Corpus of Electronic Texts Edition
A-tá an saoghal ag seanmhóir (Author: Cormac Ruadh Ó hUiginn)
p.40
- {YBL col 210}1] A-tá an saoghal ag seanmhóir
2] ní fhuil ann acht íseal-ghlóir
3] dá ngabham is an ghné chóir
4] ní anann sé acht ag seanmhóir.
- 5] An saoghal is síol Eabha
6] seanmhóir uile a n-airdheana
7] díne don chruinne ag a cur
8] líne uirre i n-a n-ionadh.
- 9] Go dtí sinn sa slighidh chóir
10] ris an saoghal ag seanmhóir
11] ní duine do chuaidh tar ceart
12] uain acht an uile i n-éin-eacht.
- 13] Ó nach tug Íosa a fhios damh
14] an tráth fá dtiocfa ar saoghal
15] créad an fáth ar an bhfeithimh
16] is tráth don éag oirichil.
- 17] Déanadh Chríosd comhall an ghaoil
18] gé bheith duine go díomhaoin
19] dlighidh sé féaghuin dá fuil
20] d'éan-fhuil mé is a mháthair.
- 21] Sgath m'uaille níor fhulair dhamh
22] do leigean síos ré séanadh
23] ní san aois budh nóin do neach
24] budh chóir a bhaois ar biseach.
- 25] Bíoth an duine nach deachaidh
26] uime féin go fuireachair
27] ní idir mé gá méad lá
28] idir m'éag 's an t-é theasdá.
- 29] Ar iasacht is eadh do bhir
30] an domhan do na daoinibh
31] an bioth cé ní dúthaigh dháibh
32] acht sé fúthaibh ar formáil.
- 33] Glóir an bheatha bun ós cheann
34] 's an ghlóir ar nach fuil foircheann
35] gearr bhus lón loise an domhain
36] clódh na boise a baromhail.
- 37] Feirrde mé méad a áladh
38] dá bhféadaim-ne a bhfriothálamh
39] ní haon-alt do chuaidh gan chneidh
40] uainn do dhaonnacht an Dúilimh.
- 41] A-déar re hoighre an Athar
42] nach deach meise ar mearachadh
43] ná leig uile sinn re sruth
44] go gcuire inn it arthruch.
- 45] Ó thugais do chneas dá gcionn
46] do chách ná fagaibh fuigheall
47] an mheadh as lán dom lochtaibh
48] bean a clár dod chumhochtaibh.
p.41
- 49] Ród díreach ag gach duine
50] go teaghdhais na trócuire
51] gabhthar slighe tarrsna ód thigh
52] 'gan chridhe dhall-sa a Dhúilimh.
- 53] A-tá maor eile aige
54] díol a chíosa is córaide
55] an bráth bídh i n-a urraidh
56] ré sín cách do choronnaibh.
- 57] Cuireadh i gcathraigh nimhe
58] a-tá ag gach aon d'áirighe
59] ní buidhean chuire dod chloinn
60] acht cuireadh uile agoinn.
- 61] Measa an rogha rug meise
62] ar dtréigean do thighei-se
63] ní rángas é agus t'fhagháil
64] mé gan m'álghas d'iongabháil.
- 65] Ag tabhairt láimhe liom féin
66] a-tá meise dod mhí-réir
67] ná leig eadrainn agus inn
68] ní fhreagraim dheid mar dhlighim.
- 69] Tabhair dhamh a Dhé nimhe
70] cungnamh th'éarca d'aithrighe
71] cuididh im chionn dod chrochadh
72] cuidigh liom fá leasochadh.
- 73] Do dhéanamh carad dá chluinn
74] táinig Íosa ar cuaird chuguinn
75] go dtánaig a-nall do nimh
76] námhaid a chlann don Choimdhidh.
- 77] Gá tarbha an béal do bheith lais
78] 's an inntinn i 'n-a éagmhais
79] an tí as ionnraic mar budh eadh
80] ar tí a n-iomlait ós íseal.
- 81] Dom anmain ní fhuair meise
82] lámh thaisgeadha thairise
83] teacht don anam ar th'oineach
84] reacht a chalann chomhoidheach.
- 85] Lá rinn a haithle an osaidh
86] ag Íosa fan agra-sain
87] i nguin a bhos-san 's a bhonn
88] ní fhuil acht osadh agam.
- 89] Mairg a-tá 's a olc uile
90] ag taobhadh re trocuire
91] fear gan aithrighe is eadh ionn
92] ar mhaithmhighe i s eadh fheithiom.
- 93] Do mhúinfeadh Íosa iúl damh
94] cungnamh uaim féin dá bhfaghadh
95] mar bhias an Dúileamh réidh rinn
96] múineadh féin ó nach faicim.
- 97] Íosa Chríosd is 'n-ar gcomhair
98] do ní ar a fheirg arodhain
99] ar an míne do ní a-niogh
100] is í a ndíle bhus deireadh.
- 101] Liai-de duine ag dul ó chuing
102] feabhas Íosa fa urruim
103] meisde hé agus ar n-olcas
104] leisge Dé fa díoghaltas.
- 105] Comhrac éinfhir ní háil dí
106] 's an t-anam gan fhear páirte
107] do ní an domhan 's an corp cuil
108] comhal bhus olc dom anmuin.
- 109] Do sháraigh Eabha an aithne
110] a-táim-ne ar tí a sáraighthe
111] iarmhar a ceana aga cloinn
112] Eabha ar n-a riaghladh romhuinn.
- 113] A ghuin gémadh guasacht damh
114] do bheith oram gá hiomchar
115] do bhiadh réidh im bhior an bhuinn
116] mo chion féin acht nach folchuinn.
- 117] Mé im brághaid gan bheith i láimh
118] do dhíoth aíthreachais d' fhagháil
119] liom gion go gcuir an cridhe
120] n-a ghioll uil an aithrighe.
- 121] A chéasadh tar ceann a ghaoil
122] d' Íosa Chríosd nochar chumaoin
123] duit do chuaidh a chorp daonna
124] a thruaigh as olc iontaobha.
- 125] Lá ag Íosa ris an uile
126] dá fhios cia bhus ciontuighe
127] guais don tí nach tabhair lón
128] i n-aghaidh na dtrí dtionól.
p.42
- 129] Ní mó ná acfuinn gach fhir
130] do shirfeadh Dia ar na daoinibh
131] ní áil an Coimdhe dá chionn
132] 's do roighne dháibh a dhíchioll.
- 133] Gidh tearc a-tá dá fhine
134] re hiompódh a oirbhire
135] iomdha gabhlán as ar ghin
136] gur lomnán diomdha an Dúilimh.
- 137] I n-aisgidh gidh eadh ro b'áil
138] a ndearna Íosa d'fhagháil
139] do chuid dá othar ní fhuil
140] duid gan dochar 'n-a dheaghuidh.
- 141] Gion go gcuirid clann Eabha
142] fós re híoc a oidheadha
143] tiocfa lá bhus daoradh dhóibh
144] a-tá an saoghal ag seanmhóir.
- 145] Muna leige Mac Muire
146] meise i dteagh na trócuire
147] nár leige an bhan-ógh mé a-muigh
148] munab ra-mhór é d'iarruidh.
- 149] Mo chuid nochar chúitigh mé
150] don gha do chuaidh 'n-a chroidhe
151] go rabh ag guidhe fan nga
152] Muire dhamh ar a dalta.Atá