Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

File Description

Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber , Hilary Lavelle

Funded by The HEA via the LDT Project and
School of History, University College Cork

2. Second draft with variants.

Extent of text: 2900 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

(2014) (2020)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402171

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Sources

    Manuscript sources
  1. Dublin, Royal Irish Academy, 1225 (alias D ii 1, alias Book of Uí Maine), fo. 59b; c. 1394. See R. A. S. Macalister (ed.), The Book of Uí Maine, otherwise called The Book of the O'Kelly's, with a descriptive introduction and indexes (Dublin 1942). Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
    Literature
  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 117–120.
    The edition used in the digital edition
  1. Lambert McKenna, Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé in Dán Dé, Ed. Lambert McKenna. , Dublin, The Educational Company of Ireland (1940) page 51–55

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial Declaration

Correction

Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization

The electronic text represents the edited text.

Quotation

Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation

Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation

div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard Values

Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation

Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Canonical References

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile Description

Created: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh Date range: c.1200–1225.

Use of language

Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G402171

Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé: Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Variants

¶XXVI]
[RIA D ii 1 p. 60] 1c marbhnaidh 3a marbh— 5b siein c. níor 6a
fhuar 7a Dearga a traigi a t. b doichi as 10d coine (n overlined) 11b n. da
re maeidem 12b fhoill d biadh 13c chroclhadh 14d is gan 15c gín gub d
17a s. adagodh is 18c a sruth 19b cein sl. da cneadhaigh 20d lagadh d da
haimseadh 21b da dil 22b adacluin is 25b caeím 26b r. righ 31a híndladh
32b in tect 35a illegible b cnaidhi (?) 37a cr. ar taisgeadh an t. 38c fa
heangin hí d nach cae in cr. 40a Re daibh (d overlined) 41b tacha, do frith.
c beith 43b lia sa lia d lobadh 45-47 MS very indistinct. 48a pudhair
49d Bhrighid 54a adis (?) d l. do nir 55b amar a 56d peist 57b ceis c as.


p.51

  1. 1] Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé
    2] dá creic ar talmhain go dtí
    3] is tocrádh mór marbhnadh Dé
    4] ní hé an brón gan adhbhur í.
  2. 5] A thruagha tabhraidh bhar n-óidh
    6] re marbhnaidh as cuanna ad-chídh
    7] marbhnat Dé ní treabhadh tnúidh
    8] garmac dúinn é dleaghar dhínn.
  3. 9] Dleaghar dhínn marbhnadh truagh taoi
    10] dá ghruadh gé ro marbhadh mé
    11] ní marbhnat gan achain í
    12] mo Rí is m'Athair dagh-Mhac Dé.
  4. 13] A lucht an talmhan is truagh
    14] bhar n-amhladh ar ucht bhar Ríogh
    15] ionnsa a dhaoine toll 'n-a thaobh
    16] laogh na bronn saoire is a síol.
  5. 17] Ionnsa treaghdadh a thaoibh ghil
    18] ionnsa dhaoibh a dheargadh sein
    19] mór gcneadh ar Mac Moire a-muigh
    20] brat d'fhuil a chroidhe fá chneidh.

    p.52

  6. 21] Ionnsa a throigh im thairnge bhfuar
    22] ag a ghoin níor ghairbhe pian
    23] dearna an Choimdheadh im chló ngéar
    24] sgéal as mhó dá roinneadh riamh.
  7. 25] Dearg a throigh i dtarrla an seim
    26] an doigh as damhna dom dhoirr.
    27] dearg a lámh as lámh nar thuill
    28] dealg tré n-a dhruim i gclár croinn.
  8. 29] Ro b'é a huan-orc Rí na ríogh
    30] cuanort ar a thí fa truagh
    31] níor fhead a ionghuire an ógh
    32] 's níor thréad mór d'fhionn-Mhuire a huan.
  9. 33] Ionmhuin uan nar fhás ó mhnaoi
    34] do bhás go truagh ar a thí
    35] aithbhidh an meabhail Mac Dé
    36] gion gur bhac Sé d' fhearaibh í.
  10. 37] Is me a-déaradh do ghuth ghaoth
    38] re cruth nDé ar ndéanamh mo thráth
    39] gé aithne oirne gan fhíoch
    40] do dhíoth aithbhe a choimhghe ar chách.
  11. 41] Ceart do na daoinibh fa dú
    42] a neart tar maoidhimh gidh mó
    43] fíoch 'ma dhíoth gá dluigh do Dhia
    44] cia 'gá bhfuil fíoch fá dhíoth dhó.
  12. 45] Dámadh cóir ag agra fhiach
    46] ré n-agra ní fóil an fáth
    47] muna loghtha Dia dá dhíoth
    48] ní bhia síoth a chrochtha ag cách.
  13. 49] Do reac Dia a chorp tar mo cheann
    50] mun ba lia mh'olc is gach am
    51] Dia gé ro crochadh dom chionn
    52] dar liom ní bhia mh'othar ann.
  14. 53] Gá fios fós nach fuighbheam neamh
    54] dá bhfuilngeam nós bhus nós glan
    55] ní shaoil mé m'obadh don fhior
    56] 's gan chion i gcogar Dé dhamh.
  15. 57] Saoilim ris maitheamh mh'olc uadh
    58] madh ris caithear mo chorp criadh
    59] mo cholann dó gion gur díol
    60] síodh as mhó oram ní iarr.
  16. 61] Ná táirthear mh'anam féin faoi
    62] nó go rabham do réir Dé
    63] ní ar mo Dhúileamh do ním ní
    64] dá dtí dom Rígh múineadh mé.
  17. 65] Sbéis i dtagadh is dall dúnn
    66] a n-abar ann dámadh fíor
    67] cuma gan mo chradh go mór
    68] lór a thruma dhamh ré dhíol.
  18. 69] Ní bhí an saoghal acht fa seach
    70] baoghal don chlí ris nach crioth
    71] téid mar théid sruthán i sruth
    72] uchán uch do bhréig an bioth.
  19. 73] Mo ghlór re Dia is treabhadh taoi
    74] cia an slógh dar cneadhadh do chlí
    75] a phríomh-achain duid a Dhé
    76] ní thuig mé a fhíor-Athair í.
  20. 77] Tabhair a gnúis Dé ba dheacht
    78] gidh clé an chúis laghaidh don lucht
    79] sluagh na sé n-aimsear ar th'iocht
    80] i riocht Dé do h-aimseadh th'ucht.

  21. p.53

  22. 81] Cuanna ar n-a leadradh a lámh
    82] freagradh ar nduana do dhíol
    83] cuanna ar n-a threaghdadh a thaobh
    84] ag cealgadh craobh uadha d'fhíon.
  23. 85] Fuighleam re Dia is fuigheall faoi
    86] re Dia ad-chluineann is do-chí
    87] th'fhíon-fhuil mar dhlighim a Dhé
    88] íobhaidh mé go hinill í.
  24. 89] A Sbiorad Dé fa docht rún
    90] ní hé do chorp an corp criadh
    91] corp Moire rod léig n-a lár
    92] mar théid tré chlár ngloine an ghrian.
  25. 93] A cholann Iosa fhuair gaoith
    94] do chíos-sa ní ba suail síth
    95] an Dall is domhain rot sáith
    96] crann áith 'n-a chomhair fad chích.
  26. 97] Ní bhiadh féin i láimh dar linn
    98] acht gomadh áil lé céibh gcaim.
    99] níor bhuidheach don umhla inn
    100] fuireach fa rinn dubh-gha an Daill.
  27. 101] Síol nEabha ag toibhéim tré thnúth
    102] is fíor ceana is roiréidh ríoth
    103] cumas n-a láimh níor chreid cách
    104] an tráth ro leig dáibh a dhíoth.
  28. 105] Cách do dhíoth Dhé is dál nar dhú
    106] 's é 'gá dhíoth a slán ros sia
    107] anam gach fhir 'n-a dhíoth dhó
    108] gá síoth as mhó ro dhligh Dia.
  29. 109] Doiligh liom-sa a leagadh leo
    110] ní eadar gá ionnsa as mhó
    111] dámadh áil do Dhia dar Dia
    112] nach badh lia dháibh ioná dhó.
  30. 113] A chuirp Mheic Dhé is diúmhas tréan
    114] do reic d'Iúdhas fa clé an chiall
    115] ní fhríoth ort is teannta truagh
    116] luagh fa mbudh feallta an corp criadh.
  31. 117] Céad-aoin ro mairneadh Mac Dé
    118] ro ba slat chaill-gheal tré chnaoi
    119] gach neach dá n-éagcaoin díol Dé
    120] ná bíodh sé Céad-aoin gan chaoi.
  32. 121] Do hinnleadh dia Dard-aoin Cásg
    122] an ... ag Dia nochar dhíosg
    123] gidh sochar ní saoibhe a thásg
    124] Aoine Chásg do crochadh Críosd.
  33. 125] Dia Domhnaigh a-dreacht go luath
    126] ar dteacht a comhrair go cách
    127] ní heasbhaidh liom an Rí ríoth
    128] ar n-a shíoth i gcionn trí dtráth.
  34. 129] Mac don óigh bharr-ghloin go beacht
    130] ó mharbhaibh do chóidh a chorp
    131] cneadha Dé is créachta 'n-a churp
    132] do lucht an éachta is é as olc.

  35. p.54

  36. 133] Iosa Chríosd ceann na naomh nua
    134] ar ar fheall gach aon dar lia
    135] lámh fá othar mádh áil leo
    136] is beo ar n-a chrochadh dháibh Dia.
  37. 137] Mairg do bhraith ar mbraine saor
    138] mairg craidhe do chaith a luagh
    139] léim i gceann Dé is diúmhas tréan
    140] gearr do fhéagh sé Iúdhas uan.
  38. 141] Mairg do chogair Dia re ndul
    142] mairg dar bh'obair cia nach can
    143] mo ghéanar dá dtairg a theagh
    144] mairg fear do ghéabhadh nach gabh.
  39. 145] Mairg croidhe ar ar taisgeadh tnúdh
    146] mairg 'gar laisgeadh Moire mhór
    147] ionnsa saor-shlat gan a síol
    148] sníomh liom-sa th'Aon-mhac a ógh.
  40. 149] Mairg do chráidh deagh-mháthair Dé
    150] mo dhearbhráthair cáir a chaoi
    151] mairg do airg fá hAon-mhac í
    152] mairg dá dtí an chraobhshlat gan chnaoi.
  41. 153] Mairg rér crochadh Dia fa dhéin
    154] mairg dá ria othar an áigh
    155] mairg do sháith arm i n-a fheoil
    156] a sgeoil ghnáith is garbh do ghráin.
  42. 157] Ré dhéaraibh do róigh an Rí
    158] méaraidh a ghlóir is a ghnaoi
    159] níor dhíomhaoin ualla im dhioth nDé
    160] síoth é mar do chuala a chaoi.
  43. 161] Truagh liom nach faca an bhFlaith mór
    162] i dtaca a bhraith mar do bhíodh
    163] d'aicsin Dé is ní dom breith buan
    164] truagh gan mo bheith re ré an Ríogh.
  44. 165] Truagh gan mé is Dia gnúis ar gnúis
    166] truagh a Dhia gan mé fá mhéis
    167] mairg do raghadh uadh ar áis
    168] truagh an pháis anadh dá éis.

    Éisdidh.

  45. 169] Éisdidh re cuid Moire a mhná
    170] cloig a thoighe is lia is as lia
    171] báigh dháibh ag moladh a mhná
    172] i dtá loghadh dháibh ó Dhia.
  46. 173] An bhean chamtha ós chionn a laoigh
    174] is urchra liom gach ar luaidh
    175] táinig cridhe Dé ar a deoir
    176] inne gan treoir is é i n-uaigh.
  47. 177] Ón uair nochar fhéad ar áis
    178] gan éag dá ghruaidh mar an ngéis
    179] ní ... ón tí téid gnúis
    180] gá chuin ... dá éis.
  48. 181] Díol an dá absdal déag dáibh
    182] a gcasgradh créad budh cóir
    183] tuitim clí d'armaibh is d'ágh.
    184] is amhlaidh ro bhí i ndán dóibh.

  49. p.55

  50. 185] ... mór a ngnaoi
    186] gach sódh sa glantir is a gné
    187] ag cur ar creidil deirg dáibh
    188] ... gan fheirg fa dhíoth nDé.
  51. 189] Dícheannadh Póil pudhar libh
    190] mar dhubhadh gach nóin do nimh
    191] crochadh Peadair ar ndíol nDé
    192] nach fíor gur cheadaigh sé sin.
  52. 193] Do marbhadh Maidhian d'arm uar
    194] go garbh is go raidhian fa ríor
    195] torchair Pilip an fhis d'arm
    196] Brighid leis is garbh an gníomh.
  53. 197] Marbh Matha d'arm gidh buan beo
    198] marbh Tatha gidh truagh an cua
    199] Tomás Ainnrias d' arm ar aon
    200] is marbh an daigh-dhias naomh nua.
  54. 201] Díol na nIacóbh d'armaibh áigh
    202] gliadh-dógh lem anmain 's lem fheoil
    203] gan neach don dá dhuine dhéag
    204] ma seach uile d'éag acht Eóin.
  55. 205] Eoin Bruinne i mbeathaidh ro bhí
    206] go ndeachaidh don chruinne ché
    207] áluinn séad na hóighe d'Eoin
    208] do róine éag do dheoin Dé.
  56. 209] Eoin Baisde ag Ioruath ar áis
    210] m'ionuath a aisde dá éis
    211] tig do dheoin deamhain feall faoi
    212] bearair ceann Eóin dá mhnaoi ar méis.

    Eisdidh.

  57. 213] Sdeaphan mór tré dhochar ndis
    214] Pól dá chlochadh is níor cheis
    215] teaghlach Póil go monar mhór
    216] gan loghadh dhóibh níor lór leis.

    Eisdidh.

  58. 217] Ionmhuin martradh ghlan go ngaois
    218] an mhachradh i mar a sbéis
    219] 'n-a rathaigh ní bhiad fa bhrón
    220] 's iad 'ga n-Athair mór fá mhéis.

    Eisdidh.

  59. 221] Míchéal maraidh sé is ní sísd
    222] is é im aghaidh is rom éisd
    223] a rann ní dhíchéal im dhuain
    224] Míchéal thall ro bhuail an mbéisd.

    Eisdidh.

  60. 225] Go ngabhadh sin inn re ais
    226] i dtigh an Ching ar n-ar gceis
    227] ní fearr líon as lia 'n-a measg
    228] dom shíodh re Dia gidh leasg leis.

    Éisdidh.