Corpus of Electronic Texts Edition
Créd agaibh aoidhigh a gcéin (Author: Ó Dálaigh Midhe)

p.88

Ó Dálaigh Midhe cc.
  1. 1] Créd agaibh aoidhigh a gcéin,
    2] a ghiolla gusan ngaillsgéimh,
    3] a dhream ghaoidhealta ghallda,
    4] naoidheanta sheang shaorchlannda?

  2. p.89

  3. 5] An choinnimhsi atá in bhur ttoigh,
    6] ar dtoigheacht a gcéin chugaibh,
    7] do cleachtadh dháibh fíon d'ibhe
    8] do láimh ríogh nó ridire.
  4. 9] Meinic do chaithsead a gcuid
    10] do láimh abadh nó easbuig;
    11] ní bhuaidhrid gaillteach dá nglór,
    12] nocha cainnteach a gcomhól.
  5. 13] Meisi a maighistir múinte,
    14] minic mé a measg ghallchúirte,
    15] beag do charaibh chuirim dhíom,
    16] suidhim ar aghaidh airdríogh.
  6. 17] Tárruim dá gach rígh roineart,
    18] aoibhinn damh ar deóruigheacht,
    19] uasal mo riocht sa tír thoir,
    20] ní bhínn gan chniocht am chumaidh.
  7. 21] Ní dó sin adtrásta atú,
    22] a mheic Uilliam, a onchú;
    23] 's ná labhradh sé, a fhlaith Laighean,
    24] an té bhus maith molfaidhear.
  8. 25] Fearr neach ele iná hé féin
    26] dá mholadh, madh maith eiséin;
    27] neach féin go mór dhá mholadh,
    28] céim as lór dá lochdughadh.
  9. 29] Ar teicheadh tánag anos
    30] chugad ón ló nár lamhos
    31] bheith fá chosaibh chloinne Cuinn,
    32] ar losaibh dhoirre Domhnuill.
  10. 33] Domhnall Doire is Droma Cliabh,
    34] ná tréig dhó mé, a mheic Uilliam;
    35] neach dá mbí go cruaidh ad chionn,
    36] an rí thuaidh nocha tréigeann.

  11. p.90

  12. 37] Beag ar bhfala risin bhfear,
    38] bachlach do bheith doin cháineadh,
    39] mé do mharbhadh an mhoghadh -
    40] a Dhé, an adhbhar anfholadh?
  13. 41] Rí Easa Ruaidh do-rinne
    42] bagar orm tré aininne
    43] do-ghén tréna ngealltaibh dhamh
    44] mo bhél ré seabhcaibh Saxan.
  14. 45] Mé ar h'eineach 's ar eineach nGall,
    46] 's gach aon iomarchas iarann;
    47] a nathair sheang ghlan gharccsa,
    48] gabh fád cheann mo chonmharccsa.
  15. 49] Cá fios nach tiucfadh ad theagh
    50] aos dána na ccóig ccóigeadh?
    51] fiafraigh gach aonuam as fhearr
    52] do shaorshluagh iarthair Éireann.
  16. 53] Ní saoi gach file lé fios;
    54] nocha n-ughdar gach éigios;
    55] do chneassa ad-chiam gan ainimh;
    56] dó dtrian feasa fiafraighidh.
  17. 57] Ní comhfhad bhíos barr na mér,
    58] ní bhí uile cách coimhthrén;
    59] clár nocha bí gan bhranán,
    60] ní bhí ál gan uachtarán.
  18. 61] Tusa ceann do chinidh féin,
    62] a mheic Uilliam go n-óirnéimh;
    63] an té as fhearr dá gach aicme,
    64] as hé as ceann don chlannmhaicne.
  19. 65] Beag a fhios agad, dar leam,
    66] cia misi d'fhearaibh Éireann;
    67] spéis am dhánuibh dhlighe dhe,
    68] Ó Dálaigh Midhe meise.

  20. p.91

  21. 69] A Riocaird óig an fhuinn ghloin,
    70] ó nach mair Uilliam t'athair,
    71] do ghiall Clann Uilliam uile
    72] dod bharr chruinnfhiar chróchbhuidhe.
  22. 73] As leat Cruacha mhór Mheadhbha,
    74] Teamhair, as tú a tighearna;
    75] ón ló as é do theagh Teamhair,
    76] as mo chean a cóigeadhaigh!
  23. 77] As leatsa Múr Mheic an Duinn,
    78] dán hainm Caislén Uí Chonuing;
    79] as leat anoisi an cladh clach
    80] dár ghabh Mac Coisi an cédrath.
  24. 81] Áluinn slios an tighe thall
    82] an tráth fá dheóigh do dhéchsam;
    83] ní fhacaidh súil slios tighe
    84] go bhfios dúin budh daoinighe; -
  25. 85] Teagh budh leabhra gile lámh,
    86] teagh budh tana troigh bhonnbhán,
    87] teagh budh connloighe cladhfholt,
    88] 's budh lonnraighe lámhanart; -
  26. 89] Teagh budh gile guala is ucht,
    90] is budh bélchorcra banntracht,
    91] teagh budh cromghlanbhuidhe cúil
    92] ós gormabhruighe glasshúil; -
  27. 93] Teagh budh lia uscar órdha,
    94] teagh budh lia fear friothólmha,
    95] teagh budh lia dáileamh deighfhear, -
    96] nár sáidheadh 's nach sáithfidhear!
  28. 97] A Riocaird Bheinne Bladhma,
    98] ná tréig an t-aos ealadhna;
    99] gibé oirbheart do-né neach,
    100] ní hoirdhearc é gan eineach.

  29. p.92

  30. 101] Ná beir leithbhreith, a fhlaith Gall,
    102] ná tréig ar thrén an t-anbhfann;
    103] sgél éithigh ná hadhair dhe,
    104] ná tabhair bréithir mbréige.
  31. 105] Ná bí réd bhiodhbhaidh go mín,
    106] ná bí go huis ré hairdrígh,
    107] ná bí ar tí chagaidh ar chlag,
    108] ná bí ar abaidh ná ar easbag.
  32. 109] Ná bí ré mílidh go meata,
    110] ná bí ré mnaoi go míleata,
    111] ná bí ar filidh go fortail,
    112] a rí an chinidh Chonnachtaigh.
  33. 113] Fá neimhiongnadh uair eile
    114] a Riocaird, a ridire,
    115] each luath ó Gholl 'na nglaicne
    116] ní cuach corr go gcubhairchre.

    Créd.