Corpus of Electronic Texts Edition
Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé (Author:	Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.51
- 1] Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé 
 2] dá creic ar talmhain go dtí
 3] is tocrádh mór marbhnadh Dé
 4] ní hé an brón gan adhbhur í.
- 5] A thruagha tabhraidh bhar n-óidh  
 6] re marbhnaidh as cuanna ad-chídh
 7] marbhnat Dé ní treabhadh tnúidh
 8] garmac dúinn é dleaghar dhínn.
- 9] Dleaghar dhínn marbhnadh truagh taoi  
 10] dá ghruadh gé ro marbhadh mé
 11] ní marbhnat gan achain í
 12] mo Rí is m'Athair dagh-Mhac Dé.
- 13] A lucht an talmhan is truagh 
 14]  bhar n-amhladh ar ucht bhar Ríogh
 15] ionnsa a dhaoine toll 'n-a thaobh
 16] laogh na bronn saoire is a síol.
- 17] Ionnsa treaghdadh a thaoibh ghil 
 18] ionnsa dhaoibh a dheargadh sein
 19] mór gcneadh ar Mac Moire a-muigh
 20] brat d'fhuil a chroidhe fá chneidh.
 p.52 
- 21] Ionnsa a throigh im thairnge bhfuar 
 22] ag a ghoin níor ghairbhe pian
 23] dearna an Choimdheadh im chló ngéar
 24] sgéal as mhó dá roinneadh riamh.
- 25] Dearg a throigh i dtarrla an seim 
 26] an doigh as damhna dom dhoirr.
 27] dearg a lámh as lámh nar thuill
 28] dealg tré n-a dhruim i gclár croinn.
- 29] Ro b'é a huan-orc Rí na ríogh 
 30] cuanort ar a thí fa truagh
 31] níor fhead a ionghuire an ógh
 32] 's níor thréad mór d'fhionn-Mhuire a huan.
- 33] Ionmhuin uan nar fhás ó mhnaoi  
 34] do bhás go truagh ar a thí
 35] aithbhidh an meabhail Mac Dé
 36] gion gur bhac Sé d' fhearaibh í.
- 37] Is me a-déaradh do ghuth ghaoth 
 38] re cruth nDé ar ndéanamh mo thráth
 39] gé aithne oirne gan fhíoch
 40] do dhíoth aithbhe a choimhghe ar chách.
- 41] Ceart do na daoinibh fa dú 
 42] a neart tar maoidhimh gidh mó
 43] fíoch 'ma dhíoth gá dluigh do Dhia
 44]  cia 'gá bhfuil fíoch fá dhíoth dhó.
- 45] Dámadh cóir ag agra fhiach 
 46] ré n-agra ní fóil an fáth
 47] muna loghtha Dia dá dhíoth
 48] ní bhia síoth a chrochtha ag cách.
- 49] Do reac Dia a chorp tar mo cheann 
 50] mun ba lia mh'olc is gach am
 51] Dia gé ro crochadh dom chionn
 52] dar liom ní bhia mh'othar ann.
- 53] Gá fios fós nach fuighbheam neamh 
 54] dá bhfuilngeam nós bhus nós glan
 55] ní shaoil mé m'obadh don fhior
 56] 's gan chion i gcogar Dé dhamh.
- 57] Saoilim ris maitheamh mh'olc uadh 
 58] madh ris caithear mo chorp criadh
 59] mo cholann dó gion gur díol
 60] síodh as mhó oram ní iarr.
- 61] Ná táirthear mh'anam féin faoi 
 62] nó go rabham do réir Dé
 63] ní ar mo Dhúileamh do ním ní
 64] dá dtí dom Rígh múineadh mé.
- 65] Sbéis i dtagadh is dall dúnn  
 66] a n-abar ann dámadh fíor
 67] cuma gan mo chradh go mór
 68] lór a thruma dhamh ré dhíol.
- 69] Ní bhí an saoghal acht fa seach 
 70] baoghal don chlí ris nach crioth
 71] téid mar théid sruthán i sruth
 72] uchán uch do bhréig an bioth.
- 73] Mo ghlór re Dia is treabhadh taoi 
 74] cia an slógh dar cneadhadh do chlí
 75] a phríomh-achain duid a Dhé
 76] ní thuig mé a fhíor-Athair í.
- 77] Tabhair a gnúis Dé ba dheacht 
 78] gidh clé an chúis laghaidh don lucht
 79] sluagh na sé n-aimsear ar th'iocht
 80] i riocht Dé do h-aimseadh th'ucht.
p.53
- 81] Cuanna ar n-a leadradh a lámh  
 82] freagradh ar nduana do dhíol
 83] cuanna ar n-a threaghdadh a thaobh
 84] ag cealgadh craobh uadha d'fhíon.
- 85] Fuighleam re Dia is fuigheall faoi 
 86] re Dia ad-chluineann is do-chí
 87] th'fhíon-fhuil mar dhlighim a Dhé
 88] íobhaidh mé go hinill í.
- 89] A Sbiorad Dé fa docht rún 
 90] ní hé do chorp an corp criadh
 91] corp Moire rod léig n-a lár
 92] mar théid tré chlár ngloine an ghrian.
- 93] A cholann Iosa fhuair gaoith 
 94] do chíos-sa ní ba suail síth
 95] an Dall is domhain rot sáith
 96] crann áith 'n-a chomhair fad chích.
- 97] Ní bhiadh féin i láimh dar linn  
 98] acht gomadh áil lé céibh gcaim.
 99] níor bhuidheach don umhla inn
 100] fuireach fa rinn dubh-gha an Daill.
- 101] Síol nEabha ag toibhéim tré thnúth 
 102] is fíor ceana is roiréidh ríoth
 103] cumas n-a láimh níor chreid cách
 104] an tráth ro leig dáibh a dhíoth.
- 105] Cách do dhíoth Dhé is dál nar dhú 
 106] 's é 'gá dhíoth a slán ros sia
 107] anam gach fhir 'n-a dhíoth dhó
 108] gá síoth as mhó ro dhligh Dia.
- 109] Doiligh liom-sa a leagadh leo 
 110] ní eadar gá ionnsa as mhó
 111] dámadh áil do Dhia dar Dia
 112] nach badh lia dháibh ioná dhó.
- 113] A chuirp Mheic Dhé is diúmhas tréan 
 114] do reic d'Iúdhas fa clé an chiall
 115] ní fhríoth ort is teannta truagh
 116] luagh fa mbudh feallta an corp criadh.
- 117] Céad-aoin ro mairneadh Mac Dé 
 118] ro ba slat chaill-gheal tré chnaoi
 119] gach neach dá n-éagcaoin díol Dé
 120] ná bíodh sé Céad-aoin gan chaoi.
- 121] Do hinnleadh dia Dard-aoin Cásg 
 122] an ... ag Dia nochar dhíosg
 123] gidh sochar ní saoibhe a thásg
 124] Aoine Chásg do crochadh Críosd.
- 125] Dia Domhnaigh a-dreacht go luath 
 126] ar dteacht a comhrair go cách
 127] ní heasbhaidh liom an Rí ríoth
 128] ar n-a shíoth i gcionn trí dtráth.
- 129] Mac don óigh bharr-ghloin go beacht 
 130] ó mharbhaibh do chóidh a chorp
 131] cneadha Dé is créachta 'n-a churp
 132] do lucht an éachta is é as olc.
p.54
- 133] Iosa Chríosd ceann na naomh nua 
 134] ar ar fheall gach aon dar lia
 135] lámh fá othar mádh áil leo
 136] is beo ar n-a chrochadh dháibh Dia.
- 137] Mairg do bhraith ar mbraine saor 
 138] mairg craidhe do chaith a luagh
 139] léim i gceann Dé is diúmhas tréan
 140] gearr do fhéagh sé Iúdhas uan.
- 141] Mairg do chogair Dia re ndul 
 142] mairg dar bh'obair cia nach can
 143] mo ghéanar dá dtairg a theagh
 144] mairg fear do ghéabhadh nach gabh.
- 145] Mairg croidhe ar ar taisgeadh tnúdh 
 146] mairg 'gar laisgeadh Moire mhór
 147] ionnsa saor-shlat gan a síol
 148] sníomh liom-sa th'Aon-mhac a ógh.
- 149] Mairg do chráidh deagh-mháthair Dé 
 150] mo dhearbhráthair cáir a chaoi
 151] mairg do airg fá hAon-mhac í
 152] mairg dá dtí an chraobhshlat gan chnaoi.
- 153] Mairg rér crochadh Dia fa dhéin 
 154] mairg dá ria othar an áigh
 155] mairg do sháith arm i n-a fheoil
 156] a sgeoil ghnáith is garbh do ghráin.
- 157] Ré dhéaraibh do róigh an Rí 
 158] méaraidh a ghlóir is a ghnaoi
 159] níor dhíomhaoin ualla im dhioth nDé
 160] síoth é mar do chuala a chaoi.
- 161] Truagh liom nach faca an bhFlaith mór 
 162] i dtaca a bhraith mar do bhíodh
 163] d'aicsin Dé is ní dom breith buan
 164] truagh gan mo bheith re ré an Ríogh.
- 165] Truagh gan mé is Dia gnúis ar gnúis  
 166] truagh a Dhia gan mé fá mhéis
 167] mairg do raghadh uadh ar áis
 168] truagh an pháis anadh dá éis.Éisdidh. 
- 169] Éisdidh re cuid Moire a mhná 
 170] cloig a thoighe is lia is as lia
 171] báigh dháibh ag moladh a mhná
 172] i dtá loghadh dháibh ó Dhia.
- 173] An bhean chamtha ós chionn a laoigh 
 174] is urchra liom gach ar luaidh
 175] táinig cridhe Dé ar a deoir
 176] inne gan treoir is é i n-uaigh.
- 177] Ón uair nochar fhéad ar áis 
 178] gan éag dá ghruaidh mar an ngéis
 179] ní ... ón tí téid gnúis
 180] gá chuin ... dá éis.
- 181] Díol an dá absdal déag dáibh 
 182] a gcasgradh créad fá budh cóir
 183] tuitim clí d'armaibh is d'ágh.
 184] is amhlaidh ro bhí i ndán dóibh.
p.55
- 185] ... mór a ngnaoi 
 186] gach sódh sa glantir is a gné
 187] ag cur ar creidil deirg dáibh
 188] ... gan fheirg fa dhíoth nDé.
- 189] Dícheannadh Póil pudhar libh 
 190] mar dhubhadh gach nóin do nimh
 191] crochadh Peadair ar ndíol nDé
 192] nach fíor gur cheadaigh sé sin.
- 193] Do marbhadh Maidhian d'arm uar 
 194] go garbh is go raidhian fa ríor
 195] torchair Pilip an fhis d'arm
 196] Brighid leis is garbh an gníomh.
- 197] Marbh Matha d'arm gidh buan beo 
 198] marbh Tatha gidh truagh an cua
 199] Tomás Ainnrias d' arm ar aon
 200] is marbh an daigh-dhias naomh nua.
- 201] Díol na nIacóbh d'armaibh áigh 
 202] gliadh-dógh lem anmain 's lem fheoil
 203] gan neach don dá dhuine dhéag
 204] ma seach uile d'éag acht Eóin.
- 205] Eoin Bruinne i mbeathaidh ro bhí 
 206] go ndeachaidh don chruinne ché
 207] áluinn séad na hóighe d'Eoin
 208] do róine éag do dheoin Dé.
- 209] Eoin Baisde ag Ioruath ar áis  
 210] m'ionuath a aisde dá éis
 211] tig do dheoin deamhain feall faoi
 212] bearair ceann Eóin dá mhnaoi ar méis.Eisdidh. 
- 213] Sdeaphan mór tré dhochar ndis 
 214] Pól dá chlochadh is níor cheis
 215] teaghlach Póil go monar mhór
 216] gan loghadh dhóibh níor lór leis.Eisdidh. 
- 217] Ionmhuin martradh ghlan go ngaois 
 218] an mhachradh i mar a sbéis
 219] 'n-a rathaigh ní bhiad fa bhrón
 220]  's iad 'ga n-Athair mór fá mhéis.Eisdidh. 
- 221] Míchéal maraidh sé is ní sísd 
 222] is é im aghaidh is rom éisd
 223] a rann ní dhíchéal im dhuain
 224] Míchéal thall ro bhuail an mbéisd.Eisdidh. 
- 225] Go ngabhadh sin inn re ais 
 226] i dtigh an Ching ar n-ar gceis
 227] ní fearr líon as lia 'n-a measg
 228] dom shíodh re Dia gidh leasg leis.Éisdidh.