Corpus of Electronic Texts Edition
Uasal céad-obair an Choimdheadh (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.64

  1. 1] Uasal céad-obair an Choimdheadh
    2] críochnughadh nimhe as nua sgiamh.
    3] ceann na dtreabh treabh ar nar cinneadh
    4] teagh as fhearr dá rinneadh riamh.
  2. 5] Teagh ann nach fuil fuacht ná íota
    6] ná ocaras ná ól gann
    7] do dhealbh Dia fa a thoil an teagh-sain
    8] ní fhoil 's ní bhia easbhaidh ann.
  3. 9] Do shuidhigh Dia i gceann a chéile
    10] na cathracha gan cheo ndiagh
    11] is saor snoighe na seacht nimhe
    12] seacht dtoighe as ghile ná an grian.
  4. 13] Obair mhór nar mhór don Dúileamh
    14] do dhealbh talmhain mar tá an sdair
    15] an bioth cé go réidh do roighne
    16] is é féin as oidhre air.
  5. 17] Do cruthuigh le comhair mbráthar
    18] an bioth cé agus cloich is crann
    19] do dhealbh gan chairde is cleas doiligh
    20] fairge im chneas gach oirir ann.

  6. p.65

  7. 21] Do dhealbh grian is éasga is ai-éar
    22] Iosa Chríosd mo chean lé mbia
    23] saoirse naomh go dearbh na dúile
    24] ní saor do dhealbh dúinne acht Dhia.
  8. 25] Do chruthuigh ainmhidhe ainn-séin
    26] do orduigh dhóibh ní dealbh ghann
    27] do dhealbh gach ní i dtruaill na talmhan
    28] 's ní fhuair an Rí a n-adhbhar ann.
  9. 29] Do chruthuigh Dia diadha an obair
    30] Éabha is Adhamh ór fhás ibh
    31] ag sin a bhreath go dearbh dhaoibh-se
    32] níor dhealbh neach saoirse mar sin.
  10. 33] Is é do chruthuigh clann Adhaimh
    34] Íosa Chríosd dá gcreidid siad
    35] gach dealbh ad chí is ad chluine
    36] an Rí do dhealbh uile iad.
  11. 37] Fásaidh cnuas tré chrannaibh feoighthe
    38] fásaidh grán tré ghort gan bhrígh
    39] Rí na ndúl an rí do roinne
    40] do ní úr don choille chrín.
  12. 41] Dealbhuigh clár oighridh re héan-uair
    42] ar aibhnibh ... long
    43] an cleas ad chí cia do fhéadfadh
    44] do ní Dia téachtadh na dtonn.
  13. 45] Do ní fuacht i n-aimsir theasbhaigh
    46] is teasbhaigh an tann nach díor
    47] beathadh a shlóigh ó 'd chí ag claonadh
    48] do ní dhóibh saobhadh na síon.
  14. 49] Do bheir tuile ar dtráigh céadna
    50] don chuan fós gá fiorta as lia
    51] is é do ní tráigh don tuile
    52] ní fáidh ní rí duine ag Dia.
  15. 53] Cumhachta Dé do dhíon mh'anma
    54] aincidh mé ar adhbhaidh na bpian
    55] cuma acht go ria ar a iocht m'anam
    56] gá riocht i mbia an cholann chriadh.
  16. 57] Cungnamh le mh'anmain don Aird-rígh
    58] uchd do chor ar an gcroich ndeirg
    59] go ria mé is mé 'gá thogha
    60] le Dia is é an cara gan cheilg.
  17. 61] Mh'anam ar th'ionchaibh a Thríonóid
    62] tabhraidh féin freagra dom ráidh.
    63] mo chion glantar an tráth tiocfa
    64] sa bhráth sgagthar cionnta cáigh.
  18. 65] Déara aithrighe an fhir chionntaigh
    66] a chreideamh do Dhia ná cáin
    67] neartóchar síoth Dé do dhéanaimh
    68] fríoth é ar dhéaraibh do dháil.
  19. 69] Crodh críche tar ceann a anma
    70] ní fhóirfe neach do ní cion
    71] almsa don ór fuair go fallsa
    72] budh suail lógh na halmsa d'fhior.

  20. p.66

  21. 73] A mhaoidheamh ós aird 'gun altóir
    74] ionann tráth is teine i gcrios
    75] foghnamh do gheall is gníomh fallsa
    76] fearr síodh na halmsa gan fhios.
  22. 77] Gach duine ghabhas geis eagcóir
    78] dá anmain budh olc an bhéad
    79] sínfir olc ar gheis do ghabháil
    80] ní leis corp d'fhagháil re n-éag.
  23. 81] Téid cor seach an gcathraigh neamhdha
    82] gach neach dhíbh dá ndéanann geis
    83] is cam do chóidh cridhe an pheacthaigh
    84] ní slighe chóir leantair leis.
  24. 85] Gach duine bocht bhias go tuigseach
    86] tuillfidh ón Rígh rath bhus sia
    87] is bocht ré ré fear na faighdhe
    88] gidh eadh ní hé as daidhbhre ag Dia.
  25. 89] Ní thuigid cách cleasa an domhain
    90] gach duine ag dul i n-a rioth
    91] gidh torann mhór méid a loise
    92] téid mar chlódh na boise an bioth.
  26. 93] Cathughadh im cheann an domhain
    94] níor dhéanta dhóibh dia do bhéad
    95] an domhan i ndiaidh gach dhuine
    96] biaidh folamh uile iar n-éag.
  27. 97] A dtéid d'éag d'fhearaibh an talmhan
    98] 'n-a dtaisibh ná tabhraidh bríogh
    99] féaghadh a leacht lór do sheanmhóir
    100] gidh mór neart gach dheagh-shlóigh dhíobh.
  28. 101] Tiocfa riom gan riar an Aird-ríogh
    102] a aimsear budh olc an bhail
    103] síodh an Rí ad chíom ar n-a chneas-ghoin
    104] go dtí dhíom gan easbhaidh air.
  29. 105] A chéasadh ó 'dchíd sa teampull
    106] toirneamh dhó dleaghaid an slógh
    107] ón ló déachtair ar a dheallradh
    108] gan sléachtain dó is meadhradh mór.
  30. 109] Mairg nach creid crochadh an Aird-ríogh
    110] d'éis a chrochaidh creid go mair
    111] a-tá dhóibh cuid i n-a chrochadh
    112] na slóigh nach tuig othar air.
  31. 113] Mairg do tholl a throighthe málla
    114] mairg do chréachtnuigh a chneas bláith
    115] mairg ag nach fuil uime osnadh
    116] guin a bhruinne ag cosnamh cáich.
  32. 117] Éireochaidh fós fearg an Aird-ríogh
    118] gach abhann chiúin budh cuan mear
    119] re cách an tann tiocfa a thoirrse
    120] ní ham sgiobtha loingse ar lear.

  33. p.67

  34. 121] Ó 'd chím fa seach sluagh na cruinne
    122] ag cur an bheatha bun ós chionn
    123] créad fá n-adhruim d'ulc na cruinne
    124] dá bhfaghbhuinn lucht luinge liom.
  35. 125] Peaca marbhtha mharbhas m'anam,
    126] im aigneadh tall a-táid siad
    127] meisde sinn seaca fá n-eire
    128] cinn na bpeaca eile iad.
  36. 129] Seacht bpeaca pianta na hanma
    130] áireomhaidh mé mór a mbríogh
    131] mór a neart ní deacair dearmuid
    132] seacht bpeacaidh dhleaghmuid do dhíol.
  37. 133] Díobh i gcéadóir cion na drúise
    134] daoine re Dia deaghlaidhsí
    135] an drúis is teine fa talmhain
    136] cúis mheire don anmain í.
  38. 137] A dhó dhíobh an díomhas éagcóir
    138] is é féin féige na locht
    139] saor ar an diúmhas mé a Mhuire
    140] 's é sdiúras an uile olc.
  39. 141] Díobh an craos cuimhnidh a thréigean
    142] an treas cúis ar nach cóir bail
    143] tré chion an chraois i mbroid bheithear
    144] is baois doid gan t'fheitheamh air.
  40. 145] An ceathramhadh cion cion na sainte
    146] sí 'gar mealladh mór an sgéal
    147] ag sin ciall chaillte na hanma
    148] pian na sainte as damhna déar.
  41. 149] An cóigeadh cion cion an fhuatha
    150] iongaibh thú ar theagmháil n-a ghlas
    151] bheith 'mun bhfuath i gceann an Choimdhe
    152] luach as fhearr ní fhoighbhe as.
  42. 153] An seiseadh cion cion an fhormaid
    154] i n-aigneadh cáich id creach dhóibh
    155] an lucht ag a bhfoil formad folaigh
    156] ní adhrad soin conair gcóir.
  43. 157] Is é sin an seachtmhadh peacadh
    158] fa bpiantar thú ar dteacht i gcorp
    159] a dhuine ná déana leisge
    160] féagha a bhfuighe eisde d'olc.
  44. 161] Ag sin seacht n-easgcaraid mh'anma
    162] eagail liom a leath re a mbríogh
    163] is deacair síodh na seacht bpeacadh
    164] neart an Ríogh dá ndeagh-cur dhíom.
  45. 165] A dtreise a-tá 'gam mealladh
    166] an móir-sheisear as mhór neart
    167] ní tualaing mé ar druim an domhnáin
    168] cuing Dhé do chongmháil go ceart.
  46. 169] Cunnradh im neamh do ní meise
    170] 's é Mac Dé nach déanann cruas
    171] mo dhuan dá-san ní duan fhallsa
    172] budh sásadh buan damhsa an duas

  47. p.68

  48. 173] Uaisle Muire náid mná an domhain
    174] Dia 'n-a bruinn ní bláth gan chnuas
    175] táinig soin 'n-a clí is 'n-a cridhe
    176] an Rí do mhoigh nimhe a-nuas.
  49. 177] Ógh mar an bhfionn-Muire ndualaigh
    178] níor shill súil ní chuala cluas
    179] an rath go léir is dí as deise
    180] is í féin as treise thuas.

    Uasal.