Corpus of Electronic Texts Edition
A chláirsioch Chnuic Í Chosgair (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.66
Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.
- 1] A chláirsioch Chnuic Í Chosgair
2] chuirios súan ar síorrosgaibh,
3] a nuallánach bhinn bhlasda,
4] ghrinn fhuaránach fhorasda.
- 5] A chlár buadha as bláith mínlearg,
6] a mhonghárach mhéirfhírdhearg,
7] a cheóladhach do chealg sinn,
8] a dhearg leómhanach láinbhinn.
- 9] A bhrégadh eóin a healta,
10] a fhionnfhuaradh aigionta,
11] a dhonn bhionnfhoclach bhallach,
12] lonn iongantach iodhlannach.
- 13] A leighios gach laoich ghonta,
14] a shógh brégtha banntrachta,
15] a eól gnáthach ós goirmlinn,
16] a cheól fáthach foghairbhinn.
p.67
- 17] A bháthadh gacha croinn chiúil,
18] a chrann taitneamhach taidhiúir,
19] a chomhnaidhi eidir chloinn gCoinn,
20] a chroinn donnbhuidhi dhíoghainn.
- 21] A aoinleannán na n-eólach,
22] a chorrach bhláith bhinncheólach,
23] a rélta chorcra ós cionn síodh,
24] a mhionn ochta na n-airdríogh.
- 25] A sgatha binne boga,
26] a chláirsioch dhonn Diarmada,
27] a chruth gan fhúath ó fheadhain,
28] a ghuth cúach a gcéiteamhain.
- 29] Ní chúala ceól mar do chronn,
30] tar éis Túaithi Dé Danann;
31] a chraobh dhonnloghach dhata,
32] chaomh fhorbharach allata.
- 33] A fhúaim trágha ré toinn cciúin,
34] a chrann fosgadhghlan fírchiúil,
35] fleadha 'gá n-ól it fhochair,
36] a ghlór eala ós fhionnshrothaibh.
- 37] A núall ban sídhe a Síth Lir,
38] 's gan ceól do chor at aighidh,
39] ód threóir as téidbhinn gach teach,
40] a chéidrinn cheóil na gcláirsioch.
- 41] Nó no as tú an Áisioch Fhalláin,
42] an Mhíonghlórach Mhanannáin,
43] ríoghna súarca ag tríall it theach,
44] do mhían do chúarta, a chláirsioch.
p.68
- 45] Nó as tú do bhí ag Aonghus Óg
46] i mBrugh Bóinni na míonród
47] cuirfidh sé snaidhm ar eólach
48] fa hé th'ainm an Ilcheólach.
- 49] Ó Mhanannán tar muir mall
50] cláirsioch mar thú fúair Fionnbharr
51] nír féadadh snaidhm badh socra
52] darbh ainm Brégadh Banntrachta.
- 53] Tú Ballchaomh Bhuadha Bhuidhbh Dheirg,
54] iomdha ball corcra id chaoimhleirg,
55] ballchaomh ód thochta gach teach,
56] a lannchraobh chorcra, a chláirsioch.
- 57] Féithchiúin Ilbhreic Easa Ruaidh,
58] cláirsioch chruthach cheóil fhionnfhuair,
59] ciúin do labhair ar gach leath,
60] samhail do chiúil, a chláirsioch.
- 61] Badh í an Téidbhinn th'ainm oile
62] ag mac Donnchaidh Dhormhaighi;
63] tug tú do thédaibh 'na theach
64] gur mhédaigh do chlú, a chláirsioch.
- 65] Do-bhéram ainm nua anosa
66] ort, a chláirsioch chéadnasa,
67] réidh ód chlú troimfhearg troda,
68] as tú Doinndearg Dhiarmada.
- 69] Ag Diarmait as dócha dhuit
70] bheith fa chlú, a chláirsioch orrdhruic;
71] ní haigionta tnúdh ré a theach,
72] ní múr caigiolta cláirsioch.
- 73] A Í Chonchobhair chathrach Coinn,
74] a mheic mheic Í Mhaoil Eachloinn,
75] daoine sona ag tnúdh réd theach,
76] do mhúr as cora cláirsioch.
p.69
- 77] Adhmholadh Coluim Chille,
78] ní fhuil ceól as coimmbinne,
79] béraidh sé re seal nguidhi
80] mé go Teagh na Trócaire.
- 81] Aoghuiriocht Pheadair Phuirt Grég
82] lór liom ar chion dum choimhéd,
83] ar ar gcúl do chrann smachta,
84] thall i ndún na diadhachta.
- 85] Ar mhéid meadhrach a mhúir chuirr
86] Mháig Eochagáin fhúair urruim
87] biaidh cnoc lomnán ar gach leath
88] d'orghán a chrot 's a chláirsioch.A chláirsioch.