Corpus of Electronic Texts Edition
M'anam do sgar riomsa a-raoir (Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh)
p.101
Muireadhach Albanach cct.
- 1] M'anam do sgar riomsa a-raoir,
2] calann ghlan dob ionnsa i n-uaigh;
3] rugadh bruinne maordha mín
4] is aonbhla lín uime uainn.
- 5] Do tógbhadh sgath aobhdha fhionn
6] a-mach ar an bhfaongha bhfann:
7] laogh mo chridhise do chrom,
8] craobh throm an tighise thall.
- 9] M'aonar a-nocht damhsa, a Dhé,
10] olc an saoghal camsa ad-chí;
11] dob álainn trom an taoibh naoi
12] do bhaoi sonn a-raoir, a Rí.
- 13] Truagh leam an leabasa thiar,
14] mo pheall seadasa dhá snámh;
15] tárramair corp seada saor
16] is folt claon, a leaba, id lár.
- 17] Do bhí duine go ndreich moill
18] ina luighe ar leith mo phill;
19] gan bharamhail acht bláth cuill
20] don sgáth duinn bhanamhail bhinn.
p.102
- 21] Maol Mheadha na malach ndonn
22] mo dhabhach mheadha a-raon rom;
23] mo chridhe an sgáth do sgar riom,
24] bláth mhionn arna car do chrom.
- 25] Táinig an chlí as ar gcuing,
26] agus dí ráinig mar roinn:
27] corp idir dá aisil inn
28] ar dtocht don fhinn mhaisigh mhoill.
- 29] Leath mo throigheadh, leath mo thaobh,
30] a dreach mar an droighean bán,
31] níor dhísle neach dhí ní dhún,
32] leath mo shúl í, leath mo lámh.
- 33] Leath mo chuirp an choinneal naoi;
34] 's guirt riom do roinneadh, a Rí;
35] agá labhra is meirtneach mé
36] dob é ceirtleath m'anma í.
- 37] Mo chéadghrádh a dearc mhall mhór,
38] déadbhán agus cam a cliabh:
39] nochar bhean a colann caomh
40] ná a taobh ré fear romham riamh.
- 41] Fiche bliadhna inne ar-aon,
42] fá binne gach bliadhna ar nglór,
43] go rug éinleanabh déag dhún,
44] an ghéag úr mhéirleabhar mhór.
- 45] Gé tú, nocha n-oilim ann,
46] ó do thoirinn ar gcnú chorr;
47] ar sgaradh dár roghrádh rom,
48] falamh lom an domhnán donn.
p.103
- 49] Ón ló do sáidheadh cleath corr
50] im theach nochar ráidheadh rum
51] ní thug aoighe d'ortha ann
52] dá barr naoidhe dhorcha dhunn.
- 53] A dhaoine, ná coisgidh damh;
54] faoidhe ré cloistin ní col;
55] táinig luinnchreach lom 'nar dteagh
56] an bhruithneach gheal donn ar ndol.
- 57] Is é rug uan í 'na ghrúg,
58] Rí na sluagh is Rí na ród;
59] beag an cion do chúl na ngéag
60] a héag ó a fior go húr óg.
- 61] Ionmhain lámh bhog do bhí sonn,
62] a Rí na gclog is na gceall:
63] ach! an lámh nachar logh mionn,
64] crádh liom gan a cor fám cheann.