Corpus of Electronic Texts Edition
Tabhrum an Cháisg ar Chathal (Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh)
p.104
An Muireadhach cédna
- 1] Tabhrum an Cháisg ar Chathal,
2] a hucht Íosa an Ardathar:
3] a mheic, cuimhnigh ar gcaingne,
4] dheit
[...]
- 5] Éisd, a rí súlghorm Sionna,
6] inni agus dá éinghiolla
7] nach truagh ar gcaingni a ceathair
8] ag faighdhi ar na fuineachaibh.
- 9] An ceathror crosda ar gach ndruing,
10] gan lón énduine aguinn:
11] maith an choimhdhe dár gcabhair,
12] an Coimdhe is Ó Conchobhair.
- 13] Gluaisdior linn d'iarraidh fhaighdhi
14] go ceann foltchas fionnAidhne:
15] dá n-éra ceann Aidhne inn,
16] nocha mbem d'fhaighdhi a nÉirinn.
- 17] Ar gcaingni ré a chéibh ndruimnigh,
18] lór éinbhél dá athchuinnghidh:
19] giodh eadh nocha seichébh soin
20] gan mo leithén um leanmhoin.
p.105
- 21] Lór linn ón rosgmhall reabhach
22] an bhreath do bhaisd Muireadhach:
23] ní ag iarraidh tuillidh atám
24] acht ar chuinnigh mo chumpán.
- 25] Lámh dhuid ar dhath an tsneachta,
26] a ghnúis ríoghdha ruithionta:
27] an dara lámh go dearg dhuid,
28] mo ghrádh don Cheard ros cumaid.
- 29] Suaithnidh éirghios a fhearg,
30] Ó Conchobhair an Croibhdhearg:
31] donnlámh is geallámh fa gha
32] ag leannán bonnbhán Banbha.
- 33] As amhlaidh rugadh flaith Fáil
34] 's a sgríbhionn lais 'na leathláimh:
35] branán fearchonta Chláir Chuinn,
36] láimh ghealchorcra as a ghualoinn.
- 37] Lámhach a láimhe deisi,
38] ní hurusa a innisi:
39] deargthair cláir ochta d'fhoghuibh
40] do láimh chorcra Uí Chonchobhair.
- 41] Cuiridh sgiath ar sgáth a chnis
42] risna gáibh nach ttéid thairis:
43] fuaighfidh risna gáibh géra
44] an láimh shuaithnidh shoisgéla.
- 45] Mór soighiod go seanglúib nglain
46] do tharruing bas chorr Chathuil;
47] fagha chas tachair do theilg
48] bas tana Chathail Chroibhdheirg.
- 49] Maith ar each, ní holc dá chois
50] lámhach Cathail Dhúin Durlais
51] gabhaidh ó Cuinn chleith fá sheól
52] eidir dhruim eich is aieór.
p.106
- 53] Maith sén tugadh go Teamhraigh
54] rí Muaidhe, mac Toirrdhealbhaigh:
55] nocha sill buachail ar bhoin
56] re linn uí Thuathail Teachtmhuir.
- 57] Suairc an taidhbhsi tárfas damh
58] aréir do chathuibh Cruachan,
59] a dhul amach san Midhe,
60] gach clach 'na tur theinntidhe.
- 61] Crithre teineadh tárfas damh
62] d'fhaicsin ar fhud a margadh:
63] as í an chrithre, as breath bhunaidh,
64] sirthi creach Uí Chonchobhair.
- 65] Do-chiú glastonn mara mir
66] amuigh ag toidhiocht tairrsibh:
67] as í an ghlastonn mhear mhara
68] an geal basdonn béltana.
- 69] As é an Croibhdhearg chuirfios soir
70] na Gulla do ghabh Theamhraigh:
71] an duine ní diombáidh linn
72] 'ga ttiomáin uile a hÉirinn.
- 73] Do-bheir thír gan bhrat gan bhoin
74] an geal donn, ó Duach Galaigh:
75] do-bheir cuach a dabhaigh dheirg
76] ó Duach Galaigh don Ghaoidheilg.
- 77] Do-bheirid gotha a ghaghar
78] rí Éireann go hamhlabhar:
79] gaghar ar chuan go gcluinionn
80] ní faghar uadh urfhuighioll.
- 81] Do-bheirid beanna uaine
82] teas a ngnúis uí ghealGhuaire:
83] maith an sódh seinleanna sin
84] geilbheanna
[...]
p.107
- 85] Ionar corcra mar chaoir nduinn
86] matal sgarlóid, sgiamh ndíoghainn,
87] is léini chaol mar chailc ngil
88] fá dhá thaobh uí Airt Aoinfhir.
- 89] Diobhruigis sgoth a sgingi
90] uaidh ag imirt fhithchille:
91] cúl réidhshleamhain tais do theilg
92] dá bhais mhéirleabhair mhíndeirg.
- 93] Súil chochlach uaine aga,
94] dó bhais mhíne mhérfhada,
95] is bonn tana saor sleamhain,
96] mala chaol donn druimleabhair.
- 97] Minic luaittear a leabhraibh
98] oidhre taoibhgheal Toirrdhealbhaigh:
99] cúl fiar is fleasga 'na bharr
100] trian a theasda ní thabhram.