Corpus of Electronic Texts Edition
Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.56
- 1] Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé
2] go bhfeithear ar cheilg mo chlí
3] a searg go mothuighe mé
4] fearg Dé dá rothuile a Rí.
- 5] Fearg Dé do bhéara go buan
6] a éara is gan é dá dhíol
7] cóir ar gclí do dheargadh dhún
8] Rí na ndúl do treaghdadh thríom.
- 9] Crioth ar na néallaibh fa nimh
10] béaraidh an bioth as a fhail,
11] croch dhearg ré ghéag-ghualoinn ngil
12] do bhir fearg éadtuloing air.
- 13] 'San bhráth ar bhéalaibh na slógh
14] 'mun bhfáth ag féaghain mo ghníomh
15] gníomhradh ar gcolla is sinn slán
16] badh nár linn i rolla an Ríogh.
- 17] Badh trom dhamh ó dhíle an bhraith
18] ar Rí-ne do char fá chloich
19] níor chuir sionn sníomh is an mbreith
20] bheith an Ríogh dar gcionn i gcroich.
- 21] Fuil na slabhradh gcorcra ón chígh
22] ag adhnadh an ochta uainn
23] mairg ar a dtá a hoil i n-úir
24] goin nach dúin go lá an Luain.
- 25] Fá cheann ní céaltair a n-iocht
26] an dream do chréachtnuigh a chorp
27] dá mbeith sé ar séana 'gun lucht
28] a shéala ar ucht Dé ní docht.
- 29] Sneachta is reodh i nIfearn fhuar
30] bith-shearbh a cheol ní ceol naomh
31] deirg-theine a-noir is a-niar
32] moir dhian teintighe re a thaobh.
- 33] Crith-leagfair mo chroidhe ón chiort
34] min-pheacaidh oile rem ucht
35] droch-thonna óna deacair teacht
36] seacht bpeacaidh comhthroma im churp.
- 37] Dá lóchrann ar nach luigh smál
38] dá chróch-bharr thoir agus thiar
39] coinnle caithmhe Dé na ndúl
40] an ré úr gair-the is an ghrian.
- 41] Breith ar iúl go dtúirear thuas
42] is triúr an Dúileamh 's is dias
43] fás le gach lá do ní a nós
44] mar tá fós do bhí agus bhias.
- 45] Reacthair 'gun droing-se re Dia
46] ar reachtaibh ní coimse a clú
47] ag díon naomh munab ní as mhó
48] a haon 's a dó is a trí thú.
- 49] Tú ar nAthair tú ar gCoimdhe cáidh
50] tú ar n-oidhre i ngach fhachain díbh
51] is tú an tí ris nach dú dréim
52] tu féin an Rí ós gach rígh.
p.57
- 53] Gidh tréan thú ní chuinge acht ceart
54] mar fhuilnge do chrú réd chorp
55] bheith do chloinn Adhaimh ar th'iocht
56] níor bhoing sliocht an álaidh ort.
- 57] D'fhearann na cruinne is dá crodh
58] dar mbruinne go mbeanam sal
59] léig ar mhaithmhighe mé ar cheal
60] feadh na haithrighe a Dhé dhamh.
- 61] Gan mhearbhall gan fhíoch gan uaill
62] do shíoth go ndearnam fa dheoidh
63] i dtráth sguir a Dhé don dáil
64] go dtáir mé th' fhuil agus th' fheoil.
- 65] Fuil do sheang-bhonn sháidheas goimh
66] fuil do dhearnann dháileas neimh
67] lochta ar mo chridhe ní chuir
68] fuil th'ochta ag snighe 'mun sleigh.
- 69] Gan deachmhaidh gan almsa uaim
70] ní teagair ón chrann-sa an chígh
71] socht nocha bhia ar phláigh ná ar phéin
72] a cháin féin go ria don Rígh.
- 73] Gach brugh gach ro-mhagh gach rath
74] don domhan ag dul 'n-a rioth
75] teach Dé 'gá thréagadh ar theach
76] neach mé 'gam bréagadh don bhioth.
- 77] Do dhola i rígh-theach na ríogh
78] díthleach gach rogha acht a riar
79] ceannach an toighe is dleacht dún
80] múr as seacht ngloine ná grian.
- 81] Mairg nach ceannghann an teagh thuas
82] neamhghann an treabh ní treabh fhás
83] mairg ag a ndeachaidh sé síos
84] cíos Dé ó bheathaidh go bás.
- 85] Ar ndeachmhaidh-ne ó mhion go mór
86] ó chion go gceannchaim-ne ar gcúl
87] luach é ar an deachmhaidh do dhíol
88] do gheabhthair síodh Dé na ndúl.
- 89] Slad croinn na deachmhaidhe dhí
90] do bhoing mear-chraidhe ar gach mnaoi
91] tré néimh aon-chroinn aithne Dhé
92] ní bhraithfe mé i gcraobh-choill cnaoi.
- 93] Mairg láimh do ghrádhuigh an ngreim
94] mairg do cháidh fan gcánaigh dtruim
95] tig rér síol cumhracht an chroinn
96] do bhoing lubh-ghort an Ríogh ruinn.
- 97] Aithrighe chomhlán is caoi
98] gabhlán dar n-aithnei-ne é
99] sal nocha cheachraidh mo chlí
100] mádh glan í ó dheachmhaidh Dé.
p.58
- 101] Leanam naomhadh gacha naoimh
102] ón tsaoghal go mbearam buaidh
103] is bádhadh coire an dá chéim
104] croidhe réidh is crábhadh cruaidh.
- 105] Dia ghéabhas sinn is ar sliocht
106] Dia sgéaras inn ris gach n-olc
107] cóir breith a bhuidhe an dá bheart
108] ceart ag duine is bheith go bocht.
- 109] Do sguirfeadh sruth locha láin
110] do chuirfeadh clocha i gcruth óir
111] muir do ghéanadh don mhuigh mhín
112] 's do ghéanadh tír don mhuir mhóir.
- 113] Idir thráigh mín agus muir
114] idir thír nachar bháidh bail
115] a-tá an chruinne 'n-a ghlaic ghil
116] gan sbraic fhir uirre ná air.
- 117] Bheith ar forbhas is díoth dhún
118] gan a shíoth is tadhbhás truagh
119] íocfaidh sinn i síosa an Ríogh
120] gan síodh Íosa linn do luadh.
- 121] Aithrighe agus adhradh ceall
122] 's raith-nighe anman ón fhioll
123] madh glan an corp don taoibh thall
124] ball ar a chaoin níor locht liom.
- 125] Umhla go ndearnam fa dheoidh
126] ar mearbhall go dturna thrínn
127] neamh tré oirísle do fhuair
128] fear nar thuair roidhísle ón Rígh.
- 129] Gach fáth as a bhfuighbheam neamh
130] go bhfuilngeam seach cách a chion
131] síodh Dhé 'gá ceannach ar chrodh
132] ní dol d'eallach é ó fhior.
- 133] Do ghéan a guidhe trém ghaol
134] ní sgéar agus Muire mhór
135] mo dheala agus Rí na ríogh
136] ná tí dhíom cheana do chlódh.
- 137] Mé ó phurt ag taisdeal na dtonn
138] as a n-ucht ní haisdear liom
139] mo sdiúir tar buinne an bhean mhall
140] crann siúil mo luinge an Fear fionn.
- 141] Iosa Chríosd led thuirimh tú
142] ní díosg don bhuidhin lé mbia
143] a dtabhair do thuile bó
144] mó cabhair gach dhuine ó Dhia. Dia.