Corpus of Electronic Texts Edition
Aithrighe sunn duid a Dhé (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.61
- 1] Aithrighe sunn duid a Dhé
2] ar gach chuid dar chum mo chlí
3] an bhraith-shlighe do mhear mé
4] a Dhé is bean aithrighe í.
- 5] Mé ag loighe is mo chneas ar clúmh
6] agus treas oile le hól
7] ní heagail linn éag mon-uar
8] do bhréag ar mbuar inn 's ar n-ór.
- 9] Am falmhaire ag suidhe sunn
10] níom dagh-dhuine acht duine dall
11] ainm dagh-dhuine do rádh riom
12] nár liom 's gan fhalmhaire ann.
- 13] Mo chorp peacthach salach sunn
14] nochan falach dearcach donn
15] a-tá oirchinneach olc ann
16] an corp mall toirrchimeach trom.
- 17] Sinn ag gáire le guth mór
18] uch uch ní náire do niam
19] gidh glór bras do niam is nár
20] dream na lámh is na gcos gcriadh.
- 21] Do aoras mór ngiolla ngeal
22] do shódhdh a bhfionna is a bhfiodh
23] srian rem béal a Rí go rabh
24] géar rom ghabh ní gus a-niogh.
- 25] Tógbhaid na buinn leam do lár
26] an ceann fá dhruim mar as díor
27] créad fá gcoigealta an corp dúr
28] olc i n-úr coideachta chríon.
- 29] Tugadh sduagh thana as do thaobh
30] do thagha na sluagh go slán
31] do léigeadh sreabh dhonn dar ndíon
32] do líon neamh is do lom lár.
p.62
- 33] Déanam taisdeal ceall is cros
34] do bhaisdeadh ar gceann 's ar gcas
35] mairg an uair as calma an cneas
36] nach smuain leas an anma as.
- 37] Cuid mh'anma-sa is olc mon-uar
38] ar an gcorp gcalma-sa ad-chiam
39] mo chuid is cuid mh'anma ar-aon
40] do shluig an daol calma criadh.
- 41] An toirrcheas tarla gan oil
42] is oircheas a labhra libh
43] aimhriar níor ghabhais mud ghoin
44] do shanais ghloin Ghaibhrial ghil.
- 45] Suairc an sgeal-sa tarla is tír
46] do ghéan-sa a labhra rem liaigh
47] toirrcheas do bhí ag Muire mhóir
48] 'n-a hóigh roimhe dhí is 'n-a dhiaidh.
- 49] Foilleaeagán cumhra tú thíos
50] gidh cumhra nocha cnú fás
51] ní fhuil dá mac samhla suas
52] acht slat do chnuas abhla ór fhás.
- 53] Is tú do roighne an ráith móir
54] is a cloidhmhe táith re a taoibh
55] gréas soinnimh neamh agus neoil
56] le feadh meoir do choinnil chaoil.
- 57] An chnú fhionn do chí ar an gcoll
58] nocha liom í a mhionn na mionn
59] leat a Rí an chnú go n-a coll
60] is tú do dhonn í is do fhionn.
- 61] Barr na mbarr thú is tréan na dtréan
62] fann na bhfann thú is díon dar ndíon
63] is tú do ní cnú 'n-a craobh
64] Saor na saor thú is Rí na ríogh.
- 65] Mac óighe thú is ní mac mná
66] do róine tú brat is bú
67] ionnsa aithrighe dhaor dhó
68] laogh na bó tairthighe thú.
- 69] Rugais ocht léimeanna lúidh
70] géir-reanna tréd chorp do chím
71] do gheinealach garg an réim
72] ard an léim deireannach dhíbh.
- 73] Léim a nimh fa naomhdha an teach
74] is aobhdha do chin a chruth
75] léim i Muire réidh an rioth
76] léim san mbioth suidhe fan sruth.
- 77] Léim san gcroich do ba cuairt tinn
78] léim fan gcloich fa cuairt do chloinn
79] do loisg léim na huaighe inn
80] gidh cruaidhe linn céim an chroinn.
- 81] Rugais léim oile as an uaigh
82] gloine ioná gach léim do léim
83] maith maise th'anbhfhaise i n-úir
84] glaise it shúil cladh-chlaise id chéibh.
- 85] Léim i nIfearnn uch do bhroid
86] bith-shearbh do chruth is do chuid
87] fuarais gliaidh is tóir 'mun troid
88] gus an mbruid móir 'n-a dhiaidh dhuid.
- 89] Do chonnac dá choinnil naomh
90] go soinnimh ó niúl do niúl
91] éasga is a doras riom riamh
92] an ghrian fhionn sholas a shiúr.
p.63
- 93] Maith 'gun chuan 'ghá rádha riot
94] mar nar ghránna dá ghruadh bhrioc
95] ar shliocht an chuain ní bhí breac
96] nach reac a dhuain a Rí riot.
- 97] Do rinne an ghaoth dhuid a dán
98] mar do thuig an ghaoth do ghníomh
99] do las deit go gríobhdha an ghrian
100] is cliar meic ríoghna agus Ríogh.
- 101] Gidh beag an t-éan íochtair neid
102] do mhíon-traigh is tréan do thuig
103] nocha bhí clúmh trés an gcreig
104] nach creid a Rí na ndúl dhuid.
- 105] Creidim-se dhuid mar gach ndúil
106] agus druid dod chaoin rém chaoin
107] aghar cumhang molta mhóir
108] i n-ubhall óir chorcha chaoimh.
- 109] Ar an bpéin do fhuarais ann
110] ar an gcéim do chuadhais liom
111] a Fhir fuair croich tar mo cheann
112] go mbeam fa chloich chruaidh dod chionn.
- 113] Go roinnear mo chradh gan chaoi
114] ar n-a thoilleamh dhamh a Dhé
115] do dhligh duine ní da ní
116] don tí do bhir uile é.
- 117] Go dtreabham ar nimh na naomh
118] it fhearann a Fhir na ndúl
119] an magh is an crann nach críon
120] go rabh ar síol thall 'ghá thúr.
- 121] Is tú an beo do bhí fan gcloich
122] is tú an t-eo agus an Rí raith
123] is tú an chaor nach bí acht ar bhruith
124] a Rí shruith a laogh 's a fhlaith. Aithrighe.