Corpus of Electronic Texts Edition
Gabham deachmhaidh ar ndána (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.46

  1. 1] Gabham deachmhaidh ar ndána
    2] do Dhia mar as díongmhála
    3] mithigh dhó ar ngréas mar do gheibh
    4] béas ro badh mhó ná mithigh.
  2. 5] A-tú riamh is ní riacht uaim
    6] ag geall d' Íosa 'ma éan-duain
    7] nochan fhuil meall as mhó dhamh
    8] ná a gheall dhó is gan a dhéanamh.

  3. p.47

  4. 9] Sinne ag déanamh ar ndána
    10] do chách do chionn éadála
    11] an té do chéas tar ar gceann
    12] far ngréas is é nach áirmheam.
  5. 13] Tárras deigh-ealadhain de
    14] gidh olc bheirim a buidhe
    15] ní fhidir mé an deagh-shlad damh
    16] dearmad an té dá dtárradh.
  6. 17] Córai-de dhamh is dearbh leam
    18] friochnamh re Dia fa ndligheann
    19] gidh suail ó a-né gus a-niogh
    20] as an ré do chuaidh cúiteamh.
  7. 21] D' Íosa nochan fhoráil uann
    22] feasda deachmhadh ar ndeagh-dhuan
    23] deachmhaidh ar leith do luagh croidh
    24] nó duan as na deich nduanaibh.
  8. 25] Tabhram a thruagha a ndligh dhínn
    26] gan imreasain don Áird-rígh
    27] cíos mar do gheabhthair don Ghall
    28] sgíos 'mun ndeachmhaidh ná déanam.
  9. 29] Do dhlighfeadh gach neach fa nimh
    30] d'éis a éadála d'áirimh
    31] an deachmhadh do Rígh na ríogh
    32] acht deachmhadh mír na mí-ghníomh.
  10. 33] Gion go dtí riomsa is mé a-muigh
    34] Dia do dhearmad fá dheachmhaidh
    35] na féich nach cuirim dhó dhíom
    36] do ló an fhuighill badh imshníomh.
  11. 37] Do bhiadh ag cách seanmhóir sonn
    38] dá mbeith a n-aire oram
    39] a-tá an bás re béal gach fhir
    40] mar shás re n-éan gan fhaicsin.
  12. 41] Olc freagarthar an robhadh
    42] gidh meinic a mhothoghadh
    43] an fear red thaobh mar théid as
    44] ní léig dá gach aon anas.
  13. 45] Mar sgarthar an t-aos aithnidh
    46] borba mhór nach mothaighthir
    47] 's iad a-rís ag teacht dá dtaigh
    48] ní beacht le dís a ndeaghail.
  14. 49] An fear éirgheas uaid a-mach
    50] ní fhaicfe beo ar n-a bhárach
    51] ceilt gach thaoibh leabhair fa lic
    52] do bhearair d'aoidh go haimhghlic.
  15. 53] Nior chuir sinn i sníomh go se
    54] th'éara-sa a ghnúis Mheic Mhuire
    55] lá an Luain budh hachlán th'éara
    56] athnár an uair aithmhéala.
  16. 57] Re hÍosa is adhbhar móide
    58] teacht tar tuar na Tríonóide
    59] ní leanta ní as sia ná sin
    60] do bhí Dia re n-a dhúilibh.
  17. 61] Ní shaoilim acht ag Dia a dhearbh
    62] má téid óinmhid i nIfearnn
    63] gá breath rug féin ar an bhfear
    64] dá nach tug céill nó creideamh.
  18. 65] Fuighlim d' Íosa amhlaidh so
    66] más eadh do b'áil le hIosa
    67] is cead liom-sa a Dhé mo dhul
    68] beag n-ionnsa é do eadar.
  19. 69] Guth ar bhuidhin bhíos gan neart
    70] ná tabhram tré n-ar dtreiseacht
    71] Mac Muire ní doilghe dhó
    72] luighe oirne ná orra.
  20. 73] An duine ad-chí a-niogh i niort
    74] ag so i márach é i n-ainriocht
    75] an sluagh mar a-droigh ag dul
    76] truagh gan acht soin an saoghal.
  21. 77] A dhaoinei-se nach deachaidh
    78] bídh feasda go fuireachair
    79] bhar dtocht ar cheal is cinnte
    80] gidh eadh is olc oirchillte.

  22. p.48

  23. 81] Do bhéar dhaoibh re ndul san mbeirn
    82] tuarasgbháil tighe Ifeirnn
    83] all bruach-dhubh roi-ghéar riasgach
    84] goibhéal uathmhar il-phiasdach.
  24. 85] Gach fraoch gach fiodhbhadh fhuil ann
    86] gach srath gach áth gach abhann
    87] gach faighthe ar a saltair sibh
    88] mar altain d'aithle a hoirnimh.
  25. 89] Do ghéabhtha ar bhar gcionn don chuairt
    90] eadarnaidh is í an-shuairc
    91] sluagh borb diabhlaidhe i nbhar ndáil
    92] ord iarnaidhe i ngach éan-láimh.
  26. 93] Éirghid daoibh a haird eile
    94] fir go dteangthaibh teinntighe
    95] mar eimhear is ord dá ghuin
    96] colg teineadh ar gach teangaidh.
  27. 97] A thruagha ní tháinig teidhm
    98] acht dul daoibh d'fhéachain Ifeirnn
    99] éitche a leabthach gráin a ngon
    100] gáir na bpeacthach dá bpianadh.
  28. 101] Gairbhe a leacaigh lór do phláigh
    102] teas agus fuacht a urláir
    103] troma a thairnighe nach te
    104] loma is gailbhighe a ghaoithe.
  29. 105] Éitche an teaghlaigh thig ón tsornn
    106] éitche an bheoil as bhéal d'Iofarnn
    107] eagail an craos dorcha dubh
    108] is aos comhtha 'gá chosnamh.
  30. 109] Inneosud 'n-a dheaghaidh dhaoibh
    110] sgéala an rígh-thighe im ro-laoidh
    111] ní sgeoil droch-ratha a ndearbhadh
    112] eoin cochlacha ag ceileabhradh.
  31. 113] Is ceol dá gceolaibh maithe
    114] oirfideadh na héanlaithe
    115] fosgadh gotha gach eoin fhinn
    116] mar sgotha ceoil a cuislinn.
  32. 117] Gá fios nach faicfe fear uaibh
    118] an gcathraigh neamhdha neamh-fhuair
    119] ionnmhas an talmhan truagh sin
    120] 's gan luagh na hadhbhadh d'fhaicsin.
  33. 121] Eadarnaidh d'ainglibh nimhe
    122] ar bhar gcionn do chífidhe
    123] dar libh is grian dá ghabhlaibh
    124] niamh gach fhir don eadarnaidh.
  34. 125] Do chífidhe an clár neamhdha
    126] as teaghdhais an Tighearna
    127] slógh san rathaigh go reabhach
    128] 'mun Athair mór muinntearach.
  35. 129] Gairid lá ag lucht an taighe
    130] gan chogadh gan chorraighe
    131] gan aon ag ceilg dá chéile
    132] gan taom d' fheirg ná d'aimhréidhe.
  36. 133] Gan lá bróin tré bheathaidh síor
    134] gan imreasain gan imshníomh
    135] gan ghalar gan tnúdh gan troid
    136] gan rún faladh nó formaid.
  37. 137] Gan orchra ar síodh nó ar sonas
    138] gan íotain gan ocaras
    139] gan mhonar gan ghníomh dar ghein
    140] acht moladh Ríogh an ríchidh.
  38. 141] Do bhéara an Rí mar roghain
    142] na cathracha ad-chualobhair
    143] ar rogha féin dúin budh dheacht
    144] do mhúin dúinn céill is cloisdeacht.

  39. p.49

  40. 145] Gé dearar gur logh Dia dhúinn
    146] is gomadh mionca ar míorúin
    147] loghadh na gcéad ndoibhéas damh
    148] créad fá dtoiréas dá dtugadh.
  41. 149] Eagail leam Dia fá ndéanaim
    150] fo ríor is olc aithfhéaghaim
    151] súil a ní féin ar gach fear
    152] béi ar an tí nach tibhreadh.
  42. 153] Mé ag siobhal ó aois meic mhaoith
    154] go bhfuilim i n-aois óglaoich
    155] sódh ar a dtaisdil mo throigh
    156] ba mór n-aisdir dom anmoin.
  43. 157] Tríocha bliadhan beag do phoinn
    158] thugas ceannas dom choluinn
    159] srian ris an gcolainn badh cóir
    160] 's a n-iarr orainn dá honóir.
  44. 161] Gá misde don cholainn chriadh
    162] an t-anam d'faghbháil ilphian
    163] léim let olc ní cóir a chuirp
    164] ní hort as dóigh a dhíoghuilt.
  45. 165] Mh'anam-sa i n-aghaidh mo chuirp
    166] ei-sean gan fhéachain d'iarmuirt
    167] ar gclí-ne ag crádh na hanma
    168] nár líne na lánamhna.
  46. 169] A thaoibh-se ar a dtá mo lámh
    170] gé taoi a-nocht go hóg iomshlán
    171] cinnte daoil ort dot ithe
    172] a thaoibh is olc th'áirithe.
  47. 173] Tabhradh Mac ar seathar sinn
    174] ar chionn éaga go hinill
    175] rath críche gion go ndligh dhamh
    176] ar na cíche ór ibh th'adhbhar.
  48. 177] Dlighidh an Coimdhe rom chum
    178] trócuire d' fhéachain oram
    179] 's é 'n-a dhearbhráthair 'n-a dhiaidh
    180] deagh-mháthair Dé 'n-a deirbhshiair.
  49. 181] Sirim ceannsa ar Mhac Mhuire
    182] cia ar nach tug a thrócuire
    183] ó raghar ar gcúl chuga
    184] laghadh dhúnn ar ndroch-ugo.

    Gabham.

  50. 185] Inghean Iaichim is Anna
    186] conair molta míorbhalla
    187] dá dtrian impidhe aice
    188] finn-tighe na fochraice.
  51. 189] Gabhaim greim maith do Mhuire
    190] meinic sionn dá síor-ghuidhe
    191] a cuid do dhuain Dé dlighidh
    192] do chuaidh mé 'n-a muinighin.
  52. 193] Gá foráil flaitheas nimhe
    194] d'fhagháil tré 'n-a himpidhe
    195] gan bheith fa ghlóir éarlaimh ann
    196] ón óigh ghléa-ghlain ná gabham.

    Gabh.

  53. 197] Aitchim an dá dheagh-fháidh dhéag
    198] fam thabhairt do Dhia ar deigh-shéad
    199] slóigh ar nach ceiseabh chuige
    200] dá sheisear do shochruide.
  54. 201] Im Aindrias im Eóin nglan-ógh
    202] im Philip im Pharthalón
    203] im Mhatha mór as mhór bhladh
    204] im Thatha im Phól im Pheadar.
  55. 205] Im Thomás im Mhaithias mór
    206] im Shean-Iacobh im Shiomón
    207] dá fhear déag nach seachain sinn
    208] rem beathaidh rem éag aitchim.
  56. 209] Guidhim an móir-sheisear mór
    210] fam thabhairt a Dhé ar dheagh-shódh
    211] lughai-de is omhan eisean
    212] ó moladh na móir-sheisear.
  57. 213] Im Mhíchéal mbláthmhar mbith-fhial
    214] im phríomh-fhlaith im Phanithial
    215] im Ruimhial ris nach sgar sgiamh
    216] im Uirial nglan im Ghaibhrial,

  58. p.50

  59. 217] Im Sairial seolta caingean
    218] im Raifial n-ard árchaingeal
    219] uaisle an tsamhaidh aingligh fhinn
    220] rem chaingnibh gabhaidh guidhim.
  60. 221] Guidhim ceathrar sgríobhtha sgéal
    222] im Lúcas liom go láin-tréan
    223] in Eóin im Mhatha im Mharc
    224] treoin na flatha dar bhfóbart.
  61. 225] An triúr fheadhbh im Mhartha móir
    226] 's im Mhuire máthair Iacóibh
    227] 's im Mhaire Magh-da-léana
    228] báidhe dhamh rom dhídéana.
  62. 229] Guidhim na hógha uile
    230] 'mun ríoghain im ro-Mhuire
    231] do shódh móideadh an Ríogh rinn
    232] an cóigear gríobh n-ógh aitchim.
  63. 233] Im Chaitir-fhíona as fhearr thig
    234] im Dheir-bhile is im Bhrighid
    235] cóig glan-chroinn ris nach gráin poing
    236] im Shamhthainn gcáidh im Chaoluinn.
  64. 237] Aitchim an dá dheagh-fháidh dhéag
    238] fam thabhairt do Dhia ar dheigh-shéad
    239] do gheabhthar ionn dá n-áireamh
    240] an ceathrar fionn fíor-fháidheadh.
  65. 241] Im Amos im Iosa hÉal
    242] im Isahias im Aiséar
    243] ceathrar glain-fhial i mbiadh báidh
    244] im Dhainial bhfial an bhfíor-fháidh.
  66. 245] Guidhim liom go dian díreach
    246] an chéad míle mairtíreach
    247] díon damh gan chionaidh gan chrádh
    248] im Ghrioghair nglan im Ghearmán.
  67. 249] Im Sdeafan im Laibhrint lonn
    250] im Chlement dar chóir tearmonn
    251] tréan i dtoigh Dé na deigh-fhir
    252] as a bhfoil mé ag muinighin.
  68. 253] Guidhim an sluagh mór manach
    254] im Bheinidheacht mbuanbhladhach
    255] gach manach bhus adhma orm
    256] do thabhach mh'anma a hIofarnn.
  69. 257] Guidhim Auguistin óghach
    258] go 'n-a chéadaibh canónach
    259] íocfa ar nduais-ne na deigh-fhir
    260] as uaisle is na himpidhibh.
  70. 261] Guidhim Martain réidh reabhach
    262] go 'n-a shluagh fhionn fhaoiseamhach.
    263] go ndeach mé san magh neamhdha
    264] más é tal mo Thighearna.
  71. 265] Guidhim Pádraig Puirt na reann
    266] im naomhaibh uaisle Éireann
    267] im Ghrinne rom ghonann grádh
    268] im Cholam Cille im Chiarán.
  72. 269] Im Arannán im Odhrán
    270] im Fhinnéan in Adhamhnán
    271] gach naomh dá ndéanam dán díbh
    272] im Bhréanann mbán im Bhaoithín.
  73. 273] Im Fhéichin Cunga im Chuimín
    274] im Sheannach im Shean-Chuimín
    275] beid go luinneach im láimh thall
    276] im Choinneach gcáidh im Chomhghall.

  74. p.51

  75. 277] Im Ó Suanaigh na salm ngrod
    278] im Ghiolla Aodha Easbog
    279] gach naomh gach naomh-óg dá gcluin
    280] im Mhaol Maodhóg Ó Monguir.
  76. 281] Im naomhaibh Éireann uile
    282] dom shíoth le Mac mór-Mhuire
    283] im Bhéinne ngléa-ghlan nach gann
    284] im Éinne éarlamh Arann.
  77. 285] Gach ní as cumhain 's nach cumhain
    286] liom d'ainglibh is d'éarlamhaibh
    287] a roineart a ngníomh 's a ngreim
    288] dom dhíon ar oireacht Ifrinn.
  78. 289] Ní hiad naoimh an bheatha bhí
    290] thig díom d'áireamh acht éin-ní
    291] gach naomh dar naomhadh ar nimh
    292] dom shaoradh ar taom dtuisil.
  79. 293] Eoin Bruinne is im Eoin Baisde
    294] dom dheaghailt re díochaisge
    295] eoin oile Pól is Peadar
    296] Muire ógh dom fhoircheadal.
  80. 297] Rob sgiath dídin an duan-sa
    298] do mharbhaibh na mór-shluagh-sa.
    299] dom aos aithnidh don fheadhain
    300] dar n-aithribh dar n-oideadhaibh.
  81. 301] Guidhim fós an bhFáidh bhéaras
    302] neamh dá gach neach mheibhréabhas
    303] go rod beara ar neamh a-nonn
    304] gach fear dá ngeabha a ngabham.

    Gabham.