Corpus of Electronic Texts Edition
A Shionann Chuinn Chéadchathaigh (Author: Tadhg Óg Ó Huiginn)

p.61

Tadhg Óg Ó hUiginn cct.
  1. 1] A Shionann Chuinn Chéadchathaigh,
    2] deacair leanmhain do léimeann:
    3] nocha nfhaca h'éntsamhail
    4] leath a bhus do mhuir Éireann.
  2. 5] A mhaighreach bhog bhairrleabhair,
    6] iomdha fiodh áluinn umad:
    7] mór an éagcóir t'ainmneaghadh
    8] ó dhuine d'fhearaibh Mumhan.
  3. 9] Dúthcha dhuit bheith againne,
    10] dá bhféachtha dona fáthaibh:
    11] Gleann Gaibhle as é t'athairsi,
    12] an Bhréifne as í do mháthair.

  4. p.62

  5. 13] Mar mhusglas do mhór-bhuinne
    14] goirid bheag ó Shliabh Raisean,
    15] nochan ó Bhrian Bhóroimhe
    16] do budh cóir bheith dot bhaisdeadh.
  6. 17] Dá ndearnta-sa orainne,
    18] ó do cuireadh thú a seilbh mbréige,
    19] do-bhéarmaois do chomhairle
    20] duit iompúdh dod thír féine.
  7. 21] A bhuinne mhall mhín-iasgach
    22] fan hiomdha adhbha éarlamh,
    23] ó do-ní sealbh sír-iasacht,
    24] ní racha tú ar a ndéanamh.
  8. 25] Do-ghéan-sa do chosnamh-sa
    26] le Diarmaid ar son dána,
    27] agus cosnaid Connachtaigh
    28] ris tú ar thoradh lámha.
  9. 29] Más uime do iarradar
    30] tú ar bheith láimh ré Luimneach,
    31] do bhádhus a nIarmhumhain,
    32] 'snocha dearna dhíom Muimhneach.
  10. 33] As leathtrom an t-ordachadh
    34] do shíol Bhriain bheith dár sreabhaibh,
    35] 'snach abraid síol cConchobhair
    36] gurab leó Laoi nó Leamhain.
  11. 37] Dá madh le gach comharsain
    38] fonn gach fir oile, a Shionann,
    39] máseadh is do Chonnachtaibh
    40] leath amuigh dhíot, a Shionann.
  12. 41] Muimhnigh má do-rinneadar
    42] sealbh dot bhuinne saor sriobhard,
    43] créd do-bheir ar Mhidheachaibh
    44] gan dol ad sheilbh, a Shionann?
  13. 45] Ceisd iongnadh ort agoinde,
    46] a Chríosd thoicthigh gach ionam,
    47] nar cuireadh a n-aithearrach
    48] abhann romhad, a Shionann?

  14. p.63

  15. 49] Abair riom, a Ógh-Mhuire,
    50] chuirios bláth fiond ar fhiodhcholl,
    51] créd tug ar Bhrian Bóroimhe
    52] gan dol ad sheilbh a Shionann?
  16. 53] Roinntear Éire fhóid-ghreanta
    54] le Fionntan, mar fuair Iollann,
    55] ataoi-si don chóigeadh-sa
    56] ó shoin anuas, a Shionann.