Corpus of Electronic Texts Edition
A Cholmáin mhóir mheic Léinín (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.70

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
  1. 1] A Cholmáin mhóir mheic Léinín,
    2] a bhinnegnaidh bhaisghléimhín,
    3] grádh dhuid as dú d'Íbh Dálaigh,
    4] tú ar gcuid dona Colmánaibh.

  2. p.71

  3. 5] Atá ann eochoir leasa,
    6] cuimhnigh an gcráoibh gcoibhneasa,
    7] ar léim ná léigsi a chara,
    8] dod fhréimh th'éigsi ar n-ealadha.
  4. 9] Tú oide an fhileadh ó ttám,
    10] a érlaimh dan hainm Colmán,
    11] as comhrádh as canta amach
    12] Colmán dár dhalta Dálach.
  5. 13] Ní bhíadh Dálach ris an dán,
    14] mona bheadh re a chois Colmán:
    15] dobadh léir é ar a oidiocht,
    16] sé in gach céim gá chomhaideacht.
  6. 17] Gidh cúich adeir ná badh dleacht
    18] ní ar an ndán — dia do chléirceacht —
    19] ní ceard a n-aghaidh Dhé an dán,
    20] as é do chabhair Colmán.
  7. 21] Colmán dá nar cóir neimhshearc,
    22] seal fada lé filidhiocht:
    23] nocha ría badh dáigh a dhol,
    24] monbadh áil lé Día a dhénamh.
  8. 25] Ar Cholmán Chlúana hairde
    26] do cuireadh an chédchairde:
    27] tug ma cheann druim ris an dán,
    28] fearr an chuing ar ar claochládh.
  9. 29] Do ghrádhaigh creidemh comhlán
    30] da bfuair ar nimh Naomhcholmán:
    31] 'na hiongnais fhúair a chabhair,
    32] tiomnais uaidh an ealadhain.
  10. 33] Fáth ar gcairdis cuirthi a mbrígh
    34] lé Colmán mór mac Léinín:
    35] tiomna Colmáin ar a cheird
    36] tré diomdha an bhonnbháin bhéildeirg.

  11. p.72

  12. 37] Aigi do fháguibh an dán,
    38] bronndalta do bhí ag Colmán,
    39] an céidfhear ór slonnadh sinn,
    40] ollamh dárbh éigion uirrim.
  13. 41] Dob é Dálach a dhalta,
    42] air do fhear a bheannachta:
    43] d'fírfhréimh a sheandalta ó shoin,
    44] beannachta an fhíréin oghnaidh.
  14. 45] Maithi mhuinntire Dálaigh,
    46] a ttreisi atá a bfágbhálaibh:
    47] ar fhádaibh an domhnán duinn
    48] Colmán do fháguibh aguinn.
  15. 49] Dob oirchios d'aicmi Dhálaigh,
    50] dá ttug éicsi n-édálaigh,
    51] dúana do dhérghadh dá ndán
    52] d'érlamh Clúana, do Cholmán.
  16. 53] Mar do-radais dhúin ar ndán,
    54] a chomhachtaigh, a Cholmán,
    55] faghaibh cathair mar dhún nDé,
    56] dhúnn ar gcathaimh ar gcéidré.
  17. 57] Féch oirn, a oide ar sinnsir,
    58] mon gcathraigh n-aird n-aoibhinnsin:
    59] gabh mé seach gach áon réd ais,
    60] ar gháol an té do thoghais.
  18. 61] Ná raibh agád ar n-éra,
    62] guidhim thú go ttaisbéna
    63] do shíol do bhronndalta ar bháidh
    64] bríogh do chonganta, a Cholmáin.

    A Cholmáin.