Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)

p.120

Fear Flatha Ó Gnímh cc.

  1. 1] Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais:

    2] rug ar Bhanbha mbarrúrthais

    3] nach dualghas athar is fhearr

    4] i n-achadh fhuarghlas Éireann.

  2. 5] Do héirgheadh dhóibh thuaidh is teas

    6] nach bí ar breith don ord éigeas

    7] labhairt ar oigdhe a n-aithreadh:

    8] malairt oibre ionnsaighthear.

  3. 9] Ní sníthe snátha an fheasa,

    10] ní leanta craobh choibhneasa,

    11] gréas duan ní déanta d'fhighe,

    12] luadh dréachta ní dlighfidhe.

  4. 13] An céidfhear do-chuaidh re dán,

    14] mairg dó nach dearna a chlaochládh:

    15] neamhshuthain an céim ro char:

    16] béim bhar n-ealathain d'ollamh.

  5. 17] Dursan nár mhúin oide an fhis

    18] riadh stéad nó stiúradh loingis,

    19] nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh,

    20] d'fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.

  6. p.121


  7. 21] Mairg d'ollamh dá nárbh aithnidh

    22] ceard nábudh cúis iomaithbhir,

    23] d'uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha,

    24] sul tárraidh feidhm foghlamtha.

  8. 25] Ní fhuighthe ar uaim na rithlearg

    26] umhla ó fhearaibh ísilcheard;

    27] mon-uar gan aoibh na moghadh

    28] 'gan chaoir shuadh ar shaothrughadh.

  9. 29] Tairnig onóir na héigse,

    30] teasta cion an choimhéidse,

    31] 'na gcriadhairibh oir gurbh fhearr

    32] do sgoil fhiadhoirir Éireann.

  10. 33] Ná gabhaid chuca seach cách

    34] dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth:

    35] nhí dóibh a-bháin do-bhearair

    36] táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh.

  11. 37] Ní dá n-oirchiseacht d'fhéin Ghall

    38] chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann;

    39] an deaghshlógh nach dáil a gcródh,

    40] dáibh is neamhlón do-níothar.

  12. 41] Do dhul a-mudha don mhaoin,

    42] do bhuain a n-ionnmhais d'aontaoibh

    43] don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh,

    44] bacthair dearlaighthe dhíbhsean.

  13. 45] Do thrághadh a dtonn meanma,

    46] do cheilt chroidheadh n-aitheardha

    47] fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais,

    48] do bhac cean is chomórtais—

  14. 49] Do mhionughadh na mac ríogh,

    50] cuirthear na duana i ndimbríogh,

    51] d'fholach ceirt na ríogh reampa,

    52] do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.

  15. p.122


  16. 53] Gaoidhil uirre ó do hagradh,

    54] cia haca is fhearr caradradh,

    55] nó is lia do fhóir an éigse,

    56] cia dán cóir a coimhéidse?

  17. 57] Ó rug éigeantas ortha,

    58] déanta don druing fhoghlamtha

    59] an tslighe do-roinne riamh

    60] i gcoinne fhine Irial.

  18. 61] Ó's aca tar fhéin mBanbha

    62] tarla tús na healadhna—

    63] síol Róigh na sliomaitreabh sean—

    64] tiomaintear dhóibh a deireadh.

  19. 65] Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin,

    66] dá chéad déag draoi do dhraoithibh,

    67] do dhíoth chothroim eacht oile,

    68] teacht go rochloinn Rudhraighe.

  20. 69] Triall isan dturus gcéadna

    70] do sgolaibh fhóid fhinnShéadna

    71] go mac Fir Dhorcha dlighthir,

    72] ór ligh ortha d'éilighthibh.

  21. 73] Do léigeadh breith an bháire

    74] go heisiomal aonláimhe,

    75] gurb é féithleann Chláir Chobha

    76] dáibh is éincheann urrumha.

  22. 77] Mág Aonghusa is é thargaidh

    78] sgol Teamhrach do theasargain:

    79] re buige nó re cruas gcáigh

    80] chuige do-cuas dá gcongbháil.

  23. 81] Mar do-gheibh geall gach aoinfhir

    82] feadh cruais sleachta seanGhaoidhil,

    83] do bhiadh barr ar fhéile ag Art,

    84] an tann budh déine an daonnacht.

  24. p.123


  25. 85] Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad,

    86] seoid cháich dá gcur i gcoimhéad;

    87] cách ag congbháil an taigidh,

    88] bláth an domhnáin dearlaigidh.

  26. 89] Oiread ar imthigh d'fhéile

    90] a croidhibh chlann saoirChréidhe,

    91] i n-aonchroidhe ag Art do an,

    92] tar smacht laochraidhe Lundan.

  27. 93] Rug ar aithris Chon na gcleas

    94] do thigh Airt an t-ord éigeas

    95] dóigh a-nú agus a-nallain

    96] do chrú Róigh do-rónamair.
  28. Mairg.