Corpus of Electronic Texts Edition
Ní dúal cairde ar creich ngeimhil (Author: Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha)

p.54

Domhnall Mac Dáire
  1. 1] Ní dúal cairde ar creich ngeimhil:
    2] bíaidh brath úaim gan édeimhin —
    3] dóigh creach gá haird a bfaghar? —
    4] sul deach ós aird mh'fúasgaladh.
  2. 5] Triúr fileadh fada ó ríaghail
    6] dhúinn i láimh lé leithblíadhain:
    7] 'na dhíol soin gá geall ghébhthar?
    8] dá mbem a-moigh moithéght[h]or.
  3. 9] Do-ghénsa, acht go bfaghar faill,
    10] sul deachad raibhthi romhainn,
    11] chreich ngeimhle lém dháimh ndoiligh
    12] ar eighre an chláir Chíarroighigh.
  4. 13] Do m[h]ac inghini an íarla
    14] dlighthear íoc na hainnríaghla:
    15] glais núabhairrthi fáoinn a bFainn,
    16] ai chrúadhfairc[h]e cháoil chumhaing.
  5. 17] Badh íad mh'feadhan ar bfilidh,
    18] lucht bheirthi breath n-aindlighidh:
    19] sreath iolfáobhair raghlain rann
    20] d'am[h]ruibh ionáonaigh agam.

  6. p.55

  7. 21] Ar chreich ríodhamhna an ruisg mhoill
    22] badh é an t-oineach mh'fear tarroing:
    23] dénta ní an uairsi uirrthi —
    24] badh í an úaisle ar n-eólaichne.
  8. 25] Ní bhía ag bruithion ná ag boigsín
    26] mo chor tar creich Phádraigín:
    27] i bfoithribh nó i gcíogh choille
    28] díon ní f[h]oighthir orainne.
  9. 29] Cúairteóchar dhúinn — gá dám ris? —
    30] fá mhíonchlár Mhoighi an Éigis,
    31] 's um Ard n-úr bfíonmhar bFearta,
    32] gach múr síodhghlan súaithionta.
  10. 33] Cuirfiom luighi ar Lios Túathail
    34] an fóid bhráontais bhionnchúachaigh,
    35] 's loighi ar ghoirm — Leic súairc Snámha —
    36] badh cuairt oirdhreic édála.
  11. 37] Béraid orainn ógbhadh Grég,
    38] líon creiche ar chách do choimhéd;
    39] tóir nach édána ar foghlaibh,
    40] dóigh édála dh'ollomhnaibh.
  12. 41] Ealbha láoch nach loc dochar,
    42] tóir nach éidir d'iomachar,
    43] fir iomc[h]ras tóroighiocht throm,
    44] slóghoiriocht fionnchas Fíanonn.
  13. 45] Ní fras cháoilsleagh chailgios neach,
    46] ní fras ghríobhdha ghlac neimhnioch,
    47] fras dhúan lé ndingébhthar Goill
    48] 's a lúagh imért[h]ar edroinn.
  14. 49] Léigfid fáoinne a bfrasa séd,
    50] léigfimíd d'ógbhaidh finn-Ghrég,
    51] frais ndeghmholta 'na ndáil sin,
    52] neamhghonta ór ngáibh na Grégaigh.

  15. p.56

  16. 53] Badh é a chríoch — gá tréine treas? —
    54] go mbrisfimni an t-ord éigius
    55] lér sreith líonmhair mhir mholta
    56] don ríoghraidh ghil ghrúadhchorcra.
  17. 57] Gá hiorghal nach íad do bhris?
    58] ní bhí choidhche ar chloinn M[h]uiris
    59] gúais reann, acht airm a n-ollamh;
    60] maidhm 'na gceann ní chúalamar.
  18. 61] 'San troidsi dá tteagmham ris,
    62] Pádraigín mac Meic Muiris, —
    63] ní hédail é arab áil roinn —
    64] sé i láimh ní hédáigh againn.
  19. 65] Ní díon dó a lámhach ná a lúdh:
    66] ní léigfiom úainn gan fasdúdh,
    67] le a bheirt bfúair nglanmháilligh ngil,
    68] an sdúaigh n-aghnáirigh n-áilghin.
  20. 69] Atád agam oirchill sás
    70] lé bfosdfa mé mac Tomás:
    71] roinn leabhra go lán bfuinnigh;
    72] cládh a feadhma um ámhuillibh.
  21. 73] Oidhre an láoich ó Leic Snámha —
    74] mo chean dan cion édála —
    75] sdúagh cháomhGáille ar ar chinn cruth,
    76] áonbhráighi ghill na nGrégach.
  22. 77] Rédla thúaidh Mhumhan Meic Con,
    78] Pádraigín pór na n-íarladh,
    79] mír glanchrúaidhe, glún ré bfrais,
    80] an t-ath-Ghúaire ó Dhún Durlais.
  23. 81] Lámh chúartaighthi Chlann gCarrt[h]aigh,
    82] uille chrúaidh re Conallchaibh,
    83] slat nach sní tréinfine Tháil —
    84] do ní éinfili a édáil.

  24. p.57

  25. 85] Sgél leam ar a leithéid soin,
    86] fúair ceannus an chláir Ultaigh,
    87] sgoth chráobhslat Leasa Lughaidh,
    88] áonm[h]ac Neasa a-nallamhain.
  26. 89] Tug a mháthair 'na mac ríogh
    90] lá éigin d'fios a chéidghníomh,
    91] dár thúar rí Macha a mholadh,
    92] trí clacha do Chonchobhar.
  27. 93] Tug don naídhin súairc suilbhir
    94] chloich in gach láimh leabhairghil —
    95] sdúagh nár ón tseangBhanna tséimh, —
    96] lán a dhearnanna dhíbhséin.
  28. 97] Do ráidh Neasa an fuilt fionnghloin,
    98] dá ngabhthá, a mheic mhóirionmhoin,
    99] do fionnfuinn thríd do threisi,
    100] an líg n-iomt[h]ruim eilisi.
  29. 101] Ní thig dhíom, is mo dhorn lán,
    102] a mháthair, ol an macámh,
    103] mo lámh do char mon gcloichsi,
    104] go sgar lán rém lámhuibhsi.
  30. 105] Ní hiongnadh sin, ar sisi,
    106] tuig, a chnú mo chridhisi,
    107] nach ttoillfi acht a lán id láimh,
    108] dámadh ál choidhche a c[h]ongmháil.
  31. 109] Léig chugad an gcloich oile,
    110] léig uaid, a uá Rudhroighi,
    111] an gcloich nglais gcoirrimligh gcruinn,
    112] dod bhais doinningnigh dhíoghainn.
  32. 113] Dad mhúnadh, a mheic Fachtna,
    114] fá dháil na séd sáoghalta —
    115] a srían réd chradh ná congaimh —
    116] as ciall damh 'na ndubhramair.

  33. p.58

  34. 117] Ná híadh do lámh, a flaith Breagh,
    118] do síor um séduibh Gáoidheal:
    119] seóid cáigh ní héidir dh'fanadh
    120] gan láimh éigin d'fosgaladh.
  35. 121] Bíoth lámh leat gá légadh úaibh,
    122] a sgaith chruithgheal ón gCraobhruaidh,
    123] 's lámh ag gabháil na séd seang,
    124] a bhranáin déd, fád dhíchioll.
  36. 125] Fúair sáormhac Fhachtna Fháthaigh
    126] ór chan ris a ríoghmháthair —
    127] féile an leinbh gá chora i gcion —
    128] a thogha i seilbh na sinnsior.
  37. 129] Do mhér m[h]eadhóin mhíleadh Grég
    130] ní thuigim nár thrácht Mairghrég —
    131] maith cuimhni an feasa 'gan fior —
    132] fuighle Neasa 's an náoidhion.
  38. 133] Do-ghébhsa i láimh é, 's giod[h] eadh
    134] ní lémhdáois gasradh Gháoidheal
    135] ucht ar slógh Grég dá ghabháil,
    136] an ghég do phór Pharthaláin.
  39. 137] Sul cuirthior linn lámh 'na cheann,
    138] énlán beóil fileadh Éireann,
    139] ann as f[h]earr gach áit d'fégadh,
    140] mo gheall cáit a gcoimhédabh.
  40. 141] Ní dhingne mé ar maicne Luirc
    142] leis choidhche ná ar cloinn nGearuilt:
    143] ní taobhtha rú a ngáol i ngioll,
    144] a chrú ar gach taobh 'na thimchioll.
  41. 145] Fían Shaxan do seachna lais
    146] caithfead fós, is fían Durlais —
    147] ga seadh falta acht a bfráoch ruinn? —
    148] dalta na láoch ó Lonnainn.

  42. p.59

  43. 149] Gúais leam a rún dá rochtain,
    150] ní dú a chor i gConnachtuibh
    151] mná áobhdha finngheala a bfear
    152] ingheana máordha a míleadh.
  44. 153] Mac meic Émainn nár ér sgoil,
    154] gúais dá mbeirinn é i nUlltaibh:
    155] báidh ar féile 'gan aicme
    156] lé céile ar gcláir Chormaicne.
  45. 157] Anta leis i Lios Túathail
    158] an m[h]úir fairsing órchuachaigh,
    159] brugh seang na bfoighég bfíthi —
    160] ga fearr coimhéd coigcríc[h]e?
  46. 161] Sáor an braighdionus do-bhér
    162] d'úa Sémuis na sleagh rinnghér,
    163] san chúirt g[h]roighigh ghealmhóir ghloin,
    164] seanróimh oinigh an íarthair.
  47. 165] Suirghi a bfionnbhan, fuighle a súadh,
    166] cruin[n]ighthi minci a marcslúagh,
    167] a sgaith fíneamhna a hór glan,
    168] sódh mímheanma do mhúchadh.
  48. 169] Gébhthor dhó 'na dheaghaidh soin,
    170] brágha láoch Leasa Túathail,
    171] roinn sáora as ar sochuir geall,
    172] go ngothaibh cáola cáoincheann.
  49. 173] Do-bhér lais a láoibh áille —
    174] sochar nach bfúair énbhráighi —
    175] cúairt learg n-ionfúar na n-oirior;
    176] diombúan fearg a bfíadhoighiodh.
  50. 177] Do-bhér dó ré ndol istteach
    178] seal ar ghníomhradh ghreagh n-úaibhreach,
    179] seal snámha ar slios gach calaidh,
    180] fios gach trágha torcharaigh.

  51. p.60

  52. 181] Do-chífe bárc a mbeól chúain,
    182] do-chífi coimhling mharcslúaigh,
    183] is gúais sadh siobhalghrod seang
    184] ó bhioradhmad dhamh ndíleann.
  53. 185] Sruth Féile na bfinnsreabh gciúin
    186] do-chluinfi, budh ceól taidhiúir,
    187] ag labhradh, lór a binni,
    188] mór an t-adhbhar inntinni.