Corpus of Electronic Texts Edition
Ionmholta malairt bhisigh (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.

  1. 1] Ionmholta malairt bhisigh:

    2] tárraidh sinde 'san amsa

    3] iomlaoid go suarrach sona,

    4] do-chuaidh a sochar dhamhsa.

  2. 5] Do thréig sind sreatha caola

    6] foirceadal bhfaobhrach ffrithir

    7] ar shórt gnáthach grés robhog,

    8] is mó as a moltar sinde.

  3. p.128


  4. 9] Le dorchacht na ngrés snoighthe

    10] do bhínnse ag tuilliodh gráine:

    11] fa hí ughachta mhóráin

    12] nár dhíol róghráidh ar ndáinne.

  5. 13] Maithim, giodh mór an sonas,

    14] énbhonn feasda dá thoradh,

    15] má théid énrand gan tuigse

    16] dom dhánsa ó dhuine ar domhan.

  6. 17] Dán bog ar bhél na slighiodh,

    18] ós é anois siorthior oraind,

    19] cuirfeadsa dhíom na fiacha

    20] go ccead d'iarla Chlann gConaill.

  7. 21] Mo gheallsa ar bhuga ar mhaoile

    22] ní bhérdaois daoithe an bheatha:

    23] do-chuaidh mé, maith an tuicsi,

    24] le cách fá uisge an cheatha.

  8. 25] Do threig mé —gá mó sonas?—

    26] mo shlighthe docra diamhra:

    27] dá ccluine cuid dar ndáinne,

    28] beanfaidh gáire as an iarla.

  9. 29] D'eagla mo chora as gárda

    30] ón mhéid dá ttárras loise,

    31] diúltaimse flaith ó gConaill

    32] do dhol oraind a ccoisde.

  10. 33] Is iomdha tré dhán bhfallsa

    34] lán dom annsacht a mbliadhna:

    35] do thuillfinn tuilleadh ceana

    36] muna bheith eagla an iarla.

  11. 37] Mac Aodha, aigneadh fosaidh,

    38] fear ler robhog ar ccruaidhne,

    39] ní cás dúinn dénamh tapaidh,

    40] ó tharla a Saxaibh uainne.

  12. p.129


  13. 41] Beag nach brisiodh mo chroidhe

    42] gach dán roimhe dá gcumainn:

    43] is mór an t-adhbhor sláinte

    44] an nós so táinig chugainn.

  14. 45] Dá lochtaighe triath Bearnais

    46] énrand dá ndealbhthor linde

    47] budh iomdha ag cor 'na aghaidh—

    48] ionmholta malairt bhisigh.
  15. Ionmholta.