Corpus of Electronic Texts Edition
Mór ar bfearg riot a rí Saxan (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.73
Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cc.
- 1] Mór ar bfearg riot a rí Saxan,
2] a sé a dhamhna,
3] do-raduis, gér mhór a meanma,
4] brón for Bhanbha.
- 5] Ma a leannán d'fosdadh na hégmuis,
6] d'uaim lé mór-rath,
7] inis Éirionn an gheal ghríanach,
8] as bean bhrónach
p.74
- 9] Fúar iompa inntinn mo chridhe,
10] crúaidh an cosnamh,
11] gén gur b'eagail do shearg Shaxan
12] mh'fearg is mh'osnadh.
- 13] Tré chúairt Mhuiris mhic an íarla
14] a n-égmais Bhanbha,
15] ní théid a bhrón dí ná a dhiomdha,
16] mÓr dí a dhamhna.
- 17] Brón ar éicsibh innsi Fódla
18] 's ar a bfionnmhnáibh,
19] ó do fáguibh dún geal Gabhráin
20] fear úr Iomdháin.
- 21] Ón ló do ghlúais mac mic Thomáis
22] an táoibh leabhair,
23] gan féchain síar acht súil soirin
24] dhúinn 'na dheaghaidh.
- 25] Nó go bfaiciom seól Sior Muiris
26] do mhuin chnairre,
27] mé ag féchain ar lucht gach luingi
28] d'ucht gach aille.
- 29] Iongnadh dhúinn reacht ré rígh Saxan
30] na slógh meanmnach,
31] tré bheith aigi go mear muirnioch
32] don gheal ghreadhnach.
- 33] Dalta rígh Saxan Sior Muiris
34] maith a chaomhna,
35] trén ina mhúr mac an íarla,
36] slat úr aobhdha.
- 37] Ní hiongnadh d'feabhas a mhúinte
38] maith dá ndingne,
39] ní hiongnadh le méd a mhuirni
40] éd rí a inmhe.
p.75
- 41] Aóibhnios Saxan, sáorchúairt Éirionn,
42] 'gá fhult níamhda
43] fear fá mbía deinmni gach díorma,
44] eigre an iarla.
- 45] Lé a oide, lé hairdrígh Saxan,
46] siobhal díoghainn,
47] téid isan bFraingc n-ealaigh n-áloinn
48] bfleadhaigh bfíonduinn.
- 49] Sgéla na Fraingce, fios Saxan,
50] suairc an comhrádh,
51] do-gébhthor 'gan ghasda ghealmhór,
52] bhlasda bonnbhán.
- 53] Buidhioch inn dá oide múinte,
54] múnadh thaisgios,
55] 'sas diomdhach mé dá fod fosdus
56] an bog baisdeas.
- 57] Fúair búaidh gcéille is gcrotha is gconáigh
58] ceann an fionnshlóigh
59] gá ttám acht do-fuair gach iolbhúaidh
60] go mbúaidh mbionnghlóir
- 61] Nocho ttabhar a gheall gaisgidh,
62] ná a gheall gáoisi,
63] ná geall a dheilbhe ná dhúaisi,
64] d'eighre a áoisi.
- 65] Treisi fá rath, rath go gconách,
66] croidhe adhnáir
67] cíall dá choimhéd,
68] ciabh na bfoighég arna bfaghbháil.
- 69] A aimhlios an uair do-níthear,
70] do-ní a dhearbhadh
71] an fód tegaimh fá a bhonn bairrgheal
72] don donn dhealbhghlan.
p.76
- 73] Na hairdrionnaigh agá faisnéis
74] dá fult ngéigfíar
75] d'fior a anbhraith
76] cion ar an ardflaith as égciall.
- 77] Lugh Lámhfada leithéid Muiris,
78] mhóras dámha,
79] comhmór bfeasa an conchlann cródha,
80] comhthrom gcána.
- 81] A n-áois Muiris mic an íarla
82] do fóir Banbha,
83] dá ttug leagadh d'fine Fomhra
84] bile Bladhma.
- 85] Tadhbhas do Lugh, leannán Teamhra,
86] thoir a nEamhain,
87] dá ránaig sé ar súr gach domhain,
88] múr Té Teamhair.
- 89] Dúnta an chathair ar cionn Logha,
90] láoch ro thoghsom,
91] téid gusan múr sleamhain slioschorr,
92] beanaidh baschrann.
- 93] Ar an doirseóir ris an deaghlaoch,
94] fá doirbh rúaigfearg,
95] cáit as a ttig an fear áith ógard
96] bláith geal grúaiddearg.
- 97] Ris an doirseóir adubhairt Lugh,
98] nár loc iomghuin
99] file meisi a hEamhain abhlaigh
100] ealaigh iobhraigh.
- 101] Nocha dhlighi, ar doirseóir Teamhra,
102] tocht díar ndaighthigh,
103] atá fear réd cheird san chathraigh,
104] a dheirg dhaithghil.
p.77
- 105] Teach Miodhchúarta ag macuibh Eithlionn
106] um an am-soin
107] tréidhe an tighe feactha fhinn-sin,
108] teactha tharrsaibh.
- 109] Do thréidhibh Thighe Miodhchúarta,
110] as mín críochbhuird
111] nach leigthior dís inn re háoincheird,
112] a finn fíochbhuirb.
- 113] D'iomat ceard ag Túaith Dé Danann,
114] dháilios bruta,
115] ceird ar nach bfuil aithne aca,
116] caithfe chuca.
- 117] As dum cheardaibh,
118] ná ceil is tigh a ttá an bhuidhion,
119] léim ar bhailg is gan a bloghadh,
120] tairg dá thuireamh.
- 121] Snámh ós éttreóir,
122] iomchor dabcha ar drumuibh uillionn,
123] atá dhá cheird ar mo chumhang,
124] eirg dá fuighioll.
- 125] Fíafraigh an bfuil fear a ndénmha
126] don druing neamhlaig,
127] ríagh éineich san bfaithchi bfionnbhuig,
128] graifne gheallmaid.
- 129] Atá sonn d'iomurcaidh orra,
130] an uiriod tuirbim,
131] 's ní fuil ina gceird mo choimhghrinn,
132] ní d'feirg fuighlim.
- 133] Ar gcluinsi ar chan an macáomh,
134] mór a thairmséin,
135] d'agallaimh Thúath Dé don doirseóir
136] lúath é ainnséin.
p.78
- 137] Fear san doras, ar an doirseóir,
138] rén doirbh coimeas,
139] atá an uile cheard ar a chommus,
140] an dearg doinndeas.
- 141] Damadh é Lugh, leannán Fódla
142] na bfonn sriobhfann,
143] do bheith ann, ar Túath Dé Danann,
144] dob é a ionam.
- 145] Geall n-égaisg ón fior san doras,
146] damhna leisgi,
147] nocha ndearnadh d'úir ná d'uisgi,
148] dúil dán dleisdi.
- 149] A tháobh, a aghaidh, a earla,
150] eochair thogha,
151] tríar ar snúadh áoil agus umha
152] agus fola.
- 153] Binni a theanga iná téda meannchrot,
154] agá míndeilbh
155] ón sádhail súan,
156] a lámhaibh suadh agá sírsheinm.
- 157] Asé sin, ar slúagh na cathrach,
158] ar gceann báidhe,
159] aonmhac Eithni,
160] saorshlat ar nach beirthi báire.
- 161] Brosdaighthear, ar Túath Dé Danann,
162] doirseóir Teamhra,
163] d'ionnsoighi na cráoibhe cubhra,
164] aoídhe Eamhna.
- 165] Mása thú an t-Ioldánach oirrdearc
166] an airm ghlaisgéir,
167] as mo chean duid, ar an doirseóir,
168] a bhuig bhaisréidh.
p.79
- 169] Tair san dúnadh, ol an doirseóir,
170] Día do bheatha.
171] Ac, ná hosluig,
172] ar an tslat lér cosnaid creacha.
- 173] Teamhair Airt go héirghi gréini,
174] geis don dúnadh
175] oslugadh an dúin do dhénamh,
176] arná dhúnadh.
- 177] Nír mhill geasa ghríanáin Teamhra
178] an teaghlaigh airmdheirg,
179] tug céim ar gcúl,
180] rug léim isan mhúr don mhaighleirg.
- 181] Ní bhrisfeadh ar bhailg ós abhainn,
182] d'aighthibh ógbhonn,
183] léim áith éttrom
184] a dhá ghégbhonn réidh mbláith mbrógdhonn.
- 185] Mar sin táinic go Teagh Miodhchuart
186] na múr ngreadhnach,
187] dár fhóir a fholt gleannach gabhlach
188] teallach Teamhrach.
- 189] Aithghin Logha nó Lugh a-rís,
190] go ráith Luimnigh,
191] a thréidhi acht gan teacht go Teamhraigh,
192] ceart ro chuimhnigh.
- 193] Cosmhail cúairt Logha ó lios Eamhna
194] d'foghluim ghairggníomh,
195] as cúairt Muiris go lios Lonndún,
196] d'fios an airdríogh.
- 197] Comhachta mheic Lir is Logha
198] ag leannán Manann,
199] cían úatha é
200] 'sa dhíall ré Túatha Dé Danann.
p.80
- 201] Mac Eibilín, airgnioch Gaoidhiol,
202] gearr go ttora,
203] dár gcabhair tar mearthuinn mhara,
204] leathchuing Logha.
- 205] Ag deaghoil Éirionn re hurchra
206] da folt cloidhfionn
207] ar Lugh 's ar Thúath Dé Danann
208] é 's a foirionn.
- 209] Do líonadh a los a athar
210] as úr méine,
211] an dá oilén arda úaine,
212] Alba is Éire.
- 213] Cuimhnigheadh céimionna a athar
214] as úr deighsén,
215] as amhlaidh as cóir gach coilén,
216] mar a cheinél.
- 217] Tiomna do fáguibh a athair
218] ga folt cráobhnocht,
219] a rath 'sa ainm is a íarlacht
220] is a áobhdhacht.
- 221] Bíaidh, madh aithreamhail a aigneadh,
222] dá fíos téidsi,
223] tuilleadh buidhe an íarla óigsi
224] ris an éigsi.
- 225] Ná grádoigheadh mac meic Gearailt
226] na nglac saoírdheas,
227] go ttuga ucht na slógh síairdheas,
228] ól ná áoibhneas.
- 229] Fuilngeadh ag fóirithin Banbha
230] da bharr taistiogh
231] siobhal mara aidhbhle as uisgeadh
232] ainmni is aisdear.
p.81
- 233] Mumha í Luighdioch ná léigeadh,
234] gomadh leis féine
235] an fonn úr úaine,
236] Gúaire súl gcorr ara chéili.
- 237] Íarla óg Deasmhumhan dlighidh
238] díon na ttrumshlógh
239] tugsat do ghéig Ruidhe roghrádh
240] uile d'urmhór.