Corpus of Electronic Texts Edition
A Shionainn Bhriain Bhóroimhe (Author: Diarmaid Ó Briain)

p.60

Diarmaid Ó Briain cct.
  1. 1] A Shionainn Bhriain Bhóroimhe,
    2] iongnadh is méad do gháire,
    3] mar sguire dod ghlóraighe,
    4] ag dol siar isin sáile!
  2. 5] Gluaise láimh ré Bóroimhe,
    6] téighe láimh ré Ceann Choradh,
    7] ag moladh Mhic Mhór-Mhuire,
    8] go bráth bráth as binn t'foghar.

  3. p.61

  4. 9] An port as a dtéighesi,
    10] ó Shliabh Iarainn, ga neimhcheilt,
    11] lór a luaithe téighisi
    12] tré Loch Ríbh tré Loch nDeirgdheirc.
  5. 13] Ag dol tar Eas nDanainne
    14] nocha nfhéadthar do chuibhreach;
    15] as ann do-ní an ramhaille,
    16] ag dola láimh re Luimneach.
  6. 17] Ó Luimneach an mhearsháile
    18] go dtéighe a n-Inis Cathaigh,
    19] láimh re port ar Seanáinne,
    20] caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh?
  7. 21] Fa imlibh ar bhfearainne
    22] meinic théighe in gach ionam,
    23] ar ais tar Eas Danainne,
    24] ag dul san bhfairge a Shionann.
  8. 25] Bóinn is Siúir is Sein-Leamhain
    26] agus Suca na[ch] sriobhmall,
    27] adeirit na deighleabhair
    28] gurab uaisle tú a Shionann.