Corpus of Electronic Texts Edition
A Niocláis, nocht an gcláirsigh! (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)
p.112
Fear Flatha Ó Gnímh cc.
-
1] A Niocláis, nocht an gcláirsigh!
2] léig imtheacht don fhuaráin-sin;
3] seinn ilcheóla naoidhe anos,
4] faoidhe ó n-imtheógha m'fhiabhras.
p.113
-
5] Aisdrigh na slighthe seanma,
6] tráigh ar ttuile mímheanma,
7] coisgthe dheid d'eólchaire inn,
8] leig don cheólchroidhe cuislinn.
-
9] Toigébhaid téda do chroinn
10] seól aigeanta d'aos mearbhaill;
11] lúth na healbha ót ocht méraibh,
12] socht ar meanma moisgélaidh.
-
13] Mná ré n-iodhnaibh, aos galair,
14] codlaid léd cheól síodhamhail;
15] an tráth nochta an gcruit gcoraigh,
16] luit chorcra ní cronaghair.
-
17] Ní thabhair aon dá aire
18] an nasg do-ní an sgallaire,
19] ré bruach bhar srotha seanma,
20] náid gotha cuach gCéiteamhna.
-
21] Cia an díthreabh nó an dionn folaigh,
22] cia an síodh trá a ttarrabhair
23] barr do chara ar an gceól gcrot,
24] nárbh eól dá rabha romhat?
-
25] An í do mhúin díoghrais duit,
26] lámh Chraiftine an cheóil ordhruic,
27] siansa do mheóir ar mhodhaibh,
28] nó is d'iarsma cheóil Chaschoraigh?
-
29] Nó an gcualabhair cuid dár sheinn
30] an tí rug ó dhoilbh Doirinn,
31] lér lean sibh an séis bportaigh
32] ó sin tar éis Ábhartaigh?
p.114
-
33] Nó an é fós fuarais d'oide
34] rí an chiúil, céile Bhláthnaide,
35] dá gcoimhchreideadh an fáidh Fionn,
36] tar bháigh oirfideadh Éireann?
-
37] Nó an tnúth oirfideach oile
38] dá raibhe a tTír Tarngaire
39] do chuir as na síodhaibh sibh,
40] a ndíoghail do chuir chaoinchigh?
-
41] Más don fhior as fhearr cridhe
42] a ndíoghail do chuir chaoinchigh?
43] gealltar an ghlóir ainglidhe,
44] fear do dhaigcridhe do dhligh
45] neamh, a Chraibhtine Chaisil.
-
46] Balsam cobhartha cédfadh,
47] liaigh don teidhm nach taisbéntar,
48] cosg fiabhrasa ré bél mbáis,
49] do mhér niamhdhasa, a Niocláis.