlódh dá cruth corcra,
    50] tréigidh a tlacht íasochta
    51] mun amsa a n-úair dheaghla dhi
    52] ré a bfuair ón ghealgha gréine.
  16. 53] Mé an t-ésga, eision in ghrían;
    54] mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam:
    55] lá ar sgaraidh do sgaruid rum,
    56] amhuil ní anuid agam.
  17. 57] Ní hiongnadh nach soisionn sinn
    58] gach dealradh úaidh dá bfuighinn,
    59] grían shídhe fionnbhrogha Floinn—
    60] tíre is iolmhara eadroinn.
  18. 61] Atá an tuirrsisi fam thuinn
    62] mar thoirrcheas n-elphant aguinn:
    63] re deich mbliadhnuibh rom chná an chneadh,
    64] ó do bhá a ngrianmhuigh Gaoidheal.
  19. 65] Measuim féin nach fédfa mé
    66] trághadh tobair mo thuirrse,
    67] nach deich mbliadhnasa dá mbeinn
    68] ag sgeith m'fhíabhrasa as m'inntinn.
  20. 69] A litir léigim anonn,
    70] ní feas damh, móide ar mearbhall,
    71] gé tarla an toisgse a ndán dáoibh,
    72] doidse nach dál bhus díomháoin.
  21. 73] An lámh do fhoisgeóladh ibh,
    74] gé táoi ag triall go tír bfuinidh,
    75] mo thrúaighe, ní feas nach fuil
    76] ré cneas úaidhe nó ar uluidh.
  22. 77] Dá ttigeadh litir a-le,
    78] ní feas fós nach bíadh reimpe
    79] ina sreath chnámh ccríon a ccill
    80] an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn.
  23. A Sgríbhionn.