Corpus of Electronic Texts Edition
A dhuine chuirios an crann (Author: Giolla Brighde Ó Heoghusa)
p.138
An Brathair Bocht Giolla Brigde Alias
Bonabhentura Ó Heodhasa cct.
- 1] A dhuine chuirios an crann,
2] cía bhus beó ag búain a ubhall?
3] ar bfás don chráoibh ghégaigh ghil,
4] ré a fhégoin dáoibh an deimhin?
- 5] Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
6] san lubhghort úaine áluinn
7] smúain, a fhir na ccleath do chor,
8] mo chreach! ag sin an sáoghal.
- 9] D'éis a aibchighthi as é ad láimh,
10] an tú chaithfius, a chompáin,
11] bláth garrdha na ngég solus?
12] tarrla ón ég a n-amharus.
- 13] Ní críonna dhuit, a dhuine,
14] ga mbí an choille chumhraidhe,
15] th'aire ar fhás na n-abhall lag,
16] 'sgan cás at anam agad. Ad.