Corpus of Electronic Texts Edition
T'aire riomsa a rí ó nUidhir (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.

  1. 1] T'aire riomsa a rí ó nUidhir,

    2] égnach cáigh ní cuirthi a suim,

    3] an uair nach éisde ret fhilidh,

    4] a éisge shluaigh chinidh Chuinn.

  2. 5] Iomdha agam, a fhir chumtha,

    6] cás égnaigh, dá n-éisde rinn;

    7] dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach,

    8] is cúis neamhcháir t'innlach inn.

  3. 9] Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir,

    10] fearann Corráin na ccíoch ngorm

    11] ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach,

    12] gan ní ar tolmhain d'aslach orm.

  4. 13] Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana,

    14] buidhne iomdha, a ua na ríogh,

    15] ag cur um cheann d'aonghuth uile,

    16] baoghlach leam gach duine dhíobh.

  5. p.137


  6. 17] Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin

    18] gan crois chugam ón chaoir shluaigh,

    19] dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil,

    20] ní tarbha ní d'fhagháil uaidh.

  7. 21] Do ghlór éinfhir as é adeirid

    22] mar dhíoghuil orm, olc do-níd,

    23] cnuic ané ba fearonn faolchon,

    24] nach treabhonn mé ar aonchor iad.

  8. 25] Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh

    26] m'fhearonn uaid, a abhra mall,

    27] dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain,

    28] dob aimhleasg leinn anmhain ann.

  9. 29] Cladh tórann la tíribh foghladh,

    30] fód comhraic na cceithre rian,

    31] ród ríogh a ccinnionn gach congháir,

    32] imioll nár dhíol roghráidh riamh.

  10. 33] Dá tharbha fós ní fríth linne

    34] leth ar chaillios re cion luircc,

    35] ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg,

    36] snáithe caol re leathbhord Luirg.

  11. 37] Bíodh nach baoghlach bheith 'na bhfochair,

    38] fine Conuill is clann Néill,

    39] aicme Chorráin is daor dhamhsa

    40] 's commbáidh bhur maor bhfallsa féin.

  12. 41] Fearonn oile a n-égmhais Chorráin,

    42] ó's chuige atá ar tharruing mé,

    43] ní mór dhamhsa, (is) Aodh 'na fhochair,

    44] asna caol gan fhothain é.

  13. 45] Muna bhfaghthar fearonn oile

    46] d'áit innill ót érla nocht,

    47] dá ttí síon fhaobhrach an earraigh,

    48] baoghlach díol an eallaigh ort.

  14. p.138


  15. 49] Tusa chuirfios crodh 'na n-ionadh,

    50] a ua Mhagnuis nár mhaoith guin;

    51] munab olc leibhse a n-ég aguinn,

    52] créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh?

  16. 53] Uaid fuarus a bhfuil um urláimh,

    54] ort iarrfad a n-iarrfa sinn,

    55] léig do chioth an cradh nó caomhnaidh

    56] ní díoth dhamh gan aonbhoin inn.