Corpus of Electronic Texts Edition
Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.124

Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.

  1. 1] Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh,

    2] cúis tuirse truime a ciothbhraon;

    4] mo thrúaighe sein dár seise,

    5] neimh fhúaire na hoidhcheise.

  2. 5] Anocht, is neimh rem chridhe,

    6] fearthar frasa teintidhe

    7] a gcomhdháil na gclá seacdha

    8] mar tá is orghráin aigeanta.

  3. 9] Do hosgladh ós ochtaibh néll

    10] doirse uisgidhe an aiér:

    11] tug sé minlinnte 'na muir,

    12] do sgé an fhirminnte a hurbhuidh.

  4. p.125


  5. 13] Gémadh fíaidhmhíol a bhfiodhbhaidh,

    14] gémadh éigne ar inbhiormhuir,

    15] gémadh ealta, is doiligh dhi

    16] soighidh ar eachtra an úairsi.

  6. 17] Sáoth leamsa Aodh Mhág Uidhir

    18] anocht a gcrích chomhoidhigh,

    19] fá ghrís ndeirg gcáorshoighnén gceath

    20] fá fheirg bhfáobhoirnél bhfuileach.

  7. 21] A gcóigeadh Chloinne Dáire

    22] dursan linn dár leannáinne

    23] idir dhorchladh bhfúairfhliuch bhfeóir

    24] is confadh úaibhreach aieóir.

  8. 25] Fúar liom dá leacain shubhaigh

    26] fráoch na n-iodhlann n-earrchamhail,

    27] ag séideadh síongháoth na reann

    28] fá ríoghláoch ngéigeal nGaileang.

  9. 29] Sáoth linn, do loit ar meanmain,

    30] learg thais a thaoibh míndealbhaigh

    31] 'gá meilt a ngrúamoidhche ghairbh,

    32] a mbeirt fhúarfhoirfe íairn.

  10. 33] Bos tláith na dtachar n-édtláth,

    34] síon oighridh dá fhúaighealtáth

    35] re crann rionnfhúar gcáol gceise

    36] ionnfhúar dh'Aodh san oidhcheise.

  11. 37] Nárab aithreach leis ná leam

    38] a thurus timcheall Éireann;

    39] go ndeach tharainn —ná tí m'olc—

    40] an ní fá ngabhaim gúasacht.

  12. 41] Dá dtí ris an toisg do thríall,

    42] do chur chúarta Chráoi Mhaicniadh—

    43] ní tháirtheamar séd mar soin—

    44] créd acht snáithghearradh sáoghail?

    p.126


  13. 45] Líonaid re hucht na n-ánrath

    46] brúaigh ísle na n-úaránshroth;

    47] clúana sgor fá sgingbheirt reóidh

    48] dá gcor tar inghelt d'aimhdheóin.

  14. 49] Folchar a gciomhsa cheana,

    50] nach léir do lucht foirgneamha

    51] brúaigh easgadh na ngríanshroth nglan,

    52] seasgadh fíanbhoth ní fédtar.

  15. 53] Eagail dó, díochra an anbhúain,

    54] coill eachraidh is aradhshlúaigh,

    55] sul dighthir tar síothLáoi síar,

    56] a slighthibh míonchráoi Mhaicniadh.

  16. 57] Ní hé budh uireasbhaidh linn,

    58] a thurus an tráth smúainim;

    59] lór do chor chúarta ar gcridhe

    60] gomh fhúachta na haimsire.

  17. 61] Gidh eadh, is adhbhar téighthe

    62] dhá ghnúis shúaithnidh shoiléirthe

    63] slios gach múir ghormsháothraigh gil

    64] 'na dhlúimh thonngháothmhair theintigh.

  18. 65] Téighidh teannál an adhnaidh

    66] sging reóidh an ruisg shocarghlain,

    67] geimhle chuisne a chorrghlac ndonn,

    68] donnbhrat luisne nos leaghonn.

  19. 69] Seachnóin Mhumhan na múr ngeal

    70] iomdha ó airgtheóir fhuinn Gháoidheal

    71] cúirte brúachnochta a mbeirt smóil,

    72] ag ceilt fhúardhochta an aieóir.

  20. p.127


  21. 73] Iomdha ó chuairt Aoidh Mhéig Uidhir

    74] feadh íarthair fhóid fhionnfhuinidh

    75] cúirt 'na doighir, ní díoth núa,

    76] críoch gan oighir gan íarmhúa.
  22. Fuar.