Corpus of Electronic Texts Edition
Mo chean duitsi, a thulach thall (Author: Laoiseach Mac an Bhaird)
p.51
Laoiseach Mac an Bhaird cct.
-
1] Mo chean duitsi, a thulach thall,
2] fád thuisleadh ní subhach sionn;
3] damhna sgíthi do sgeach dhonn,
4] cleath chorr do-cíthe ós do chionn.
-
5] Sgeach na conghára, crádh cáigh,
6] 'na háit comhdhála do-chínn;
7] buain na craoibhe, mo lá leóin,
8] daoire 'na dheóidh mar tá an tír.
-
9] Dubhach mo chridhisi um chum
10] fád bhilisi, a thulach thall;
11] an chleath ó bhfaicinn gach fonn,
12] do sgeach chorr ní fhaicim ann.
-
13] Do bhíoth dhamh ag dénaimh eóil,
14] an ghégsoin fá gar do mhaoin;
15] fada siar ón tírsi thuaidh
16] aniar uaim do-chinnsi an gcraoibh.
-
17] An ghaoth ar bhfoghal a fréamh,
18] craobh gan bhloghadh doba buan;
19] ní tearc neach dá ndearna díon,
20] sníomh na sgeach fá teadhma truagh.
-
21] Gég chruthach bá corcra lí,
22] mé dubhach má dol fá dhlaoi;
23] mairg nár smuain ar dhaoirsi nDé,
24] 's go bfuair mé fád chraoibhsi caoi.
p.52
-
25] Do teasgadh ar n-aoinchreach uainn,
26] an chaoimhsgeach dob easdadh d'eón;
27] sgé a samhla níor fhás a húr,
28] dhúnn go bás badh damhna deór.
-
29] Mo chréidhim go bruach mo bháis,
30] mo-nuar nach éirghionn ar-ís;
31] ní fhaicim cnoc na gcleath gcnuais
32] nach gluais lot na sgeach mo sgís.
-
33] Cnoc na gconghár, crádh na sgol,
34] a n-orláimh námhad a-niodh;
35] d'éis a learg as dubhach dhamh,
36] tulach ghlan do chealg mo chion. Mo.