Corpus of Electronic Texts Edition
Cuimseach sin, a Fhearghail Óig (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)
p.118
Fear Flatha Ó Gnímh cc.
-
1] Cuimseach sin, a Fhearghail Óig,
2] fuarois tiodhloicthi ón Tríonóitt;
3] gan feidhm ndaghoide ar do dhán
4] ag deilbh ghlanoige ar ghearrán.
-
5] Gan boith ndiamhoir, gan deacoir,
6] cead áinis as airdcheapaidh,
7] scor raifhérach, radharc cnoc,
8] amharc aiérach accat.
-
9] Donnchadh Mór bu mhillsi dán,
10] Giolla Brighde is beó iomrádh,
11] días do thobhoigh grádh dá ngaois,
12] dán ar conair ní cheapdaois.
p.119
-
13] Ní bhiadh ag feithiomh gach fuinn
14] cnuasach milis mheic Cearbhoill,
15] fa Chluain Fraoich gér saoi soinnimh
16] gan chnaoi ccaoich 'na chrobhoingibh.
-
17] Bliadhain iomshlán d'Aonghas Ruadh
18] re hucht ngill ar ghrés n-ionnfhuar;
19] níor thaobh re mailís molta
20] an fPailís chaomh chlárchorcra.
-
21] Níor chum Sgolb, in dá rinn róibh,
22] saoi gan énlocht, nó an t-Órthóir,
23] dol tar a riaghail d'ágh ort,
24] dán gan diamhoir gan dorchacht.
-
25] Ní gluaisti le Gothfroidh Fionn
26] dán ar nach dénadh dítheall;
27] re blaosgach do bhiadh folamh
28] riamh dob aonsgoth ealadhan.
-
29] A leapthaibh dhénta duan ngill
30] aghaidh Thaidhg Óig Iacute; Uiginn,
31] ní hionand méin duitse as dí,
32] dá huiscce féin do foilcthi.
-
33] Misi féin dá ndearnoinn dán,
34] maith leam lughoide ar seachrán
35] bac ar ghriangha um theachta as-teagh,
36] leaptha diamhra 'gar ndídean.
-
37] Eadrom is eatoil ghlana
38] muna n-iadhoinn m'aphradha,
39] mar dhlaoi díona ar lés an laoi
40] díogha dom ghrés do-ghéntaoi.
-
41] Ni hionand gnáth damhsa is duitt,
42] dá ndeachoinn do dheilbh adhmoid,
43] fada m'uain ar aoidhidh roinn,
44] uaill as mo laoidhibh locoim. Coimseach sin.