Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Uasal céad-obair an Choimdheadh
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber , Hilary Lavelle
Funded by The HEA via the LDT Project and
School of History, University College Cork
2. Second draft with variants.
Extent of text: 2268 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2014) (2020) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402176
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.
Sources
Manuscript sources- Dublin, Trinity College Library, MS 1340 (H. 3. 19, The Tinnakill Duanaire); 16th c.; 17th century additions. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Dublin, Trinity College Library, MS 1337 (H. 3. 18), 17th century.
- Maynooth, B 9 a, written by Tadhg Ó Neachtain, 170817.
- Dublin, National Library of Ireland, G 140, written by M. Troy, R. Tipper and others, 1724
Literature- This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
- An English translation is available in Dá Dé, 128131.
The edition used in the digital edition- Lambert McKenna, Uasal céad-obair an Choimdheadh in Dán Dé, Ed. Lambert McKenna. , Dublin, The Educational Company of Ireland (1940) page 6468
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Quotation
Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.
Hyphenation
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.
Segmentation
div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Standard Values
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Date range: c.12001225.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
- (2020-01-06)
Beatrix Färber (ed.)
- Variant readings added in front matter.
- (2020-01-06)
Beatrix Färber (ed.)
- Variant readings added in front matter.
- (2014-11-26)
Beatrix Färber (ed.)
- File proofed (2); corrections integrated; file parsed and validated; SGML and HTML files created.
- (2014-11-24)
Beatrix Färber (ed.)
- Separate file for individual poem created; TEI header created.
- (2014-10-01)
Beatrix Färber (ed.)
- Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing.
- (2014-09-26)
Beatrix Färber (ed.)
- TEI header created. Encoding revised and updated.
- (2006)
Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine (ed.)
- File proof-read (1).
- (2006)
Data capture company (Text capture)
- Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied.
Corpus of Electronic Texts Edition: G402176
Uasal céad-obair an Choimdheadh: Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Variants
¶XXXI]
[TCD H. 3, 19 p. 21] 3c ch. nidiagh (?) 5a cumair (?) mb. 6d duine
10a feoighidh 12c breathu na sl 14c ach; a not in MS 15b cloich 21a
Téid (?) 16c dim (indistincc) 17c tsíth 23d clog 27a chéasa, chiadh d
meadr33b aireoch 34b deagla sí 36a cuimhne 41d n. a Rígh.
p.64
- 1] Uasal céad-obair an Choimdheadh
2] críochnughadh nimhe as nua sgiamh.
3] ceann na dtreabh treabh ar nar cinneadh
4] teagh as fhearr dá rinneadh riamh.
- 5] Teagh ann nach fuil fuacht ná íota
6] ná ocaras ná ól gann
7] do dhealbh Dia fa a thoil an teagh-sain
8] ní fhoil 's ní bhia easbhaidh ann.
- 9] Do shuidhigh Dia i gceann a chéile
10] na cathracha gan cheo ndiagh
11] is saor snoighe na seacht nimhe
12] seacht dtoighe as ghile ná an grian.
- 13] Obair mhór nar mhór don Dúileamh
14] do dhealbh talmhain mar tá an sdair
15] an bioth cé go réidh do roighne
16] is é féin as oidhre air.
- 17] Do cruthuigh le comhair mbráthar
18] an bioth cé agus cloich is crann
19] do dhealbh gan chairde is cleas doiligh
20] fairge im chneas gach oirir ann.
p.65
- 21] Do dhealbh grian is éasga is ai-éar
22] Iosa Chríosd mo chean lé mbia
23] saoirse naomh go dearbh na dúile
24] ní saor do dhealbh dúinne acht Dhia.
- 25] Do chruthuigh ainmhidhe ainn-séin
26] do orduigh dhóibh ní dealbh ghann
27] do dhealbh gach ní i dtruaill na talmhan
28] 's ní fhuair an Rí a n-adhbhar ann.
- 29] Do chruthuigh Dia diadha an obair
30] Éabha is Adhamh ór fhás ibh
31] ag sin a bhreath go dearbh dhaoibh-se
32] níor dhealbh neach saoirse mar sin.
- 33] Is é do chruthuigh clann Adhaimh
34] Íosa Chríosd dá gcreidid siad
35] gach dealbh ad chí is ad chluine
36] an Rí do dhealbh uile iad.
- 37] Fásaidh cnuas tré chrannaibh feoighthe
38] fásaidh grán tré ghort gan bhrígh
39] Rí na ndúl an rí do roinne
40] do ní úr don choille chrín.
- 41] Dealbhuigh clár oighridh re héan-uair
42] ar aibhnibh ... long
43] an cleas ad chí cia do fhéadfadh
44] do ní Dia téachtadh na dtonn.
- 45] Do ní fuacht i n-aimsir theasbhaigh
46] is teasbhaigh an tann nach díor
47] beathadh a shlóigh ó 'd chí ag claonadh
48] do ní dhóibh saobhadh na síon.
- 49] Do bheir tuile ar dtráigh céadna
50] don chuan fós gá fiorta as lia
51] is é do ní tráigh don tuile
52] ní fáidh ní rí duine ag Dia.
- 53] Cumhachta Dé do dhíon mh'anma
54] aincidh mé ar adhbhaidh na bpian
55] cuma acht go ria ar a iocht m'anam
56] gá riocht i mbia an cholann chriadh.
- 57] Cungnamh le mh'anmain don Aird-rígh
58] uchd do chor ar an gcroich ndeirg
59] go ria mé is mé 'gá thogha
60] le Dia is é an cara gan cheilg.
- 61] Mh'anam ar th'ionchaibh a Thríonóid
62] tabhraidh féin freagra dom ráidh.
63] mo chion glantar an tráth tiocfa
64] sa bhráth sgagthar cionnta cáigh.
- 65] Déara aithrighe an fhir chionntaigh
66] a chreideamh do Dhia ná cáin
67] neartóchar síoth Dé do dhéanaimh
68] fríoth é ar dhéaraibh do dháil.
- 69] Crodh críche tar ceann a anma
70] ní fhóirfe neach do ní cion
71] almsa don ór fuair go fallsa
72] budh suail lógh na halmsa d'fhior.
p.66
- 73] A mhaoidheamh ós aird 'gun altóir
74] ionann tráth is teine i gcrios
75] foghnamh do gheall is gníomh fallsa
76] fearr síodh na halmsa gan fhios.
- 77] Gach duine ghabhas geis eagcóir
78] dá anmain budh olc an bhéad
79] sínfir olc ar gheis do ghabháil
80] ní leis corp d'fhagháil re n-éag.
- 81] Téid cor seach an gcathraigh neamhdha
82] gach neach dhíbh dá ndéanann geis
83] is cam do chóidh cridhe an pheacthaigh
84] ní slighe chóir leantair leis.
- 85] Gach duine bocht bhias go tuigseach
86] tuillfidh ón Rígh rath bhus sia
87] is bocht ré ré fear na faighdhe
88] gidh eadh ní hé as daidhbhre ag Dia.
- 89] Ní thuigid cách cleasa an domhain
90] gach duine ag dul i n-a rioth
91] gidh torann mhór méid a loise
92] téid mar chlódh na boise an bioth.
- 93] Cathughadh im cheann an domhain
94] níor dhéanta dhóibh dia do bhéad
95] an domhan i ndiaidh gach dhuine
96] biaidh folamh uile iar n-éag.
- 97] A dtéid d'éag d'fhearaibh an talmhan
98] 'n-a dtaisibh ná tabhraidh bríogh
99] féaghadh a leacht lór do sheanmhóir
100] gidh mór neart gach dheagh-shlóigh dhíobh.
- 101] Tiocfa riom gan riar an Aird-ríogh
102] a aimsear budh olc an bhail
103] síodh an Rí ad chíom ar n-a chneas-ghoin
104] go dtí dhíom gan easbhaidh air.
- 105] A chéasadh ó 'dchíd sa teampull
106] toirneamh dhó dleaghaid an slógh
107] ón ló déachtair ar a dheallradh
108] gan sléachtain dó is meadhradh mór.
- 109] Mairg nach creid crochadh an Aird-ríogh
110] d'éis a chrochaidh creid go mair
111] a-tá dhóibh cuid i n-a chrochadh
112] na slóigh nach tuig othar air.
- 113] Mairg do tholl a throighthe málla
114] mairg do chréachtnuigh a chneas bláith
115] mairg ag nach fuil uime osnadh
116] guin a bhruinne ag cosnamh cáich.
- 117] Éireochaidh fós fearg an Aird-ríogh
118] gach abhann chiúin budh cuan mear
119] re cách an tann tiocfa a thoirrse
120] ní ham sgiobtha loingse ar lear.
p.67
- 121] Ó 'd chím fa seach sluagh na cruinne
122] ag cur an bheatha bun ós chionn
123] créad fá n-adhruim d'ulc na cruinne
124] dá bhfaghbhuinn lucht luinge liom.
- 125] Peaca marbhtha mharbhas m'anam,
126] im aigneadh tall a-táid siad
127] meisde sinn seaca fá n-eire
128] cinn na bpeaca eile iad.
- 129] Seacht bpeaca pianta na hanma
130] áireomhaidh mé mór a mbríogh
131] mór a neart ní deacair dearmuid
132] seacht bpeacaidh dhleaghmuid do dhíol.
- 133] Díobh i gcéadóir cion na drúise
134] daoine re Dia deaghlaidhsí
135] an drúis is teine fa talmhain
136] cúis mheire don anmain í.
- 137] A dhó dhíobh an díomhas éagcóir
138] is é féin féige na locht
139] saor ar an diúmhas mé a Mhuire
140] 's é sdiúras an uile olc.
- 141] Díobh an craos cuimhnidh a thréigean
142] an treas cúis ar nach cóir bail
143] tré chion an chraois i mbroid bheithear
144] is baois doid gan t'fheitheamh air.
- 145] An ceathramhadh cion cion na sainte
146] sí 'gar mealladh mór an sgéal
147] ag sin ciall chaillte na hanma
148] pian na sainte as damhna déar.
- 149] An cóigeadh cion cion an fhuatha
150] iongaibh thú ar theagmháil n-a ghlas
151] bheith 'mun bhfuath i gceann an Choimdhe
152] luach as fhearr ní fhoighbhe as.
- 153] An seiseadh cion cion an fhormaid
154] i n-aigneadh cáich id creach dhóibh
155] an lucht ag a bhfoil formad folaigh
156] ní adhrad soin conair gcóir.
- 157] Is é sin an seachtmhadh peacadh
158] fa bpiantar thú ar dteacht i gcorp
159] a dhuine ná déana leisge
160] féagha a bhfuighe eisde d'olc.
- 161] Ag sin seacht n-easgcaraid mh'anma
162] eagail liom a leath re a mbríogh
163] is deacair síodh na seacht bpeacadh
164] neart an Ríogh dá ndeagh-cur dhíom.
- 165] A dtreise a-tá 'gam mealladh
166] an móir-sheisear as mhór neart
167] ní tualaing mé ar druim an domhnáin
168] cuing Dhé do chongmháil go ceart.
- 169] Cunnradh im neamh do ní meise
170] 's é Mac Dé nach déanann cruas
171] mo dhuan dá-san ní duan fhallsa
172] budh sásadh buan damhsa an duas
p.68
- 173] Uaisle Muire náid mná an domhain
174] Dia 'n-a bruinn ní bláth gan chnuas
175] táinig soin 'n-a clí is 'n-a cridhe
176] an Rí do mhoigh nimhe a-nuas.
- 177] Ógh mar an bhfionn-Muire ndualaigh
178] níor shill súil ní chuala cluas
179] an rath go léir is dí as deise
180] is í féin as treise thuas. Uasal.