Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir ghlacas a ghalldacht (Author: Laoisioch Mac an Bhaird)

p.49

Laoisioch Mac an Bhaird cct.

  1. 1] A fhir ghlacas a ghalldacht,

    2] bhearras an barr bachalldocht,

    3] seang-ghlac atú do thogha,

    4] ní tú deagh-mhac Donnchadha.

  2. 5] Ní thréicfea, da madh tú soin,

    6] do ghruag ar ghalldacht thacair—

    7] maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla—

    8] 'sní bhíadh do cheann corónda.

  3. 9] Ní modh leatsa an barr buidhe;

    10] fuath leision na locuidhe,

    11] is bheith maol ar ghrés na nGall—

    12] bhar mbés ar-aon ní hionann.

  4. 13] Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht

    14] Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,

    15] don ghalldacht ní thug a thoil,

    16] an alltacht rug do roghain.

  5. 17] Ní bhean th'aigneadh d'Eóghan Bhán,

    18] do-bhéradh brísdi ar bhegán,

    19] fear nár iarr do chlóca acht ceirt,

    20] lé nár mian cóta is coisbeirt.

  6. 21] Fuath leis ar chaol a choisi

    22] mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,

    23] nó sdocaidhe ar sdair na nGall;

    24] locaidhe air ní fhágbhann.

  7. p.50


  8. 25] Ráipér maol nach muirfeadh cuil,

    26] ní maisi lé mac Donnchaidh

    27] meadh meanaidh thiar ar a thóin,

    28] ag triall go tealaigh thionóil.

  9. 29] Beg a brígh a mbrat órdha,

    30] ná a mbanna ard sholónda

    31] nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,

    32] nó a sgarfa sróill go sálaibh.

  10. 33] Dúil a leaba chlúimh ní chuir,

    34] annsa leis luighi ar luachair;

    35] teach garbh-shlat ná táille tuir,

    36] sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh.

  11. 37] Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,

    38] troid gharbh, comhlann ceitheirne,

    39] cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,

    40] 's gleic d'iarraidh ar allmhurchaibh.

  12. 41] Ní hionann is Eóghan Bán

    42] gáirit 'mad chois ar chlochán

    43] truagh nach bfacas libh bhar locht,

    44] a fhir ghlacas an ghalldacht.