Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Aithrighe sunn duid a Dhé
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber , Hilary Lavelle
Funded by The HEA via the LDT Project and
School of History, University College Cork
2. Second draft with variants.
Extent of text:
2150 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2014) (2020) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402174
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.
Sources
Manuscript sources- Dublin, Royal Irish Academy, MS 750 (alias C i 3); 16th century (?); p. 89. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 1 (alias 23 D 14) 17th century. Co. Offaly (?); p. 2324. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 2 14, dating uncertain. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
Literature- This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
- An English translation is available in Dá Dé, 126127.
The edition used in the digital edition- Lambert McKenna, Aithrighe sunn duid a Dhé in Dán Dé, Ed. Lambert McKenna. , Dublin, The Educational Company of Ireland (1940) page 6163
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Quotation
Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.
Hyphenation
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.
Segmentation
div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Standard Values
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Date range: c.12001225.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
- (2020-01-06)
Beatrix Färber (ed.)
- Variant readings added in front matter.
- (2020-01-06)
Beatrix Färber (ed.)
- Variant readings added in front matter.
- (2014-11-19)
Beatrix Färber (ed.)
- File proofed (2); SGML and HTML files created.
- (2014-11-19)
Beatrix Färber (ed.)
- Separate file for individual poem created; TEI header created.
- (2014-10-01)
Beatrix Färber (ed.)
- Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing.
- (2014-09-26)
Beatrix Färber (ed.)
- TEI header created. Encoding revised and updated.
- (2006)
Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine (ed.)
- File proof-read (1).
- (2006)
Data capture company (Text capture)
- Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied.
Corpus of Electronic Texts Edition: G402174
Aithrighe sunn duid a Dhé: Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Variants
¶XXIX]
[RIA 23 D 14 p. 23 (D); C i 3 p. 3 (C). Order of stanza in C is 15,
79, 11, 14, 16,15,18-23, 25-27, 2931, the others not found. D adcribes
to Donnchadh Mór; C has no ascription.] 1c br C 3a An f. C, am fh. D c
ainm fhailmaire C 4a peacach CD b fhalach CD, dh. dh C d toirrthimeach
C 5a g. san g. C b uch uch a náire C 6a aorasa mór D b sogh D 7a tagthar
b sa ceand sa druim C d a ur C an úir D 8a as da th. C c do leig s. C 9a
ch is ch. C d snach sm. D l. na hanma as C 11a gan fhail C b oirtheas C c
tain hriar C d do thais ghloin C 13a c. tú thíos CD 12a as tír CD b dhéansa
CD d abhla ar bhfás CD 14b gona cl. C. d re f. m. don ch. C 18a Tugais C
c a reim C d cheim d. hé C 2oa san chr. D, sa cr. C b ro ba cuairt find C
b léim not in C, dar cloind C 21a Tugais l. ele san u. C c tonfaise D,
thanfaisi C d gl. an tsúil c. ad ch. D 23b soindim C c rind riamh C d sa
ghrian C 24b dod ghruaidh mbrioc D d nach chreach D 25a Dorrind an
C d as rian meic D, is cliar in m. C 17a duid i ngach d. C b dr. do chaoin
DC c ag so an cumhang D, ag ar cumand C d a ubhall D ar nubhall C,
chaibh C 28b gcéin D 30b ar fearann C d tal g. thur C 31 c ar bruith D,
nach.. bruith not in C.
p.61
- 1] Aithrighe sunn duid a Dhé
2] ar gach chuid dar chum mo chlí
3] an bhraith-shlighe do mhear mé
4] a Dhé is bean aithrighe í.
- 5] Mé ag loighe is mo chneas ar clúmh
6] agus treas oile le hól
7] ní heagail linn éag mon-uar
8] do bhréag ar mbuar inn 's ar n-ór.
- 9] Am falmhaire ag suidhe sunn
10] níom dagh-dhuine acht duine dall
11] ainm dagh-dhuine do rádh riom
12] nár liom 's gan fhalmhaire ann.
- 13] Mo chorp peacthach salach sunn
14] nochan falach dearcach donn
15] a-tá oirchinneach olc ann
16] an corp mall toirrchimeach trom.
- 17] Sinn ag gáire le guth mór
18] uch uch ní náire do niam
19] gidh glór bras do niam is nár
20] dream na lámh is na gcos gcriadh.
- 21] Do aoras mór ngiolla ngeal
22] do shódhdh a bhfionna is a bhfiodh
23] srian rem béal a Rí go rabh
24] géar rom ghabh ní gus a-niogh.
- 25] Tógbhaid na buinn leam do lár
26] an ceann fá dhruim mar as díor
27] créad fá gcoigealta an corp dúr
28] olc i n-úr coideachta chríon.
- 29] Tugadh sduagh thana as do thaobh
30] do thagha na sluagh go slán
31] do léigeadh sreabh dhonn dar ndíon
32] do líon neamh is do lom lár.
p.62
- 33] Déanam taisdeal ceall is cros
34] do bhaisdeadh ar gceann 's ar gcas
35] mairg an uair as calma an cneas
36] nach smuain leas an anma as.
- 37] Cuid mh'anma-sa is olc mon-uar
38] ar an gcorp gcalma-sa ad-chiam
39] mo chuid is cuid mh'anma ar-aon
40] do shluig an daol calma criadh.
- 41] An toirrcheas tarla gan oil
42] is oircheas a labhra libh
43] aimhriar níor ghabhais mud ghoin
44] do shanais ghloin Ghaibhrial ghil.
- 45] Suairc an sgeal-sa tarla is tír
46] do ghéan-sa a labhra rem liaigh
47] toirrcheas do bhí ag Muire mhóir
48] 'n-a hóigh roimhe dhí is 'n-a dhiaidh.
- 49] Foilleaeagán cumhra tú thíos
50] gidh cumhra nocha cnú fás
51] ní fhuil dá mac samhla suas
52] acht slat do chnuas abhla ór fhás.
- 53] Is tú do roighne an ráith móir
54] is a cloidhmhe táith re a taoibh
55] gréas soinnimh neamh agus neoil
56] le feadh meoir do choinnil chaoil.
- 57] An chnú fhionn do chí ar an gcoll
58] nocha liom í a mhionn na mionn
59] leat a Rí an chnú go n-a coll
60] is tú do dhonn í is do fhionn.
- 61] Barr na mbarr thú is tréan na dtréan
62] fann na bhfann thú is díon dar ndíon
63] is tú do ní cnú 'n-a craobh
64] Saor na saor thú is Rí na ríogh.
- 65] Mac óighe thú is ní mac mná
66] do róine tú brat is bú
67] ionnsa aithrighe dhaor dhó
68] laogh na bó tairthighe thú.
- 69] Rugais ocht léimeanna lúidh
70] géir-reanna tréd chorp do chím
71] do gheinealach garg an réim
72] ard an léim deireannach dhíbh.
- 73] Léim a nimh fa naomhdha an teach
74] is aobhdha do chin a chruth
75] léim i Muire réidh an rioth
76] léim san mbioth suidhe fan sruth.
- 77] Léim san gcroich do ba cuairt tinn
78] léim fan gcloich fa cuairt do chloinn
79] do loisg léim na huaighe inn
80] gidh cruaidhe linn céim an chroinn.
- 81] Rugais léim oile as an uaigh
82] gloine ioná gach léim do léim
83] maith maise th'anbhfhaise i n-úir
84] glaise it shúil cladh-chlaise id chéibh.
- 85] Léim i nIfearnn uch do bhroid
86] bith-shearbh do chruth is do chuid
87] fuarais gliaidh is tóir 'mun troid
88] gus an mbruid móir 'n-a dhiaidh dhuid.
- 89] Do chonnac dá choinnil naomh
90] go soinnimh ó niúl do niúl
91] éasga is a doras riom riamh
92] an ghrian fhionn sholas a shiúr.
p.63
- 93] Maith 'gun chuan 'ghá rádha riot
94] mar nar ghránna dá ghruadh bhrioc
95] ar shliocht an chuain ní bhí breac
96] nach reac a dhuain a Rí riot.
- 97] Do rinne an ghaoth dhuid a dán
98] mar do thuig an ghaoth do ghníomh
99] do las deit go gríobhdha an ghrian
100] is cliar meic ríoghna agus Ríogh.
- 101] Gidh beag an t-éan íochtair neid
102] do mhíon-traigh is tréan do thuig
103] nocha bhí clúmh trés an gcreig
104] nach creid a Rí na ndúl dhuid.
- 105] Creidim-se dhuid mar gach ndúil
106] agus druid dod chaoin rém chaoin
107] aghar cumhang molta mhóir
108] i n-ubhall óir chorcha chaoimh.
- 109] Ar an bpéin do fhuarais ann
110] ar an gcéim do chuadhais liom
111] a Fhir fuair croich tar mo cheann
112] go mbeam fa chloich chruaidh dod chionn.
- 113] Go roinnear mo chradh gan chaoi
114] ar n-a thoilleamh dhamh a Dhé
115] do dhligh duine ní da ní
116] don tí do bhir uile é.
- 117] Go dtreabham ar nimh na naomh
118] it fhearann a Fhir na ndúl
119] an magh is an crann nach críon
120] go rabh ar síol thall 'ghá thúr.
- 121] Is tú an beo do bhí fan gcloich
122] is tú an t-eo agus an Rí raith
123] is tú an chaor nach bí acht ar bhruith
124] a Rí shruith a laogh 's a fhlaith. Aithrighe.